firstLine"; ?>

660. Dearbh do chumhacht a Chroch Naomh $
Length: middling 20qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Cambridge Add3082 O’Reilly MS 16th c
  2. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
Prints:
  1. text Carney Poems on O’Rs, no. ix
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. poet invoking blessing
  3. The True Cross (its wood distributed etc.)
  4. sickness
Poet Christian Names:
  1. MacCon mac Concoigriche NLI G167
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Cead mag Magach’s ball in C. m. N’s head
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dearbh do chumhacht, a chroch naomh


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 9]


1 Dearbh do chumhacht, a chroch naomh,

ós tú fhóireas gach aontaobh;

a chroinn ar nach léir lochta,

roinn ar cléir do chumhochta.

2 Bile cnuasaigh cliar mBanbha,

crann díona an aois ealadhna

[ag sin díol cíosa a chinidh]

bíodh ar Íosa a fhóiridhin.

3 Guidhim Críosd cheilios gach locht

fán maic-sin Aodha d’fhurtocht,

géug ríodha go mbarr mbronnaidh,

crann díona gach deagholluimh.

4 Colum Cille, ar gcara féin,

le Filib nár thuill toibhéim;

ag sin foighéug re díol ndamh,

biodh a choimhéd ar Ciarán.

5 Muire Ógh nár eitigh neach

cuirim re brainéan Bréifneach;

ag sin liaigh na cneidhe cinn

tar gach liaigh eile áirmhim.

6 Bíodh [bhós] an dá absdol déag

ós doibh is cóir a choimhéd,

grás Muire gach taoibh ag tocht,

na naoimh uile dá fhurtacht.

7 Clú Breifne do bhí uile

uainn ar fhurtacht énduine,

gég ríoghabhla don fhréimh ríogh,

ríodhamhna ag dréim re deighgníomh.

8 Sgél iongnadh is oircheas dhamh

fuair mé ar airdrígh Uladh

[a ghairm ar áth dob omhun]

dárbh ainm ag cách Conchobhar.

9 Cead mac Mághach na ngníomh nglan

fuair dha óinmhid ’na n-aonar

[oirrdhreic iad ag fearuibh Fáil]

siad a nEamhuin ag iomáin.

10 Ar mbuain don liathróid fá lár

ar chionn Ceid dob é [a] n-iomrádh :

“oidheadh ríogh a ndán di-si,

más fíor dál a-deiri-si.”

11 Rug Cead go fiorghlic fáthach

an liathróid nua neamhghnáthach

mur bhrághuid ngill lais ’na laimh;

níor fhill ar ais gan édáil.

12 An liathróid fá caoimhe cruth

taisgis an maic-sin Mághach,

an rí fár umhal Ulaidh,

ar tí an churadh Conchubhuir.

13 Leis an liathróid do luaidh sinn

do choimhéd Cead ’na oirchill,

sul do-chuaidh a ccionn Uladh,

do bhuail ’na chionn Conchubhur.

14 Conchubhur nár dhiúlt deabhaidh,

d’éis an urchoir náimhdeamhuil

’na dhiaidh gur thógaibh ón treas

gur fhóbuir liaigh dá leighios.

15 Lá éigean dá haithle soin

don mhac-sa Fhachtna Fháthaigh,

níor fhill neach don fhéin Ultaigh

gan bhéin creach do Chonnachtaibh.

16 Aimsear fhada dá éis soin

i gceannus an fhuinn Ultoigh

do bhí an rí gan orchra air;

is ní len foghtha fiadhuin.

17 Goin Conchubhuir na dtreas tte

is bualadh branáin Bréifne,

[is] siad a gconchlonn dá ccur

[is] comhthrom iad ar fhéaghadh.

18 Mur do shlánaigh Dia na ndúl

airdrí Uladh ó mhíorún,

an Coimdhe go saora sin

oighre Aodha ón éigin.

19 Mac Fachtna ar leighios a loit

mur fhuair ceannus [céim orrdhraic !]

rachaidh h’oirbheart ar Chrú gCuinn;

’san oighreacht is tú thoghuim.

20 Saor, a Dhia, ar gach olc

mur fhuair Filib furtocht,

fáguim ar oighre Muire

Sé dá choimhdhe a gcomhnuidhe.