firstLine"; ?>

650. Deanadh go subhach Siol Adhamh $
Length: long 33qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
  2. TCD 1385(H.5.13)S.O Gabhagan c1700
  3. Mayn. M84 S. O Murchadha na R. 1738-
  4. RIA354 (23/A/8) S. Mac an tSaoir 1746
  5. RIA7(24/L/13)S.OMurch.na R et al.1738-
Prints:
  1. text DiD no. 17
Motifs:
  1. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  2. almsgiving
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA6)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Apologue Subclasses:
  1. Nativity of Christ
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Déanadh go subhach síol Ádhaimh!


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 17]


Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha .cct.


1 Déanadh go subhach síol Ádhaimh!

san oidhche a-réir rug ar siur

mac ler beanadh dhínn ar ndoirche,

leanabh cígh ó n-oighthe an t-iul.


2 Tógbhaim-ne an la-so lá Nodlag,

nuachlann Éabha ó mhór go mion,

ar gcroidhe suas le méid meanma

don ghéig go gcnuas neamhdha a-niogh.


3 Oircheas daoibh déanamh go subhach;

suairc an toradh tháinig dínn,

leanbh aobhdha do fhóir ar ndoghruing

ó óigh mhaordha mhongdhuinn mhín.


4 Inneosad daoibh madh áil éisdeacht

iomthús beirthe deighmhic Dé;

ní coiscéim ná léim tar líne

achd réim soisgéil fhíre é.


5 Do bhí an uair-sin - is é a thosach -

troimchíos Séasair ar sliochd fhíor

dá dhíol ag gach aon don uile;

ní saor do bhíodh duine dhíobh.


6 D’íoc an chíosa i gcathair Dáibhí

- diadha an turas - tháinig sí,

Muire ógh is í re n-iodhnaibh;

ógh do bhí gan iomdhaidh í.


7 Fuair Io-seph ar súr na cathrach

ar chionn oidhche dá hucht slim

áit i dtigh éandaimh is asail

don réadlain ghil fhasaidh fhinn.


8 Beiris Muire ar meadhón oidhche

d’éis a haisdir éanmhac Dé

gé do bhí uathadh fan aim-sin

uathadh ní nar fhaillsigh é.


9 Tug an damh [trá] tug an t-asal

aithne ar an rígh rugadh ann

[ó] chuaird bhúidh thaidhligh an tighe

ag ainglibh múir nimhe a-nall.


10 Tug an talamh, tug an t-ai-éar

aithne i n-éinfheachd ar Uan Dé;

tearc, gé do bhí i n-adhbhaidh fhalaimh,

ní ar talmhain nar adhair é.


11 Do fhoillsigh an réalta ríoghdha

do na ríoghaibh ón rann thoir

an chéim-se fa céim saortha

[...] céim naomhtha a-noir.


12 Lucht coimhéada cruidh na cathrach

do-chíd-sean [chuice] i gcruth neoil

an ainnear i n-uair a thuismhidh

sluaigh aingeal go gcuislibh ceoil.


13 Do bhí an néal-sain ’n-a néal sholuis

- níor shoillse gné iná a ghné sin -

oidhche neamhdhubh dhóibh go ndearna

dealramh an tslóigh neamhdha ó nimh.


14 Labhrais riu neach as an néal-sain

dar nocht an sgéal nar sgéal rúin;

ar chan a ghnúis neamhdha ó néallaibh

cúis meanma do dhéanamh dhúinn.


15 “Ná bíodh sgáth ná uamhan oraibh”

ar an t-aingeal d’aitheasg chaoin

“do-bhéar don labhradh dá leanaim

sgéal bhus adhbhar deaghfhuinn daoibh.


16 “Rugadh slánuightheoir sluaigh domhain

dhaoibh a-niodh mar naoidhin mbig

i gcathair Dái-bhíoth - dáil oircheas;

láinshíoth cháigh don toircheas thig.”


17 An mac rugadh do ráidh sei-sean

ós é Críosd ní cóir a chleith,

fear feithmhe gach aoin don uile

beirthe dhaoibh a bhuidhe a bhreith.


18 Canuid na haingil an uair-sin

aointiuin cheoil nach cuala cluas

samhail a bhfuinn sin ná a slighe

ag druing ó thigh nimhe a-nuas.


19 “Glóir do Dhia is dá dhiongnaibh arda”

do b’é labhra lucht an neoil

“síodh do lucht daghthaile an domhain”

lucht athlaimhe ar choraibh ceoil.


20 Mar sin do fhoillsigh an t-aingeal

ar uair a bheirthe breith Dé;

teacht don bhláth neamhdha mar naoidhin

fáth meanma gach aoinfhir é.


21 Adhbhar meanman an mac ruig-se

ó fhréimh Ádhaimh d’íoc ar gcion

gein sin do chothuigh an chruinne

gein shochair don uile fhior.


22 Táirtheamar do thaobh an toirchis

[a-tá ó rug ní ré as sia]

gnáthaidh aga ghairm a ghuidhe

bráthair mar ainm duine ar Dhia.


23 Táirtheamar don toircheas chéadna,

a chlann Ádhaimh - ard an cion -

rí dín is fear dar bhfine

’n-a rígh ar teagh nimhe a-niodh.


24 Táirtheamar do thaoibh an leinibh;

i ló a bheirthei-sean - báidh linn;

do leanbh mar é is obar chéillidh -

cogadh Dé do réidhigh rinn.


25 Táirtheamar fós - is fáth meanma -

don mhac chéadna ar gcrann ós fiodh;

an dún ór fosdadh ar bhfine

do hosgladh múr nimhe a-niodh.


26 Táirtheamar de do dhruim toirbhirt;

tugsad aingil - ard an bhríogh -

ar bhfás d’fhiodh chumhra na cruinne

umhla a-niodh do dhuine dhíonn.


27 Táirtheamar de i ndiaidh ar seachráin,

sliocht Éabha na n-ainchion dtrom;

do mhún dá gach aon dá fhine

an raon go múr nimhe a-nonn.


28 Gá dú, ní fhéadfainn a n-áireamh

iomad na dtoirbheart thug dúinn

an mac do [shás] ógh an uair-se

pór na ngrás do b’uaisle úir.


29 Má do-chíthei-se, a chlann Ádhaimh,

gurbh adhbhar meanma a maoidh mé

lúdh i ngach éantoigh rer n-aoighidh

déantair do rún aonfhir é.


30 I ló a bheirthe bíom go faoilidh,

féasda ’n-a ainm dealbhthar dhúinn,

bíodh gabháil uainn ris gach n-aoighidh

d’anáir dá ghruaidh fhaoilidh úir.


31 Canam molta don mhac oirrdhearc

éisdeam briathra beoil an ríogh;

oircheas dúnn mun am-sa uile

rún almsa ag gach duine dhíonn.


32 Ní craos ní huabhar ní himirt

ní huaill meanman mholaim libh;

beanaidh an chéill ’s fhearr as m’fhuighlibh

más dream go méin suilbhir sibh.


33 Caitheam san chruth-sa - cás molta -

maith dhiombuan an domhain ché

do shúil re hanáir nach athraigh

d’fhagháil dúinn i ndaghthaigh Dé. Déanadh