firstLine"; ?>

656. Deanam cunntas, a Chathail $
Length: long 37qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th cent Munster
  4. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  5. Maynooth B8 Heinri O Carraic 1701-8
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 14
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poetry on of several learned arts
  3. Material rewards for poetry
  4. poet patron relationship
  5. caithreim, list of triumphs
  6. poet’s mourning for patron
  7. historical precedent
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD, RIA 2, 5, etc.)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cathal mac Taidhg
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair [Sligigh] d. 1581
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Déanam cunntus, a Chathail


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 14]


1 Déanam cunntus, a Chathail,

d’ionnmhus agus d’ealathain;

cúis a dhéanta is crádh croidhe,

a réalta ó chlár Chalroighe.


2 Briathar ghnáth, a ghnúis fháilidh,

“deireadh cumainn comháirimh;”

ní hé an glór nách doiligh dhamh,

a rómh oinigh na n-ughdar.


3 Mithigh dhúinn déanamh cunntais,

gidh eadh, a rosg réaltunntais,

a ghruadh fhrithir, a rún ban,

níor mhithigh dhún a dhéanamh.


4 Moch dúinn do dheónaigh tusa

dhol i gceann an chunntusa;

críoch m’annsa is adhbhar cumhadh,

amhghar dhamhsa an deónughadh.


5 Cunnradh duas agus dána

do-nínn red dhreich ndonnmhálla,

mar budh dual duidse agus damh;

truagh mo chuidse don chunnradh.


6 Ní dheachaidh dár gceirdne i gcruth

nár chumas dod chúl ghéagach,

ón duain go haonrann d’fhighe,

a shaorbharr sluaigh Sligighe.


7 Ní raibhe ó sheinm na gcraobh gciúil

go sgaoileadh na sgéal dtaidhiúir,

’s uaidh sin go huaisle t’fhola,

nár libh uaimse an ealodha.


8 Déanam cunntus go nua anois;

fionnam uait mar do íocuis

gach cáil ’na ndeachamair dhuit,

a chreachurraidh Chláir Chormuic.


9 Créad an tost atá oraibh,

a Chathail Í Chonchobhair,

gi bé do dáileadh damhsa

gan é d’áireamh oramsa?


10 Créad nách maoidhise, a mheic Taidhg,

a bhfuaras ód ghnúis ghealaird,

do luagh mo rachunntais ruibh,

a sduagh bhachalltais Bheannchuir?


11 Gach breath dúinn dár dháil tusa

dá gcurthaoi san gcunntussa,

a dhamh ré an bhroghasa Breagh,

níorbh orasa é d’áireamh.


12 Do-geibhthi uaid iall an sbuir,

do-geibhthi an crios, a Chathuil;

do-geabhtha an brat ’san bleidhe,

’san eachra, a shlat Shligighe.


13 Ochán ! och ! do-geibhthi an ghroigh,

’san chaor bhuadha ód bhais leabhair;

’san bheann órdhaidhe ’san fhail,

a cheann mórmhaighe Murbhaigh.


14 Do-geibhthi an crodh ód chul fhann,

do-geibhthi fós an fearann,

a sgiath chosnaimh chuain Duibhe,

’san crodhsoin uaibh d’ionghuire.


15 A chéad urdail dá n-aghbhoinn

uaid, a bhéildeirg bhriatharmhoill,

a bhfuair mé d’iolmhaoinibh ann,

ní hé is ionmhaoidhimh oram.


16 Córa do mhuirn do mhaoidhimh,

’sdo rún fáthach forbhfaoilidh :

a bhrágha fionnmhoighe Fáil,

cára h’ionmhoine is t’anáir.


17 Do-gheibhinnse, a ghéag Luighne,

do chogar, do chomhuirle,

t’uille agus leath do leabtha,

breath nár thruime toirbhearta.


18 Cóir a bhuidhe do bhreith ruibh -

fuaras ó chách, a Chathail,

na haisgeadha fa lór linn,

do lógh m’fhaigseana ar h’uillinn.


