Poem in printable PDF format
Déana mo
theagasg, a Thríonóid
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 70]
Muireadhach
Albanach Ó Dálaigh cct.
1 Déana mo
theagosg, a Thríonóid,
a Thighearna ar
dtighe óil,
ling ar mo
theangaidh, a Thríonóid,
beannuigh inn dod
mhíondóid mhóir.
1 (a) Sdiur mo
lámh, teaguisg mo throigheach,
teaguisg mo rosg
- ríoghdha an sgéal!
teaguisg mo
ghuth, gluais mo theangaidh,
sguch im chluais,
beannuigh mo bhéal.
1 (b) A Thríonóid
naomh, ar do naomhdhocht
neartuigh
m’ainmne - aobhdha an [duas];
ling agus coduil
im chridhe,
a chinn pobuil
nimhe a-nuas.
1 (c) Ag so [mo]
bhéal [bearrthach] líomhtha
loisgeas cách
choinngheas gach ní;
ag so an
teangaidh nach tearc labhra
beannuigh, a
shearc m’anma, í.
2 Ar do
Thríonóideacht, a Thríonóid,
tar dom leigheas,
labhair rum,
a-tá bile
dearcnach darach
cridhe peacthach
salach sunn.
3 Gidh olc mé
níor mhilleas daonna,
ní dhearnas
meirle, a Mhaic Dé,
mo lámh nochar
leadair duine;
freagair ar
ghrádh Muire mé.
4 Mása shliocht
fíre ar a bhfuilim
fothraicthear mé
- ní móid linn;
más ar bhréig
a-tám, a Thríonóid,
léig ar lár an
fhíorfhóid inn.
5 Ná léig an
anmainse i nIffearnn
i n-onóir Muire,
a Mhaic Dé;
léig dod mháthair
an bocht bráthar,
olc an bráthair
máthar mé.
6 Ní cóir cré ná
talamh thorum
achd tonn brátha
- beag an fhearg;
ní cóir ní eile
dom fhalach
a Rí achd teine
darach dearg.
7 Do dhealbhais
an taobhsa, a Thríonóid,
do thalmhain ’s
do theinidh bhí
duine do theinidh
’s do thalmhain
fuine deighfhir
amhlaidh í.
8 Uchán uch gidh
olc bhar gcreideamh,
a chlann Ádhaimh
an fhuilt chlaoin,
do tholl laogh
bhar seathar saoire,
leathar saor, a
dhaoine, dhaoibh.
9 Deoch don uisge
d’fhior dod mhuinntir,
a Mhaic Dé, ní
dúthracht linn;
is mór an grádh
dhuid ar dhuine
nach sluig an lár
uile inn.
10 A-tá colum
uichtgheal álainn
againn a-muigh -
móide ar ngnaoi;
a-tá uan fionn ag
ar bhfoghnamh,
duan liom do
lomradh gach laoi.
11 A-tá sgiath
chorcra gar gcoimhéad,
ní call uaine é
ní dair;
ionmhain liom an
sgiath nach sgoilteann
triath gan chionn
gan fhoirceann air.
12 A-tá
toirrcheas uasal álainn
is ionganta ’mar
iadh brú
éigne nach bí
earr ’n-a adhradh;
mo cheann, a Rí
an talmhan, tú.
13 Comhartha ort
seach gach n-aoinfhear
d’fhine Abrám -
aobhdha an fear -
aonshlat do bhí
d’fhine Abhrán
’n-a bile trí
ngabhlán ngeal.
14 Do dhealbh
Dúileamhan do dhúilibh
do dhealbh
óglaoch ionmhain linn
do dhealbh
chéasda sgiamh do sgiamhaibh
grian is éasga
d’fhiadhain inn.
15 Iodhan
thángaisse ar an dtalmhain
mar thig bláth
tar bruachaibh díog
mar thig
oighreadh re taobh tuile,
saor
do-roighneadh duine dhíod.
16 Ógh do
bhruinneadh is do bhaisdeadh,
bláith ro
ghabhais chugat corp,
glan rod
bruinneadh i mbroinn Moire
níor thoill
bruinneadh oile ort.
17 Tonn baisdidh
ar do bhois ngleannghloin
- gléaghlan
roimhe do rosg mall -
uisge ar do
chéibh uch rob iongnadh;
an sruth séimh ro
hionnladh ann.
18 Do bhí an t-ór
buidhe ar n-a bhruinneadh
i mbroinn Muire -
maith ro thoill -
ó thug ógh na
manach Muire
falach d’ór
bhuidhe ’n-a broinn.
19 A ghein ro bhí
tú i mbroinn Muire,
a Mhaic Dé nach
dearna olc,
a chinn na glóire
is na gloine,
níor mhill Moire
a hóighe ort.
20 Do chionn
peacthach meangach meabhlach
mór an gábhadh
guin do thaoibh;
is doiligh liom,
a Mheic Muire,
do chreic do
chionn duine dhaoir.
21 Tugaisse
aghaidh ar Ifearnn
d’fhios do
chloinne, a chúl na ród;
comhrag dá bhall
ríogh sa rathoigh
an chlann chríon
’s an t-athair óg.
22 Do bhí an
oidhcheisin ag ainglibh
aghaidh áluinn
fhabhra dhuibh;
ráinig go sluagh
[naomhach] nimhe
uan caorach gile
ar n-a ghuin.
23 [Tugsam
d’easbhaidh] aonmhac álainn
ort, a Dhé, do
dhealbh gach rígh;
seada an chos is
trom an trilis
corr an bhos do
dhlighis dínn.
24 Ag seo an
ghlacsa i ngoin do ghlaice,
a [ghein] Dé, mar
dleaghar díot;
toll it bhonn, a
bhéal mo chroidhe,
do-bhéar bonn
oile n-a íoc.
25 Ro ba criathar
toll gar dtearmonn
do thaobh
gléigeal do ghlac shoirbh;
gáire is do chorp
ar n-a chriathradh
gan náire a-nocht
iarrthar oirn.
26 Ag seo chugat
colann mheirligh,
a Mhaic Muire, go
mbé ar bail;
ag seo cimidh go
gceird nathrach
imir t’fheirg [.
. .] air.
27 [Seal] beag
romhainn sa ród chéadna,
a chos [thruagh
nar] thréig do bhú,
a chos [ro
seoltha] sa slighidh
eolcha a-nos go
dtibhir tú.
28 Tréigfead uile
fhir an [domhain]
ar an Dúileamh ro
dhealbh gréin;
roghearr leam
toradh an tíre
fearr ar ndomhan
fíre féin.
29 An greim
tárrtha dhíot ní dhísleoch
a Dhia, ní ní
do-ní ar gclú;
bíodh greim fir
’s a bheith ga bháthadh
[dod] dhreich
ghil [ó dtáthar] thú.
30 A dhealbh
aoinfhir a dhealbh deise,
[déine] orainne
breith mbuig;
a dhealbh na dtrí
n-aon a haonalt
go dtí taom dod
dhaonnacht duid.
31 Go ndearnar
aithrighe is fheadhbhdhacht
is oilithre gidh
olc mé;
go léigear
sileadh dom shúilibh
ag sireadh ar
nDúilimh dhé. Déana.