Poem in printable PDF format
Dealg athálaidh
othras Taidhg
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 79]
Eochaidh Ó
hEóghusa .cct.
1 Dealg athálaidh
othras Taidhg;
dar n-antráthaibh
tochta an tuilg;
créacht oile ar
fheolfhoghail ndeilg
loighe an deirg
bheoghonaigh bhuirb.
2 Ar n-eagla tar
éis gach chráidh
an té ro budh
teasgadh dhúin;
is sádhadh deilg
deoidh i ndeoidh
i n-áladh bheoil
dheirg nar dhúin.
3 Rugadh uain-ne
- anba an choill -
na huaisle fa
hannsa linn;
fuighleach áir
chathshlóigh Ó gCuinn
do bháidh i
dtuinn athbhróin inn.
4 An Aodhchlann
rer dheacar dréim
do heasgradh go
haonchrann siuil;
damhraidh as
daithe do-chuaidh
saithe sluaigh
bharrghlain Ó mBriúin.
5 Gan iarsma
leanfas a lorg
ar ealbha na
ngliadhchath ngarg
ní tearc
m’aithghin trá ro threaghd
dealg san
aithchneidh mar tá Tadhg.
6 Táinig d’othras
eidhre Briain
gan dochar eile
ar ar n-úidh
- ar dtreabhlaid
fa súgradh sáimh -
dúbladh cráidh
gur dhearlaig dhúinn.
7 Níor theinn go
heasgar an fhir;
níor theidhm achd
teasgadh mar sein,
beag más tinne an
tí ar a bhfuil;
níor doigh
linn-ne ní achd a neimh.
8 Ní rángas
deacar go a dháil,
go a theasgadh ní
tángas fúinn;
do b’í an
chreach-sain críoch ar leoin;
easbhaidh ’n-a
dheoidh ní díoth dhúinn.
9 Beo ar
n-aignidh, éanlaogh ar léis,
ar ngéagcraobh go
n-aibche fháis,
snáithe ar
saoghail, seadh ar gcruais,
ar nguais, ar
gcneadh bhaoghail bháis.
10 Ar meadhar, ar
macámh búidh,
ar mbradán
beathadh, ar mbrígh,
ar n-aon d’fhine,
iarsma ar n-áir,
dile ar ngráidh,
ar siansa sídh.
11 Iomdha cruth i
n-éagcruth uadh
is céadfadh dá
cur ar gcúl,
títhe greanta ar
mhíonbhun méar,
dearca fréamh
gcíordhubh dá gcrúdh.
12 Ní tearc
triathfhlaith gan chur gcrú
is fiallach nach
glac a ngó
’n-a los-sain
’n-a loighe a-tá
’s croidhe mná
’n-a chosair chró.
13 Ní cleachtar
corma ná ceol,
leantar don
orchra mon-uar
folcadh feadh
gciabhchorach gclaon
niamhthonach
taobh ngeal na ngruadh.
14 Iomdha ó
leathbhruach Léime an Chon
go hÉirne na
ngealchuan ngeal
beochroidhe ar
n-a ghoin ón ghal
goil ban is
eolchuire fhear.
15 Le dubhadh
eagla mon-uar
don chur-so ní
leagar lámh;
níor fheac sinn
le sealadh fúnn
ní bearar glún
linn do lár.
16 Ní dó uile is
eagal linn
a thuisle achd go
dteasgfa sinn,
buille ar mbuana,
béim ar gcroinn;
fa coill gan
fhréimh uadha inn.
17 Ní hé
caointear achd cách féin;
dá gach aoinneach
do b’fháth bróin;
do sheich sna
croidibh ro chráidh
gráin gach neith
badh doiligh dhóibh.
18 Ní hiongnadh
go gcaoinfeadh cách
fraoichneimh na
bhfionghal ’s na bhfuath,
fearg na síon,
catha na gcríoch,
fíoch na ríogh,
tacha na dtuath.
19 Gár mheisde
don mhac-sain Briain
a sgarad re a
mbeirtibh bróin
mar shompla
cobhartha cháigh;
nochttha dháibh
comhartha cóir.
20 Is iad
caointear ceann i gceann
gion go saoiltear
gan iad ann,
súgh talmhan,
tromthoirthe coll,
torchairthe tonn
marbhghlan mall.
21 ’N-a
othraisbheirt faghthar faill,
ná hadmhadh
othairchneidh dtruim;
sgiamh aithmhéile
ní háil linn
ar rinn áigh
caithfhréimhe Ó gCuinn.
22 Éirgheadh
sunna ar chomhair cháigh
i [gcosmhaile] a
chrotha féin;
sgaradh sé a
dhíchealtair ndúir
re a ghné mbúidh
síthshearcaigh séimh.
23 Ní hoircheas a
bheith - ní bhia -
mar sein san
troimcheas i dtá;
cuirthe do ghríbh
ghroighigh Chua
brígh nua sna
croidhibh do chná.
24 Gan dulann re
dathadh colg,
fulang gan amharc
na n-ard,
gan fhaghla, gan
iomramh sealg -
iongnadh an
cheard tharla ar Thadhg.
25 Ní sgíos
comhnuidhe do chleacht,
ní sníomh
tromthuirse, ní tocht,
oigheadh cnámhtha
cruaidhe cniocht
- gé thártha
riocht nuaidhe a-nocht.
26 Meince a
aghadh ar fhál reann
go dtrásd iná i
dtathamh throm
bas daithgheal le
ndeargthair lann
bann tre
cheardchaibh caithshleagh gcorr.
27 A chos chuinge
catha Ó mBriuin,
do luighe is
tacha dar dtreoir,
a chisde na
gcianbhann lúidh
nach brisde fúibh
fiarbharr feoir.
28 Táirtheabhar -
gá truaighe treas -
táithcheangal go
nuaidhe a-nos;
cúis tuirse mar
táithe i nglas
fa gnáithe i n-as
cuisne an chos.
29 Mac Máire ar
n-annsacht - liach linn -
Tadhgmhac Briain,
ar mbráighe ghill,
ar gclár tilte,
ar dtuir gan bhuing,
ar nguin buinn,
ar dticne tinn.
30 Ar ndá
Aoidh-ne an Eanaigh bhí
a n-imtheacht do
mhearaigh mé;
deacar meas
m’inshníomha ar aoi
rom chnaoi i
gceas dimbhríogha a Dhé. Dealg.