19 Ní fhéadfamaois, a ghruadh gheal,

leath a n-uaramar d’áireamh,

idir shluagh finntighe Fáil,

do luagh impidhe it anáir.


20 Fuaras tríod don taoibhse aniar

mo cheannach ó Chloinn Uilliam,

’só chath Bhréifne uair eile,

a fhéithle sluaigh Sligighe.


21­ Fuair mise, is ní mé do thuill,

mo chuid d’ionnmhus chlann gConuill,

’s d’éadálaibh ó Néill anoir,

ód chéibh ghéaganaigh gabhlaigh.


22 Do saorthaoi ar son mo cheannaigh

clann Ghoisdealbhaigh, Gaileangaigh,

do Chloinn Chubháin, do Cheara,

níorbh fuláir ar n-aisgeadha.


23 Im’ thuilleamh buidhe do bhíodh

gach rí, gach adhbhar airdríogh,

ó chuan Éirne go hEachtgha;

ní tuar éirghe aigeanta.


24 Ní fhuair file romham riamh

maca samhla dár soimhiadh,

um Thealaigh bhféirmhín na bhFionn,

ó éinrígh d’fhearaibh Éirionn.


25 Ní raibhe ag Cunn na gcéad dtreas

d’onóir ar Eochaidh Éigeas,

a shlat bhagair Bhanbha Cuinn,

a dtarla agaibh oruinn.


26 Giodh é Fítheal, fáidh Cormaic,

fríoth liomsa as do leabharghlaic,

a rí sluaigh bhastana Bhreagh,

a­sgadha nách­­­­ fuair F­ítheal.


27 Níor chleacht Torna - gá dtám ribh -

re linn Néill ná Cuirc Caisil -

oide suadhollamh bhfear bhFáil -

meadh a n-uaromar d’fhagháil.


28 Muirn Mheic Coise, cian ó shoin,

re linn Taidhg Mhóir mheic Cathail,

dom chionsa ní séad samhail,

ionsa h’éag ót ollamhain.


29 Muirn Mheic Liag i Leith Mogha,

i n-aimsir Bhriain Bhóromha,

gér mhaith rí fionntolcha Fáil,

níorbh ionchomtha í is m’anáir.


30 D’ollamhnaibh Banbha na mbeann

ní thug airdríoghraidh Éireann

leith ar bhfaghála ód dhreich dhil,

ná leith m’anára i n-aointigh.


31 Ó nách féadaim teacht thoraibh,

a Chathail Í Chonchobhair,

bheith ’god luadh is doiligh dhamh;

truagh gan m’oidhidh it fharradh.


32 Níor shaoil neach ar dhruim dhomhain

mé tar h’éise d’anamhain;

nár dhamhsa gan dol red chois

ar son t’annsa agus t’ionnmhois.


33 Deacair d’uaislibh Inse Fáil

ó mhair mise is tú ar dteasdáil,

a sgath Ghaoidheal Chláir Chonnla,

dáigh a haoinfhior ealodhna.


34 Minic do shirthea ar Dhia dhamh

ré budh shia ’ná do shaoghal;

a lámh thilte bhraonchláir Bhreagh,

do chlaochláidh h’itche m’aigneadh.


35 Tánuig h’itche, fa ríor ruinn;

fuarais ó Dhia, a dhreach shéaghuinn,

bheith saoghlach dúinn id dheaghaidh,

a aonbhrath Múir Mhuireadhaigh.


36 Níorbh iongnadh h’itche d’fhaghbháil

duit, a bhaisghil bhriatharnáir;

níor éimdheabhair neach fa nimh,

a dhreach shéimhleabhair shuilbhir.


37 H’itche féin, fearg an Choimdheadh,

ro-m-chráidh, a chruth séaghoinngheal;

i n-aghaidh mo dhísle dhuid

m’fhaghail is tr­íbhse tánuig.