firstLine"; ?>

643. Dealbhfad do Chormaic mo cheidghres droig- $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xix
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse: Maire
  2. imagery to describe patron
  3. patron’s intellectual attainments
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. comparison of patron with own family
  6. patron’s feasts
  7. patron’s liberality to poets
  8. imagery for kingship
  9. Historical comparisons
  10. music
Poet Christian Names:
  1. Ruaidhri Og (RIA1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Airt
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1707
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

Dealbhfad do Chormac mo chéidghrés droighnighe


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 19]


Ruaidhrí Óg Ó hEachuidhéin .cc.


1 Dealbhfad do Chormac mo chéidghrés droighnighe,

Connmhac ar gcoimhdhine méidghlés ar muirnine,

ua na bhféinniodh do chách as ceinnbhile,

sgáth a dheirbhfhine an séimhfhear as suilbhire.


2 Do mhac Airt as dénta an droighneachsa,

an rélta choinnleachsa, an chairt chuimhneachsa;

urra re a tuigsi an tríath ainmneachsa,

mo sgíath mo dhaingneachsa ’s mo chuidsi don chuinnbheachsa.


3 Cormac Ó Néill ar n-aenurra d’áiridhe,

dá sháimhfhine féin is saerrulla an séimhidhe;

caidhe i dtréidhibh aoinfhear as eolaighe?

treoraidhe Gaoidheal i gcéimibh ar gcéiline.


4 Meinic ro shúr do shíor ’sgach ealadhain

leanamhain gnímh a ghlún geinealaigh;

eolaidh a séd don fhéin fhuineadhaigh

’s do fhréimh Muireadhaigh an ghég gheiliodhain.


5 M’annsa ’s mo chen cara ar n-ealadhna,

fear as fearamhla, ar dragha tighearna,

ar mbrat caomhna, ar gcraobh chomhardha,

ar maor togharma an t-aobhdha infheadhma.


6 Croinic na sean, stiúir gach staraidhe,

glanoighe iuil na dtreabh dtoghaidhe,

treisi na bhfann, sgaith ar sgoiline,

an roibhile raith, ar gcrann conaire.


7 Sás dar móradh, ar mana soimheanma,

ragha ar n-oileamhna, óradh ar n-ealadhna,

ar gcenn feadhna re hucht n-anfhoghla,

radhamhna meadhra da lucht leanamhna.


8 Urra lér bhfeithiomh as truime toirbhearta,

breithiomh as oirdhearca go n-uile n-umhlochta,

braon don ríoghfhuil, cosnamh ar gcaillbhearta,

ar bhfosghlan airmghreanta, ar líoluibh lubhghorta.


9 Fear le mbeirear búaidh gach aonbháire,

úaim gach gaolbháidhe i ngeimhiol órnaoidhe,

oighir Daghairt, cabhair as cíanbhúaine,

samhail d’Fhíalghuaire ag malairt mórmhaoine.


10 Fudhomhain oinigh nach dtraoth an tríathruire

do laoch Liathmhuine as oighir ar úrchroidhe;

sgís na n-aoidheadh, coinnmheadh an cheolchuire,

sgaoileadh eolchuire, loinnmher as lúthmhuire.


11 Cormac Ó Néill ar mbúaidh ’s ar mbaránda,

uaim gach gabhála an réidh roimhíolla,

ar mbun ar ndóigh ’s ar gcuirm chomhóla,

as muirn onóra da dháimh dhoidíola.


12 Meabhair is cuimhne ar nach bris i mbuandáloibh,

a fhuighle i bhfúaránaibh fis is móirfíadhuin;

caidhe do fhréimh aithnidh Fhíneóghuin

a aithghin d’fhíreolaidh ’s gach réim róidhíamhuir?


13 Caomhthach caduil is cuirp do Shídheamhain,

fíneamhain abaidh an ghuirt ghaoidhealaigh

a mhaca samhla theas ná tuaidheamhain

ní feas do shluaighfheadhuin Banbha braoinealaidh.


14 Turnamh a dtréanuilc, a gcóir ’s a gcaomhfhaire,

aodhaire slóigh ghléaghuirt Gháirighe;

flaith ar bhfeithmhe, mo chean ar gcéiline,

sgaith a fhréimhfhine, fer beirthe ar mbáirine.


15 Fear ler fonnmhar clíar do chothughadh,

grían ar rothuradh an donnghlan daithiodhan,

urra theann le a chóir do chruthughadh,

glóir nach guthumhal as fearr flaithionadh.


16 Codhnach Túama an té ros-caruimsi;

úadha ní anuimsi, as é ’ga bhfuilimsi;

mithidh tríall da dhúin gan doghuilsi,

an fíal thoghuimsi mo rún roighillsi.


17 Triallfad go toigh na Tealcha Móiresi

mur a bhfoil mo dóighsheisi dherbhtha fhíresi

do ghébh i dteagh na tolcha úainesi

mo chean, an Guairesi toghtha an tíresi.


18 Ionmhuin teagh go dtaitniomh da dtríalluimsi,

geal a níamhshoilsi an aitreabh aoílshlimsi;

fado ó do bhádhas san bhaile lúaidhimsi;

caidhe a thúairimsi an t-áras aoíbhinnsi?


19 Do ghébh sinn ar slios na tealchasa

fios gach senchusa is grinn gach glainchesa;

budh hiomdha ag lúadhoil um thegh na tolchosa,

sgorchosa greagh uabhair in ainchesa.


20 Do ghébhsa róm san ráth bhailbheasoigh

cách íar ngairmfheasaibh bha ól ag imreasain;

is iomdha slóigh fa mhuirn na meadhrasoin

is dealbhlasair cuirn óir san fhinnliossoin.


21 Budh iomdha ar cuireadh san tealaigh taobhúaine

buidhion aonuaire d’fheroibh is eólaoidhe;

iomdha, ga dtám, san tulaigh as fhíoráille

dámh is fíorfháidhe curaidh is ceóllaoidhe.


22 Budh hiomdha san lios i dtaoí ar dtríallaine

diadhaire is saoi go bhfios is fírfhile;

is meinic thrá ag ar suairc séimhidhe

cuairt is céilidhe mná is mílidhe.


23 Éigne Banna, maighre Meirbhline,

ar ndeirbhshlighe as aidhbhle, alla da shoirbhfhine,

ar gcosg doilghe, ar n-annsa, ar n-ionmhaine,

ar gcoimdhe, ar n-ionghoire an t-amsa ar oirbhire.


24 Gan bheith dar ndeilbh fa bhreith bhúanoide

meirbh ar bhfuaroige, feith a róloige;

gidh maith an urra an tí dha dtámoide,

dhí gan lánfhaide gan chuma as córaide.


25 Fríoth le Máire, mana deaghanma

an ghealamhra as áille, tagha tighearna,

caidhe ar aobhdha bean a baramhla

ar feadh Rabhanbha, an aobhdha as ineamhla?


26 Gaol na druinge dar dú Sídheamhuin

buinne da bhfíneamhuin, cnú da gclaoinfheadhoibh,

ua na n-iarladh ón tí tuaidheamhuin;

do shín ón tslúaighfheadhain an chiabhghlan chaoilleabhair.


27 Fairsing a clú bha an chaomhchlár Críomthainnsi

claochládh sníomhthoirsi anú don Niallchloinnsi

gaol na foirne nár bh’fhann mun fhéthloinnsi,

crann don réadhchoillsi ler dhoilghe diallchoimsi.