Poem in printable PDF format
Déan oram
trócaire, a Thríonnóid
[Williams, N. J.
A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts
Society 51, 1980), poem 19]
1 Déan oram
trócaire, a Thríonnóid
tug radharc i
rosg an doill;
féar tresan
gcreig, a Dhé is doilghe-
ná leigh mhé, a
Choimdhe, gan chloinn.
2 Cuire bláth tre
bharr an fheadha,
a Athair mhóir -
mairg nach tuig;
bláth tre bharr
na gcrannsa, a Choimdhe,
clann damhsa gár
dhoilghe dhuid?
3 Dair don
dearcain, déas don fhoichnín,
ní husa ná an
chlann ad-chiad,
fochan tana ag
teachta a gráinne;
fearta glana
áilne iad.
4 Bradán as gach
bailg don iuchraidh,
éan a huigh-ni
hinn nach tuig -
agus call tresan
gcnaoi, a Choimdhe,
clann dár mnaoi
gér dhoilghe dhuid?
5 Tugais dom
chealgadh cloinn álainn,
d’fhaigsin a
mbláith, beag an phoinn;
trócaire, a Dhé,
déana oirne,
féagha mé, a
Choimdhe, gan chloinn.
6 Láithreach
folamh ag fear fheadhma
gan éinghin
chloinne is creach mhór;
tabhair giodh
aonduine im ionadh,
a naomMuire
iodhan ógh.
7 Dream gan
iarmairt, giodh aos conáigh,
ní cluintear acht
an gcéin bhíd;
giodh caomh é
áilne gan sholadh
gráinne is é gan
toradh tríd.
8 Ní fhuil ann
mar ifearn bunaidh
acht bheith gan
chloinn - cia nach smuain?
líog lom idir
fádaibh fiadhghuirt
drong nach
fágaibh iarmuirt uaibh.
9 A Thríonnóid is
a Thrí Mhuire,
nár múchthar
láithreach mo lis;
neamh ré gach
n-itche is é toghtha,
a shé litre
fromhtha fis.
10 A
Dhúileamhain, déach ar mh’éigean,
a Fhir théachtas
tonna an chuain;
fóir, a Rí
thuileas is thráigheas,
an ni chuireas
mh’áineas uaim.
11 A Thríonnóid,
tara dom fhurtacht,
a Eo fis ar nach
fuil ball;
i dtoirchim ní
coimse, a Choimdhe,
soillse oimchinn
choinnle ar gclann.
12 Dias inn gan
aonduine cloinne
ag casaoid riot,
a Rí na naomh;
go dtí do chridhe
ar ar gcloinn-ne,
a Rí nimhe, is
oirne ar-aon.
13 Cuir im
láithreach, a Fhlaith nimhe,
neach dom chloinn
bhus cubhaidh ris,
a Chnú bheo ris
nár bhean críne,
a Threabh na n-eo
bhfíre fis.
14 Rugais, a
Choimsidh na cruinne,
mo chlann uaim is
iad ’na nús;
buaidh gcloinne
ar fhear do budh usa -
neamh do-roinne
tusa ar tús.
15 An talamh is
tú do chruthaigh
idir chloich
gcruaidh is chriaidh mbuig;
ní lugha a
fheidhm, ni mó a mhonar.
dheilbh na gcnó
ná an domhan duid.
16 Tú do chum
chriaidh is is d’uisge
Ádhamh gan lus,
gan linn táith;
Eabha as a
thaoibh réidh do-roighnis
Do bhéin, a
Shaoir choimhdheis cháich.
17 Tú tánaig fad
toircheas buadha
i mbroinn ríoghna
i ráith na ndíog;
ar phéin gur
fhóiris na huile
do-róinis féin
duine dhíod.
18 Tú do-rad dár
gcionn an cholann
i gcloich
nduaibhsigh - dáil gan cheilg;
tú do-chuaidh san
gcroich dár gcobhair,
fa chloich in
uaimh dhomhain deirg.
19 Tú do airg ar
n-éirghe is talmhain
teach ifrinn fa
huathmhar gné;
[leigheas do chrú
don fhuil easláin]
tú do shuidh ar
dheasláimh Dé.
20 Clár na
talmhan is tú loisgfeas
go mba
luaithreach gach leac bhláith;
a Shlat is mhó
cnú sa choille,
is tú do-ró i
gcoinne cháich.
21 Tú bhias isan
bheathaidh shuthain,
a Shaoir cháigh
ar nach fuil feidhm;
leathan do lion,
a mheic Mhuire;
gá briogh dheit
duine do dheilbh?
22 Tú san saor
gan saothar, gan obair,
a Fhir dhirgheas
gach dáil choim;
nír usa a mbreith
mar cheo choinnle
ná beith beo, a
Choimdhe, dár gcloinn.
23 Nochar usa an
oidhche dhorcha
dealaighthear
leat ’s an lá glan;
gár dhoilghe ioná
dall go súileach
clann, a Choimdhe
dúileach, dhamh?
24 Sneachta is
grian, a Íosa, in aonló
nír usa dhuit
ioná ar nduas;
falach na criadh
fúinn is fearta
gur shúidh grian
an sneachta suas.
25 A Rí an
ríghthigh, rugais mh’aonmhac;
nárbh oircheas
dhuit féachaidh féin:
do sháithis dealg
ar fhud mh’anma,
a Cheard tug
gabhla fan ngréin.
26 Dearchaoineadh
fa dhul a gcloinne
cúich do dhligh,
a Dhearc mar rós?
liom gé madh
maith an cor chuinghim,
más maith a ndol,
fuilngim fós.
27 Mo dhá itche,
a Airdrí nimhe,
neamh an chéidní
chuingheas mé;
madh áil lat is
lór a rádha:
mac i lógh mo
dhána, a Dhé.
28 Faghaidh damh,
a Mhuire mháthair,
mac ré ndul don
domhan ché;
im chrú nochar
fhuirigh aonarc,
a bhrú ar
dhuinigh daonnacht Dé.
29 Guidh leam
clann do bheith ’na mbeathaidh,
a Bhrighid ór
baisteadh mé;
ná léig t’fhear
dána fa dhímheas,
a bhean ghrádha
dhíleas Dé. Déan oram ┐c.