firstLine"; ?>

66. A fhir ghlacas a ghalldacht $
Length: short
Certainty: 5
Period:
  1. 17th mid
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. (RIA MS no. 743)
Prints:
  1. transl. (IBP no. 9)
Motifs:
  1. description of clothes
  2. negative comparison, subj. only exception
  3. war with Foreigners
  4. Lapse of Gaelic ways
Poet Christian Names:
  1. Laoiseach RIA743
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Eoghan (Ban mac Donnchaidh)
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A fhir ghlacas a ghalldacht


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, poem 9]


1 A fhir ghlacas a ghalldacht,

bhearras an barr bachalldocht,

seang-ghlac atú do thogha,

ní tú deagh-mhac Donnchadha.


2 Ní thréicfea, da madh tú soin,

do ghruag ar ghalldacht thacair -

maisi as fhearr fá fhiadh bhFódla -

’s ní bhíadh do cheann corónda.


3 Ní modh leatsa an barr buidhe;

fuath leision na locuidhe,

is bheith maol ar ghrés na nGall -

bhar mbés ar-aon ní hionann.


4 Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht

Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,

don ghalldacht ní thug a thoil,

an alltacht rug do roghain.


5 Ní bhean th’aigneadh d’Eóghan Bhán,

do-bhéradh brísdi ar bhegán,

fear nár iarr do chlóca acht ceirt,

lé nár mian cóta is coisbeirt.


6 Fuath leis ar chaol a choisi

mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,

nó sdocaidhe ar sdair na nGall;

locaidhe air ní fhágbhann.


7 Ráipér maol nach muirfeadh cuil,

ní maisi le mac Donnchaidh

meadh meanaidh thiar ar a thóin,

ag triall go tealaigh thionóil.


8 Beg a brígh a mbrat órdha,

ná a mbanna ard sholónda

nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,

nó a sgarfa sróill go sálaibh.


9 Dúil a leaba chlúimh ní chuir,

annsa leis luighi ar luachair;

teach garbh-shlat ná táille tuir,

sáimhe le dagh-mhac Donnchaidh.


10 Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,

troid gharbh, comhlann ceitheirne,

cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,

’s gleic d’iarraidh ar allmhurchaibh.


11 Ní hionann is Eóghan Bán

gáirit ’mad chois ar chlochán

truagh nach bfacas libh bhar locht,

a fhir ghlacas an ghalldacht.