firstLine"; ?>

653. Deanaidh cuimhne a chlanna Chuinn $
Length: very long over 43qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. TCD 1378 (H.5.6) late 17th c
  2. Sir Con O’Neill’s MS (Eigse xiii) c. 1681
  3. RIA363(23/A/30)?S. MagUidhir 18th c.
  4. NLI G24 Aodh O Dalaigh c. 1750
  5. TCD 1291 (H.1.17) Hugh O Daly 1755-7
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. traditional immunity of poets
  3. attacks on poets
  4. dangers of satire
  5. War with English
  6. immunity of church observed by patrons
  7. historical allusions
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire(TCD1378 Sir Con O’N’s
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Siol Eoghain, Aicme Conaill etc.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Déanaidh cuimhne, a chlanna Cuinn

[TCD 1378 (H.5.6), 197]

Tadhg (mac Dáire) Mac Brúaidedha cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Dénaidh cuímhne a chlanna Cuínn

a mhacraidh go méd bfhuluing

le hiomchar uilc is anshóigh

a ttiomchal phuirt Pharthalóin.

2 Ná cuiredh fráoch bhar bhfeirg(h)e

ná fonn déinmhe díberg(h)e

sibh tar bur gcuímhne a chlann Chuinn

fuighle na n-ám a n-abruim.

3 Ní dhiongna a ndol tar cuímhne [198]

bhar marcshlúagh bur merbuídhne

nó as lúaimneach líon bur ttionóil

a shíol úaibhreach Éiriomhóin.

4 A-taid tinóil throma ar thír

úaibh fá Bhanbha in bruaich tráichtmhín

a-táid fóibh merdhronga ar muir

’s a ndeghlonga ar chóir ccogaidh.

5 Gach ní budh dénta dhoibh sin

’s gach ní budh dúal do dhéinimh

bíodh ’nar ccuimhne (ar) muin ar muin

a shíol ar cCúinn-[n]e ó Chrúachain.

6 Cuímhnighidh mar gach cuímhne

cía an crodh dán coir comuirce

nó an tír bhiodhbadh ’na mbía soin

nó cía nach iongnadh d’argoin.

7 Cía an treabh nach oircheas d’adhnadh

nach ttuillionn bur ttrómadhbhar

cía hécht budh buan cclú ré a chur

gá crú nach dúal do dhórtadh.

8 Echt mná fhilidh nó áos gráidh [199]

ná dénaidh díadha an eadráin

drong shaor gan fhreasabhra ribh

do thaobh easúmhla ínntibh.

9 Creach eagailsi ná ollaimh

d’fhior foghla nó d’easorraidh

dá nglúais fóibh ar fhódmhuigh Breagh

fograidh dhóibh gan a dhéineamh.

10 Choidhche ná coiglidh meisi

ná mh’ionnamhail eilei-si

’na ghníomh innmháoidhimh ní fhuil

do shíol fhínnGháoidhil mh’arghuin.

11 Fograidh narub a bfholach

dá bhar n-áos báoth bhorrfadach

fosgadh ’ghár bferg-ne ní fhuil

gan mosgladh mh’fheirge oruibh.

12 Dá mbendáois díom díoghluimh cruidh

do bheanfoinn díobh ’na dheaghaidh

a-tú a n-oirdhearcas anma

oirbhertas a n-athardha.

13 [Ma?] loisgid loisgfidh misi [200]

na grúaidhe na gnúisi-si

caimhdherga 7 táille ar ttreabh

doinnlearga áille ar n-aight[h]ead[h].

14 Mar dhubhaid d’éis a n-ádhnaidh

gach a mair dárrchrannghail

gach grúaidh dá n-ádhnonn óm fheirg

amhdhonn ar n-úair óm fh[o?]icheird.

15 Lé a n-oighreadhaibh dá n-aithle

benfa luisne ar lasraich-ne

beanfa dé smúail an te thicc

lé grúaidh an té nach ttainig.

16 Tuigther go ttiocfa misi

ó ádhnadh na húairi-si

teacht ór n-adh[n]ui[dh]-ne ní fhuil

bert as amhdhaingne mh’fhoghuil.

17 Ní glic nach gabhann rabhadh

coir dhóibh gan ar ndóthugadh

ó tá ar chor chaomhmhaicne Chuinn

cur gach sáoraicme seachuinn.

18 O do labhras ar chloinn Chuinn [201]

inneosad d’eagla in mherbhuill

fir dhercmhálla ag drud ré ténn

a ndeaghchlanna ar fhud Éirionn.

19 Síol Eóghain aicme Chonaill

an dá órchnáoi a n-énchrobhaing

croinn dhíona cháoimhghécc ó cCóinn

gan áoinghécc díogha acht díoghluim.

20 Don freimh chédna sin chantair

síol cCatháin crú Dochartaigh

Í Ghairmleadhaigh éng a n-éing

is Í bháirrleabhuir Bháoidhill.

21 D’aicme an Chuínn-sin le cur nglíadh

Manchaigh is ógbhaidh Oirghíall

clann tShuibhne daghchlann Domhnuill

buídhne d’altrum an fhorluinn.

22 An dá Breifne ar nach búan smacht

is trí Ó Conchabhuir Connacht

Fíachrach Múaighe is Áighne ar-áon

gá cúaine as dáingne deghgháol.

23 Í Mháille as dána a ndeacraibh [202]

Í lannchorcra Fhlaithbheartaigh

fir do ghlainfhréimh chnesghlain Choínn

daighmhéin na bfhear-soin fionnuim

24 Í Mhaoileachluinn Í Mhaoil Múaidh

’s Méig Eochagáin fhéil armrúaidh

d’fhuil an ríogh échtghaircc armghlain

síol chréchtTaidhg Í Chatharnaigh.

25 Í Mhadagáin Í Mhaine

gan locadh láoi iorghaile

’s clánn dheghMháoil rathmhair Rúanaidh

neamhdháoir ndathghlain ndeghshlúagaigh.

26 Í Bhriúin tSheóla 7 tShionna

slóigh eachtach ó nOilealla

dróng gháolmhar na ngníomh bfhosaidh

is síol sáorghlan Seachnasaigh.

27 A ffágbhuim don druing ndercghlais

ní ní (eile) acht d’eagla in éimhealtu[i]s

feadh ar sáighnis ré síol cCoínn

ní do bhríogh áighnis fhágbhoim.

28 Gion go n-iarrtha acht é d’foc[hain?] [203]

[do?]m dhíon d’fhuil Chuínn Chedchathaigh

[i]s fiú bun na gcraobh ad-clos

mo dhul sáor ar a seanchos.

29 Nár thuilliod féin ar bhfeirg-ne

náid goirtbhriatra ar nGáoidheilge

níor thuíll Cónn don ghablán gáoil

comrádh budh tróm do thatháoir.

30 Ní ar chreachadh fhiledh fúair Cónn

nert a fhoghla ar íath n-eachtronn

nó an smacht do fhúaigh fá fhiadh mBreagh

ná fúair Níall nó Art Áoinfhear.

31 Creach fhilidh mar íarradh neirt

do Chormac mhac Airt Áoinfhir

an ghécc bhúadha as bun don fréimh

ní chúala a chur ’na chaithréim.

32 Mar an gcédna nár chluinear

an eachtra an úair féchfaigher

maicne Chormuic agus Chuínn

’na maicne tromloit termuinn.

33 [...ir?] [f...aib?] foid Loga [204]

[inneall?] uilc no urbhodha

ní sheolfa an clann-sa chen[a]

dhamh-sa as eolcha a n-airrghena.