firstLine"; ?>

658. Deanam shiodh mbunaidh a Bhriain $
Length: long 35qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th ult.
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. Magauran MS 14th c.
Prints:
  1. transl. McKenna, Bk Magauran no. iii
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. poet-patron relationship
  3. Pledging verse from every poem to patron
  4. Patron’s caithreim
  5. war with the Foreigners
  6. fertility in reign of just prince
  7. Historical comparisons
  8. craftsmen
  9. Board games, gambling
  10. music
Patron Christian Names:
  1. Brian
Patron Surnames:
  1. MagShamhradhain d. 1298
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Déanam shíodh mbunaidh, a Bhriain


[McKenna, L.: The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 3]


1 Déanum shíodh mbunaidh, a Bhriain,

bíom mar as chubhaidh go caoin,

togaibh an malaigh nduinn [dúinn]

ná falaigh an súil gcuirr gcaoimh.

2 Ná falaigh orainn t’ucht geal;

a lucht molaim ós gach mhudh;

ná falaigh an gruadh ndearg damh,

[a] learg do ghabh snuadh na subh.

3 Mo bhéal red bhéal tana teann

mar a-déar, a mhala mhall;

teanntar an corp rabhán riom,

a fholt fionn na gcabhán gcam.

4 Tabhram comhluighe, a chorp saor,

a fholt donnbhuidhe, dar ndíon,

dar gciontaibh, a chinn na mBrian;

dod riar tiocfaidh sinn ar síodh.

5 Síodh dúthrachta gá luadh liom

red ghruadh n-úrchorcra is gach am

ná can frithchealga acht fíor riom

síodh do chionn rithlearga rann.

6 Sguirium dar ndoirr, déanum shíodh,

i nbhar gcoim do-ghéanum glór:

síodh anathlamh ní dual dúnn,

a sduagh úr mhalachdhubh mhór.

7 Adhbhur t’fheirge id ríoghthaigh riom

ná líomhthair ar gceirdne id cheann;

is eadh do loit ar n-aoibh ann

gan rann doit ar gach laoidh leam.

8 Bíom mar do bhámar, a Bhriain,

mar nach gábhadh síodh re saoidh;

uaim comainn is dleasda dhúinn

feasda ret shúil gcomhmaill gcaoimh.

9 Ag so teasgosg uaimse ort

agus na sluaighse ar ar sliocht;

do bhiodhbhaidh dá mbead ret ucht

leag an lucht is ionghair th’iocht.

10 Tú fear a leagtha ar an fhleidh

gach fear ag teachta dod thoigh;

do chomharsoinn gan mhuirn mir

ód sholosloinn shin ghuirm ghloin.

11 A Bhriain Mhéig Amhradháin óig,

gan a mballghabháil ní bhíd

bean tre tláithe a gort do ghéig,

léig a snáithe gan tocht thríd.

12 Suirghe re Bréifne, a bharr Lí,

na lann ngéirthe as ghuirme gné

leat toirrcheas an tíre i dtaoi;

míne re mnaoi is oircheas é.

13 Toirtheach duid gach abhall fhionn,

do dhruid gach abhann re hall;

fochonnbhras ón fhionnbhraon th’fhonn

cochollghlas gcoll n-ionnlaogh ann.

14 Toirtheach d’iasg na haibhne uaibh,

agus na dairghe n-a ndiaidh;

a hioth gá haltrom gon úir,

lachttrom dúibh an bioth, a Bhriain.

15 Toirtheach gach magh uaine uaid,

a Ghuaire, tre ar gach fhóid;

callrabhán do chuid don Ghréig,

a Mhéig bhuig Amhradhán óig.

16 Sgathchorcra gach faithche, is féach;

dathmholta tairthe bhar dtuath;

fionn gach oirear is gach áth

do bhláth droighean ar cionn chuach.

17 Ríoghdha seol do bhaile, a Bhriain,

is a n-aire ar gach ceol caoin,

gearrthair meirgeadha gá mnáibh

dealbhthair cláir dheirggeala dhaoibh

18 Gabhainn ag déanumh arm n-ard,

rabhainn d’fhéaghadh charbh is cheard;

crithre a taobh armshlat is ord

do mhaol colg bhar ndaghbhrat ndearg.

19 Crannuigheadha bíd id bhrugh

gá mbíd malluidheadha ód mhiodh;

crann go n-ionnsma ar gach nglún ngeal,

sleagh san dún fhionnsa ós gach fhior.

20 Cearda ann ag amladh óir

agus slabhradh tall re thaoibh;

do bhreicdhearg nuamhoing do néimh

buabhaill shréin re deighceard daoibh.

21 Macradh ag múnudh a gcon

im dhúnadh slatghlan na subh;

th’eich ag a ngléas, a Bhriain Bhreagh,

seal ar gach ngréas biaidh id bhrugh.

22 Imirt bhrannaimh is léir linn

god chéibh chlannaigh, a í Chuinn,

a Mhéig shaoir Shamhradhán sheing

seinm re [haoibh] ndaghbhranán duinn.

23 Fir ag daighsheinm umha uair

ag dula ar cairfheidhm go ciuin,

ar n-iomadh i n-am an óil

re hiomadh óir na gcrann gciuil.

24 Iomadh gach ríoghraidhe rut,

míorbhuile iomadh bhar n-at,

do leigeadh crú bha chlár mbreac

bhar ládh leat gan bhú gan bhrat.

25 Rugais ó Shionainn chreich gcruaidh,

th’eich i ngach ionaim go héimh;

ó chreich do sguir bhláith, a Bhriain,

biaidh a sáith chruidh go gach gcléir.

26 Go hÉirne do-cháidh bhar gcreach

is na héighmhe láimh re loch;

doire sróill chorcra ós gach cath

ag tochta a-mach ó bhróin bhoth.

27 Airge an magh ó mhoir a-niar

soir go Cladh na Cairge, a chraobh,

tre Mhagh n-Eine suairc bhar slógh,

teine mhór bhar gcuairt man gCaol.

28 Creach Gránard do luaidheadh libh,

gér lánard an sluaigheadh sin;

i measg th’each do-gheabhtha an groidh

creach a Moigh Theabhtha dod thigh.

29 Is tú Ó Duibhne, a dhearc glas,

ar suirghe ’s ar neart a-nos,

fear mar . . . as deas

cneas geal as . . . bos.

30 Mar Choin Culainn do chneas bán,

is cleas an ubhaill ag Aodh,

boill dearga do ghon do ghruadh,

snuadh Chon na cearda bha caomh.

31 Dealbh Fhiamhain an fhir nar fhionn

bhad riaghail, a ghil na nglonn,

dar líon fleadh bhreacthruaille beann

don gheal sheang dhearcuaine dhonn.

32 Mar mhaidhm sléibhe ar cionn na gcreach

Fionn gach féine t’ainm a-mach,

a Fhir Dhiadh as deirge cruth,

bruth t’fheirge do-chiam man gcath.

33 A eolaigh an daghbhroit duinn,

a leomhain do dhaghloit [druing],

a neimh nathrach, a ghuin Ghoill,

a thuir a coill chathrach Cuinn.

34 A chearcall teintidhe tréan,

a Dheirgtheine as dearcmhall gruadh,

a bhas chorr d’fhaghaibh go n-ór,

a thonn mhór chalaidh ar chuan.

35 A Mhéig Amhradhán tre fhonn

doire crannrabhán mad cheann;

dá mbeire, a Bhriain, ghoin ar Ghall

red chrann biaidh do throigh i dteann.