firstLine"; ?>

646. Deana coimhne a Chaisil Chuirc [*D’eis Burcach.. $
Length: long 42qq ( 25qq in RIA 3/7a
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult. (perh. 1598?)
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA626 (3/C/13) O’Curry transcr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631 (& add.?)
  3. RIA 3(23/L/17) S. O Murch. na Raithin. 1744-5
Motifs:
  1. internal dating (=1667 or 1598)
  2. envoi to wife, daughter of Tadhg & of Onora
  3. envoi to BVM (envoi to wife only in RIA 3)
  4. War with English
  5. English conquest of Ireland
  6. symptoms of law and order under just kg
  7. prophecies of ruler
  8. legal terminology (baranta)
  9. place-names as ornament
  10. historical allusions
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid Maol m. Dhonnchaidh m. Dhomhnaill
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh (Riabhach, d. 1602)
Apologue Subclasses:
  1. Judas Maccabeus’ war against Greeks
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Déana cuimhne, a Chaisil Chuirc

[O’Conor Don, 357a]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Déna coimhne a Chaisil Chuirc

tú as fiadh do f[h]réimh ríoghLuirc

a treabh ghairthe síodhghlan shen

fár líonmhar m(h)aicne Mhíledh.

2 A Chaisil na mbinneas mbog

tuig a[n] ní ailim orod

sgéla lé bfhúighbhe gach fer

déna cúimhne da ccreidther.

3 Ma tá éindermad ort féin

féch an ttiugfa is tú d’éinmhéin

ré hucht na tolcha a ttáoi-si

do lucht comtha is comháoisi.

4 Féch do chuimhne ré Clíaigh Mháil

’s ré Feimhin an chígh chollbháin

’s ré Binn Chláire na ccíach nglan

’s ré hÁine Chlíach a ccogar.

5 Féch a-rís da aithle sin

ré hEóghanacht chláir Chaisil

fios a n-eóil créd a ccuimhne

’na dheóigh fégh a bfhorfhuighle.

6 D’éis bur ccoimhne an cumhain lat

cred an treimsi a-táoi ar iomlat

idir Gallaibh ghuirt Bhanba

fa chlannuibh uilc allmharrdha.

7 Nó an cuimhnech thú a(r) lennán Luirc

gach fine fuil dot tabhairt

as-tech ód dhíles búdh-dhéin

a treabh na sídhes soilléir.

8 Cía na cédGhuill do tháthaigh

fad ráith ndaingin ndánsgathaig

a ccomhdha do dligheadh duit

ré cinedh Connla as Chormuic.

9 Gregaigh Fhód(h)la an aignidh mhir

leó do cuiredh chlann Éimhir

sreth churadh na ccomhdhál ndían

a hurlár Mumhan Macníadh.

10 Cuirid a-rís fa réim thnúidh

sliocht airmeach Uilliam Congúir

a ndíaigh gabhála [na] nGrég

baránta ós Clíaigh da choimhéd.

11 D’éis Bhurcach nac bfúair énoil [357b]

ré treimsi a-táid Buitléroigh

nár lamh trom cor ina ccenn

fan bfonn do togh an Táilghenn.

12 Ceithre chéd ceitre fichid

(i)s ocht mbliadna dég deighthilt (?)

a-táid na G(h)uill-si ghuirt Bríain

gan tuirrsi uilc um fhinnChlíaigh.

13 Ris an ré-sin druim ar druim

a-táid sliocht Oilioll Óluim

láimh re réir gasroide Gall

ag amhsoine d’féin echtrann.

14 Laimh ré dróibhelaibh daingne

a-táid sáoirsliocht senSáidhbhe

’s a mair d’úaislibh fuinn Banbha

ón druing dhúaibhsigh dhanardha.

15 Do bhí a ndán ina dhíaigh sin

go ttiocfadh aimsir éigin

tamhan chumhra ar Chloinn Chárthaigh

do bhuing umhla a hallmurrachaibh.

16 Dó tóigéabhtur Caisil Chuirc

dó dhingeabaidh [leg. -bhthar?] gach díoghuilt

do éireoch[th]ar re holc ccáigh

do reidheochaidh [leg. -thar?] gort Gabhráin.

17 Tusa an tamhan-so a bhas (bag) bog

a mic Donnchaidh Dhúin Árad

a chenn daighréidhe is decra

na glainfréimhe Gáoidhealta.

18 Tú dhaingneóchus Dún Máighe

is Dún síthe senChláire

ga dáoire lúagh a lot Gall

Caoile an Drúagh as Cnoc Grafann

19 Giallfaidh dhuit-si da druim soin

a Dhíarmaid Mháoil Mic Cárthaigh

róighne Gáoidheal guirt na bFionn

ag sráoinedh uilc na hÉirionn.

20 Ní bhía sonna ó sin a-mach

d’fuil na nGall-sa guirt Temhrach

lucht athfhoghla ar Chlíaigh na ar Cholt

a ndíaigh th’athorrdha d’furtacht.

