firstLine"; ?>

655. Deanam coir a Chalbhaigh Ruaidh $
Length: short 12qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Eriu xlviii, 66-71
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to St Aquinas
  3. imagery for patron
  4. praise of appearance
  5. generosity to poets
  6. poet wronged patron
  7. poet to be compensated
  8. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (NLI G167)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. an Calbhach Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Déanam cóir, a Chalbhaigh Ruaidh


[Eoin Mac Cárthaigh, ‘Three poems by Maol Muire Ó hUiginn to An Calbhach Ruadh Ó Domhnaill’, Ériu 48 (1997) 59-82, poem 3]


An fear céanda don Chalbhach réimhsgríobhtha


1 Dénam cóir, a Chalbhaigh Ruaidh,

a lámh lonn nar ob anbhuain;

liom-sa, a rí caithmheach Cearmna,

bí go maithmheach muinnteardha.


2 Corraighe eadrainn ar-aon

má tá, a ghég na ngealchraobh,

a laoich thréin ó thulaigh Breagh,

nír chéim cubhaidh a chloisdean.


3 Déanam féin cóir le chéile,

fan gcúis más cúis shoiréidhe

suil bhiam aimhréidh rer-oile,

a niadh airmréidh Eóthaile.


4 Bí-si id bhreithiomh uaim-si ann;

as tú an breithiomh bhias agam

do chongbháil na córa dhamh,

a bhonnbháin chródha a ccogadh.


5 Ag congbháil chóra dhuibh-si,

bím-si im bhreithiomh aguibh-si,

a ghég bharrghlan dá ttráigh tonn,

fan dáil as adhbhar orom.


6 Breithiomhnus aga mbia barr

- ná bí a n-amharus oram -

tiocfa dhíom a dhéinimh dhuit,

dom dhíon ar fhéinnidh orrdhruic.


7 Lá agus ionad ordaigh féin

eadrainne ar-aon go haigmhéil;

biaidh gan easgar, a ghruaidh ghlan,

freasdal uaim ar an ionadh.


8 Ná tabhair neamhshuim a-nois

orom-sa, a ghég bheann mBearnais,

ní mór dhamh a ndéna rum:

bhar sgéala do char chugam.


9 Ag so an treas duain duibh-si

agam dá cur chuguibh-si,

a chlá séamhshotal sluaigh Fáil,

’s gan énfhocal uaibh d’fhagháil.


10 Más meisi, a Eibhilín óig,

bhus breithiomh, beag an urchóid;

sdíoma béldearg cíogh ccruinne,

ná bíodh éinfhearg eadruinne.


11 Teisd uaim ar a méin mhórdha

gur beag ón duinn dualórdha,

- gruaidh fhíochnáir gan chrádh fa chrodh -

síothcháin na ndámh do dhéanomh.


12 Ag snadhmadh síothchána dhamh

bíodh Aqui-no, an naomh iúlmhar

go leacain sídh ndonnbháin ndil,

le rígh an domhnáin dúiligh. DENAM