Poem in printable PDF format
Deacair suan ar
chneidh gcarad
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 36]
l Deacair suan ar
chneidh gcarad:
gar
d’airdheanaibh easgarad
an t-aos comtha
nach geabh gráin
re horchra
gcneadh a gcompáin.
2 Gidh bé uaibh
do fhéadfadh soin
codladh ar
chneadh a chomthaigh
d’aos chomtha ní
croidhe glan
gan orchra
ar-oile d’iomchar.
3 Aos comtha an
chumainn dearbhtha,
coitcheann cúis a
mbuaidheartha,
ionann orchra,
ionann ceas
ortha agus ionann
áineas.
4 Mar sin damhsa,
diochra an léan,
fat’ orchra a
inghean Uáitéar
neimh na cneidhe
rod chreimse
’na cneidh eile
ar m’intinnse.
5 Bith h’osnadh
do dhruim dheacra
ag clódh
chéadfadh mh’éisdeachta;
bíth do dheór, a
chnú chridhe,
ag deól chrú as
ar gcridhine.
6 Dá gcoisginn
cion mo thuirse
sunna dhíot dod
dhoghuilse,
ar ndoigh ní budh
dimbríogh linn,
ná a bhfoil
d’imshníomh ar mh’intinn.
7 Ní fhuil, tar a
n-abraim ribh,
do chumha mar
chúis t’imnidh;
adhbhal truime do
thuirse,
uille a hadhbhar
agaibhse.
8 Rugadh uaid,
dia do dhoghra,
do mhac, oighre
th’athardha,
do chosg bróin,
th’aondalta ar n-éag,
do ghlóir
shaoghalta, a Shinéad.
9 Oighre Sgrine
na sgoth nglas,
brath Dealbhna na
ndionn solas
glún uaislighthe
an fhine ó bhfuil,
cridhe an
ghuaisbheithre i ngalaibh.
10 Bláth ógán
Innse na bhFionn,
foithne Rois,
Risdeard Nuinnsionn,
draig
roighreanta, beithir borb,
feithimh
móirshleachta Marbhord.
11 Saor an sgoth
do sgar ruibhse,
ní hiongnadh
t’fháth doghuilse:
ba triall raith,
ba gaoth i ngal,
ba laoch, ba
flaith, ba feallsamh.
12 Níor
chlannaigh fa choim na neamh
ní nach fuair
fios a airrdhean,
re hais
gcearcaill na cruinne,
ná a seantruim
thais talmhaidhe.
13 Do thiomchuil,
turas bladhach,
ciorcla na gcorp
n-uachtarach,
an dá pholas
tuaidh is teas,
a bhforas fhuair
gan aincheas.
14 Gidh eadh trá,
dá dhoilghe dhuit.
má taoi ar an tí
ros tiodhluic,
a ndeaghaidh na
dtairtheadh tug,
dleaghair a
aithbhear orad.
15 Dia athar - ga
huaisle ceard?
dó féin do-rinne
Risdeard:
ní huaibhse rug
an nglaic ngloin,
is ní dait tug ó
thosoigh.
16 Dorus beathadh
bás an fhir,
ní cúis
imshníomha a oighidh:
cia an neach a
gcás budh cuirthe,
dá ndeach le bás
mbeannaighthe?
17 Glan budh-easd
th’aghaidh dtuirsigh,
tiormaigh do
ghruaidh ngrianluisnigh.
an doigh
do-chuaidh ad chridhe,
ad-roigh uaibh ar
mh’impidhe.