Poem in printable PDF format
Deacair dóigh as
daghurraidh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 22]
Niall Ó Ruanadha
.cc.
1 Deacair dóigh
as daghurraidh;
cér ghnáth dóigh
dhíobh do dhénaimh
tol ní fhuaras
d’anamhain
ó thuaidh gan
teacht dot fhéchain.
2 Dóigh oinigh
do-rinneamair
dhíot, a
chodhnaigh chláir Branach;
do shaoil mé acht
an chinneamhain,
sí dhúinn go
ttiubhradh taradh.
3 Níor dhiúltais
riamh romhainne
aoinneach
d’éigsibh Fhuinn Énna
go ttarla d’ádh
oruinne
sibh, a
Fhiachaidh, dom éra.
4 Dóigh a
daoinibh tásgmhara
mur taoi-se, a
mhic mhic Sheaáin,
go diúltadh mo
dhána-sa
minic riamh nár
mheath deaghdháigh.
5 Tar fhéile an
fhuinn Ultaigh-sin
acht do rodháigh
as t’eineach
créd fa
ttiocfainn chugaibh-si?
thall féin
do-ghébhainn m’eitioch.
6 Uait gan díol
mo dhána-sa
a Laighnibh d’éis
mo chuarta
dá ndeacha mé
lámhfholamh,
molfad an t-áth
mar fhuaras.
7 Guais, a
ghruaidh mur dhonnchorcair,
tar éis a
ndearnuis d’einioch
go mbiadh do chlú
a gcontabhairt -
a-nú fam dhán-sa
d’eitioch.
8 Dá ndeachadh sí
a romhoille,
do shaoil misi, a
dhreach nuaidhe,
nách raibhe
d’uain orainne
acht teacht ar
ceann mo dhuaise.
9 A ghnúis
ríoghdha raineartmhar,
dá gcuirtheá
druim rém dhíol-sa,
biaidh uair ort
’na aithriochus;
ní comhthrom bíd
na síona.
10 Tarla dhamh re
a innisin
sgél bheanus réd
dhreich nuaidhe;
leanfaidh mé don
tshlighe-sin?
do-chuaidh
Breicne lá go Cruachain.
11 Dob í toisg an
ardollaimh
ó chlainn Róigh
go rígh Connacht,
ad cheann-sa mar
thángamair,
teacht lé duain
milis mholta.
12 Gan díol mar
do-chuadhas-sa
uait, a bhranáin
Fhuinn Énna,
ó thriath an
chláir Chruachan-soin
do-chuaidh Bricne
fá éra.
13 Mar ráinig an
file-sin
ar ais go
hógbhaidh Eamhna,
teisd nárbh éidir
d’innisin
tug ar thriath
cóigidh Meadhbha.
14 Sgél é ararbh
inleanta,
airdrí Connacht,
cruth solus,
ar omhon a
imdheargtha
filltear ar ais
an t-ollamh.
15 Duas nách
fríoth a comhchosmhail
fuair Bricne do
luach cairde;
meadh chomhthrom
an bhronnaidh-sin
béraidh misi ó
mhac Saidhbhe.
16 Níor chleacht
an t-óg airmleabhar
diúltadh don
druing dá bhfoilim;
beag nách ionann
airdheana
do mhac Aodha
agus d’Oilill.
17 Fear gan obadh
énscoile,
rélta eóil
cloinne Cathaoir,
ní mór nách é ar
n-érai-ne
céim as mó ’nar
thuill tathaoir.
18 Lé héigsibh
gach aonoirir
cia fada
do-chuaidh t’ainm-si
t’úidh damh-sa
níor aontuighis
cémadh beag
iarruidh cairde. Decair