firstLine"; ?>

636. Deacair gan oirbheart ionnradh na huaisleac- $
Length: middling equiv. to 22 1/2 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to saint (BVM)
  3. imagery to describe patron
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of patron’s ancestry
  6. Puns
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (RIA540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Uilliam mac Uaithne
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh c. 1584-1659
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

Deacair gan oirbheart ionnradh na huaisleachta

[RIA 540 (C/iv/1), 166r]

Máolmuire Ó hUiginn cecinit

[Droighneach, Dán Díreach]


1 Deacair gan oirbhert iondradh na huaisleachta

a guaisbhrechtra d’ionnradh ni foirnert físmholta

fulang a háladh as beg nach bháisbherta

do ched a gnáisrechta ga gabhadh is grisghonta.

2 Gidh bé lérb áil an úair-si a hairmbearta [166v]

do dháigh daighlenta na húaisle gan míonlochta

do dhíon a ghrinnchor gé damhna doirbhdhecra

gan gabhla oirbherta da hiomchar ni híonmholta.

3 An chéd chuid da nós do dhíon a dhaghanma

sníom a haradhna ar tós da gach tigherna

da chor thrá ó dhoirbnert an deghumhla

la a leanamhna d’oirbhert bhus infhedhma.

4 Ni fuláir fós da céile coimhgheine

a fhéile gan oirbheire ar tós da thairrngire

ó fhulong an dúaigh-si re degh[th]oil gach do(i)rbhghoimhe

derbhtha[i]r a ccomnaidhe an úaisle tar ainmfhine.

5 Ni ghabhann grían [leg. gráin?] re dúilibh doigherdha

núinimh a ghoimfhedhma bud dáil deghanma

céim deaca(i)r a n-ágh da feramhla

lámh re nemhumhla d’feacadh a haradhna.

6 Uilliam mac Uaithne an úair-si as imnedháigh

is uaithne re hímdeaghuil don uaisle ar airrdheanuibh

díon á tedhmadh d’oirbhert ainmnighid[h]

ó fhoirneart aindligidh do dhearbhadh gach daighleabhair.

7 Flaith Cruacháin a fiuchadhr fuaráin-si

núachail á búanáigh-si a slightibhr a síondúaidh-si

suidhidh san bpurt fhionnghlan fhéráoil-si

re hiocht [leg. hucht?] gach endáoirsi d’ionnradh a fhíorúaisle.

8 Do-bheir cleachtadh iomchuir an anúaluigh

nach legthar le roluadhuil grionnchuir an ghlanfhéindigh

a theisd gan athchor go cían coimhshínídh

gur róidhírigh fa íath dathghlan daighEimhir.

9 Ni filleadh as dúal don teisd-sí o tromdhámhaib[h]

a[n] ceisd-si a ccomhdháluibh as dúadh ar dheghdháoinibh

derbhaidh mar s[o]in a heachtra ’s a hainríaghail

a toil d’ainmíanuibh shleachta senGhaoidhil.

10 Céim doiligh a-n[i]ú is neimhiongnadh

deighiondradh an oinigh riú ar na roshnadhmadh

fíorfuil Neill is Cholla ar ccoimhiondladh

gan réim roidhiomdhagh sonda re solabhradh

réim an da chrú re dicheal deghúrlamh

ni nemhfhonnmhur a-n(i)ú do-chiter a cho(i)mhadhnadh.

11 Fuilngidh Uilliam Ó Máol morMhúaide [167r]

gach táom clodhbhúaidhe le truimmhían trénbháidhe

is iomchraidh an úair-si gan f[h]oirnert áoinline

úaisle a cháoimhdhine d’oirbhert énlaimhe.

12 Fóirfuidh a-nú do lathair ar labhras[-s]a

fa chlú an anma-sa le fáthuibh foirmfhesa

’s bú[dh] díon ’s gach táobh re hucht n-ainbfesa

do lucht aighnesa ríomh a chráobh ccoimhnesa.

13 Ni frith sen ón úair fa hoiglenamh

an sdúaigh dhoidleabhar do geabh ré gégmholadh

a ttimcheal chóig ccríoch na ródbhruighen

’s ni fríoth ógbhuidhen ré á bhóid do bhrégnughadh.

14 Ua Eochaid[h] nar thais ar thréníathuibh

eochair gherfhiadhaig[h] gach glais go ngaoiríaghail

gég ronúa gan bhéim ó bheódhámhuibh

daghúa gleóghábhaidh Hí Néill Naoigiallaig[h].

15 Tesda áigh ni théid ré tnudhbhertuibh

on ngéig n-úrdercghloin gan gráin re gníomhdhocraibh

ar ndol ’s gach caithir da cheilt [leg. chleith?] ar sháoibhrechtoibh

cáoimhdhearcaidh fa leith do na flaithibh ’s dona fíorbhochtaibh

díon ar teidhm a réim a róghlea[cth?]oibh

céim le mórlegthar gach feidhm nach fiormholtair.

16 Fedh a bhruighne is da cheóluibh códalta

a fhuighle nach ogalta do beodhuigh a bhuigealta

bláth gan béim lér éirigh aigenta

féinigh ar fhaidechtra don chléir as cuidechta.

17 Láoch as orra le hainm da fhíoraithribh

pailm do síodhfoichnibh Colla chúaineithrigh

sreabh gheiles do gheibh os fhérfaithchibh

leighes gach énaithfir neimh ós núabheithribh.

18 An mac-sa Onóra ar n-eng abhachta

cenn dánachta glanágha á ghaoilshleachta

is mac Uaithne ar ndrithle dáonachta

crithre aobhacla is uaithne fa gach áoindeacra. Deacair...

19 Na dermuid misi á mhathair an Dúileamhoin [167v]

a sheisi buidhemhuil a ttrathaib[h] trénoinigh

bioth dar ttérna a Mhuire or mórfhoghoil

do ghuidhe óghamhail gach áonla ar h’áonoighir.

20 Ni hoirches gan cuimhne ar chlú Mairgréige

’s ar chrú na glanghéige gan duilghe daghmhóide

iomda ar sgéluibh toraidh na tirmghéige

d’foluibh finnGhréige do gléshnoidh garbhróide.

21 Mairgrég Clithfiort lér cabhradh ráonfholta

deighthecht a dáonachta mur adhnadh áoibhiolta

turnadh biodhbhadh gan barr ndánachta

ionnradh abhachta na nGall nGaoidhiolta

ar ngég thais ar ttreabh úracla

ar seadh gan dúrfolta re hais gach éindeacra. Deacair...