Poem in printable PDF format
Dearmad do
fhágbhas ag Aodh
[Williams, N. J.
A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe [Irish Texts
Society 51, 1980), poem 14]
1 Dearmad do
fhágbhas ag Aodh;
triallam dá fhios
don athtaom;
go ceann slógh
mbrógdhonn mBéirre
fóbram clódh an
choiscéime.
2 Mar bheirim
uidhe ar m’aghaidh
’s mo chúl ris Ó
gConchobhair,
bídh mo rún ag
triall óm thoigh
siar ar mo chúl
go Cruachoin.
3 Ro-mhoch
iompódh tar ar n-ais
go síothbhrugh
slaite Bearnais;
dá dteagmhadh
mian dighe damh
ní bhiadh ar
slighe ar siobhal.
4 Ar rígh Cairn
Fhraoich na rosg mall
dearmhad éigin do
fhágsam;
d’fhios ógbhairr
Chnucha ar mo chúl
a-mucha óbraim
iompúdh.
5 A mheince
téighim dá thigh
nár liom gan
adhbhar éigin:
i dtigh í
sheangBhloid bhinn bhuig
do dhearmoid sinn
ar snáthuid.
6 An bhfeadabhar
cia do chuir
an luachair asna
leabthuibh?
mo dhealg ann
a-drochair dhíom
tall in ochair an
airdríogh.
7 Toidheacht dá
thigh an treas cuairt
gan adhbhar do
budh anshuairc:
do fhágbhas
lámhainn - lór sain -
sódh ní hálainn
gan fhochain.
8 Is aistear budh
éasgaidh linn
ón ti
oirthearaigh d’Éirinn
sódh go bile
seang Sodhain
ar cheann idhe
urchomhail.
9 Dá n-ibhinn ó
Aodh a-mach
ag rígh eile fíon
Frangcach,
uisge Innse finne
Fáil
millse linne ar a
leathláimh.
10 Bánaidh grian
gné na gcorcrach;
iomdha cumann
céadoltach;
bláth na gcraobh
ngéagdhubh is geal;
céadludh ar Aodh
gach aigneadh.
11 Duain
do-bheirim gach bliadhna
go hAodh
bhfoltchas bhfinnLiamhna;
mar bhearmaid
leinn a luagh cruidh
duan as a heirr
’gá hiarruidh.
12 Cosmhail mar
chuingheas mo dhán
mac Feidhlimidh
flaith Iomghán
ól fleidhe ag
flaith ceann i gceann
is braich eile dá
himdheall.
13 Oirbhse, a
Chonnachta, budh cáir
sírleanmhain
Chloinne Colmáin;
re bhur bhfeacadh
is fearr sibh,
nochan eatal
gearr geimhridh.
14 Ón fhíon
chorcra go a chéile
i gConnachtaibh
Coirrshléibhe;
céim tar ais is
doiligh dhamh
do shoighidh
fhéil chais Cruachan.
15 Tugadh fáth
dearmhaid damhsa
ag rochtain ríogh
Ceanannsa:
roighne fleadh
ann do ibheas;
bean ná clann nír
chuimhnigheas.
16 Fa Fhéil Chros
do-chonnarc thiar
buain agus ar ar
éinrían,
learg
luacharbhláith lán do lacht
lámh re
Cruachanráith Connacht.
17 Do-chonnarc
teagh óil Aodha
lán do chornaibh
camchlaona -
ní teist mhór
acht muirn bhunaidh -
ól is cuirm Í
Chonchubhair.
18 Do leigeadh an
dáileamh damh
ordachadh comhóil
Cruachan;
do budh léir dorn
ós an dáil
corn Í Néill,
corn Í Chatháin.
19 Corn
Toirdhealbhaigh a-tá ann
[mór an dearmad
nár dhéachsam]
corn tug a Sídh
Meadha a-mach,
rug ó rígh Ceara
cosgrach.
20 Dá chuach óir
an amhlaidh ghloin,
mo dhearmad gan a
ndéachsoin;
toisg nár cháir
triall d’aondán ann -
srian Bhláir
Aodhán ro fhéachsam.
21 Do budh
toidheachta as mo thoigh
dhamh d’fhéachain
onchon Cathoil,
méad a gráine ’s
a goile,
a háilne ’s a
hághmhoire.
22 Cathal
Croibhdhearg leis an gcoin
rug cosgar
Chathail Charroigh;
mór do loit a
tachar thiar
lér thoit Cathal
san Choirrshliabh.
23 Is í do
sineadh re sleigh
le hAodh
d’ionnsoighidh Sligigh;
onchú agus gan í
’na coin -
lomthrú an tí
leis a dtorchoir.
24 Fuaras ar
slighidh Sligeach
go heasbhadhach
ainimheach,
gan chláirthighe,
gan chomhla
acht láithrighe
lánfholmha.
25 Do budh mór an
dearmad damh
gan leacht Mheic
Einrí d’fhéachadh,
’s ar sgaoil
d’aolchlachaibh le a fheirg
is saorChathail
chaoimh Chroibhdheirg.