21 Suidhfidh gach áon ’na áit féin

d’úaislibh Gáoidhiol ghuirt ríNeill

ar ccor aithne ar fhonn mBanbha

d’aithle na ndrong nDanardha.

22 Suidhfe féin a ccúirt Chaisil

d’éis deghronna an dúthchais-sin

a ttres port bráoininnsi Breagh

’s na Gaoidhil-si thort timcheal.

23 Cuirfe an leth-so Mhogha Móir

gan imresuin gan egcóir

gan fhaladh gan fhioch gan fheirg

gan díoth Dhanar gan dibfheirg.

24 Gan lot ríaghla gan rún cen

gan fheill gan éirghe shlighedh

fan n-oirior sídh ngéigmhín glan

a n-éntáoibhr do mhín Mumhan.

25 Gan fhúath éinfhir d’ar-oile

gan chogadh gan chorraighe

cuirter libh cách ré chéile

mar sin gan fháth n-aimhréide.

26 Mar so do chuir eacht eile

láoch óg go ccuing cceillighe

do ghlac fhéidhm lé bhfhúair úmhla

seilbh ar [an] úaim atharrdha.

27 Mac A-beius na mbreath ngáoth

óigre an fhuinn dhob é an t-ogláoch

gairm fhíorfhoghla do fháss [358a]

ríoghdhámhna dárbh ainm Iudás.

28 Cathair fhionn Íarusa-léim

seintír shen an óig aigmhéil

fairche rosbhog na cco(i)ll ccuir

le trom do gobhsad Grégaigh.

29 Do cuir síad ó eirr go heirr

an críoch réidh bfothraigh bfairseing

fuithibh féin lé forán slúagh

comhbáidh as a n-éir anbhúain.

30 A ccionn na rée-sin don rígh

Iúdás nar fhulaing fairbrígh

rug cíaidh d’ógbaidh an achaidh

fógraidh glíaidh ar Ghrégachuibh.

31 Fregraid cách a chéile dhí(o)bh

fa túar aithmhéile as eisí(o)dh

neimh a ngraifne ag ciorrbha chorp

d’aithle a ndiomda do dhúsocht.

32 Do sráoinedh dhóibh día do bhúa(i)dh

fóirne Grég ’na ndroing dheghshlúa(i)gh

láoich narbh áobhdha a n-ucht cosnaimh

lucht cáomhna na cathrach-soin.

33 Sealbh na cathrach mar do-chlos

(do) bheith ar láimh óigre A-be-uss

mar tháirnig leó cor na ccath

ag dol ó ghleó na nGréugach.

34 Iúdas mór rómac an ríogh

mar sin ar fhuacht ’s ar imshníomh

an eng bhreicmhín fa fáon fiodh

do sháor seintír a sinnsior.

35 Na Gregaigh na Goill-si a-bhus

armuid Máol óighre A-be-uss

[Line 35c absent in ms]

Caisil Chuirc an cathair-si.

36 Roinn letrom(ach) ar an ttir thoir

ar ttús mur tugsad Gregaigh

tugsad Goill a magh Mumhan

roinn nar an a n-ordughadh.

37 Mar do thogh Día da druim soin

Iúdás d’feithemh an égnaidh

toghtur beithir chláir Criomhthain

a ndáil fheithimh d’Éirionn(a)chaibh.

38 Iarusa-léim na ttreabh tte

mar do fhóir an t-óg eile

mar sin fhóirf(h)es íath Banbha

ó mhóirches fhían n-allmurdha.

39 In gach táobh a ngabhuid(h) Goill

do-dhéna mac mic Domhnaill

fa chlár lí[g]gheal Banba Bregh

díden f[h]ághla na n-oirer.

40 Drud ó íarthar fhóid Mhogha

mithidh do mac Donnchadha

an cathuighe ón Máigh mhir

ré machaire chláir Chaisil.

41 Ré horlár óigfer Mhuighe

’s re Clíaigh mhóir mic Iúguine

ó tá fál da dhénamh dhe

dénadh an cclár dho choimhghe. Déna...

42 Ar foltaibh do léigion linn

Muire ógh inghen Íathchim

fúair sí d’fhocal a hóigre

nach locadh sí ar síorchoimhghe.

The following additional complimentary quatrains are found in RIA 3, 7a, where the poem is acephalous, beginning with quatrain 11 above:

43 Ingen Taidhg gruaidh ghairthes

gnúis nár go neimh ndersgnai[gh]the

sduagh iongnáth gan caomhna ar chrodh

an fhionnbhláth aobhdha iodhan.

44 Meinn tromdha lé snaidhmthear sídh

géag chnuasuigh d’fíonfhuil áirdrígh

(m)bengán do chinedh Chonnla

leannán fhileadh bfoghlamdha.

45 Ar léirmhes lerg a haighthe

ní bhfuair fear a fíoraithne

ní as béim don bhinnghil mhálla

don fhéil d’inghin Anára.