firstLine"; ?>

662. Deasgaidh gach uilc in t-uabar $
Length: long 39qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. religious
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBMcC no. xx
Motifs:
  1. The Last Judgement
  2. purgatory
  3. body’s corrupt nature shown by decay etc
  4. the seven (or eight) Deadly Sins
  5. Litany
  6. Tithes
  7. agriculture
  8. Love derided
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (NLS Adv. 72/1/25)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Apologue Subclasses:
  1. Adam and Eve : their creation and fall
  2. The Fall of Lucifer
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Deasgaidh gach uilc an t-uabhar


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 20]


1 Deasgaidh gach uilc an t-uabhar;

tríd táinig an chéadshluaghadh;

treas sluaghaidh dár sladadh neamh

cagadh uabhair na n-aingeal.


2 Do smuain taom nach táinig dhe

Luicifear do lár nimhe:

[do thuig a rún rí neamhdha]

do bhí a thnúdh re a thighearna.


3 Téid fearg i bhflaith na n-uile,

ionnarbais an t-útluighe;

olc an tsealbh do-achair air:

do dhealbh cathair ’na chomhair.


4 Luicifear nir léig gan fheidhm,

tug dhó urlámhas ifeirn;

teach Dé ré ndiabhul do dhún

’s é ’gá phianudh ’na phríosún.


5 Aingil - uaibhreach a gcagadh -

Luicifear do leansadar

’s iad ’na ndeamhnaibh fa dheireadh

ó leanmhain ar Luicifear.


6 Do-rad an Dúileamh duabhar

d’ainglibh trena n-anuabhar;

Dia re hainglibh nír fhaomh síodh;

do ba taom aingidh airdríogh.


7 Dob áil re hairdrígh nimhe

méadughadh a mhuinntire:

foireann iodhan naoidhe ar neamh,

daoine in ionadh na n-aingeal.


8 Do chruthaigh dúinn an domhan

saor cháich rénar gcruthoghadh;

an domhan rénar ndál inn

’na chlár fholamh gan fhoirinn.


9 Do chum do cheithre dúilibh

Ádhamh an fhuilt fhionnghlúinigh;

a chleatha caomha colla

ceathra caora cudroma.


10 Uisge fuar is talamh te

dár dhealbh an Dúileamh duine,

[do shaor eile nochar eol]

teine ar-aon agus aidheor.


11 Asna a slios Ádhaimh Eabha;

leighios láimhe deighleagha -

feoil a ball féin is a fuil,

nochar léir ann a n-easbhuidh.


12 Tug Dia an cruinne gona chradh

d’fhoghnumh d’Eabha is d’Ádhamh;

i mbioth i bhos agus tall

nír chros dá ioth acht aonchrann.


13 Eabha is Ádhamh an fhuilt chais

cuiris do choimhéad pharthais

* * * * * * * * * * * * * * *

nárbh omhain dóibh arsoidheacht.


14 Deich n-abhla uile i bpardhus

fár éirigh an t-iomarbhus;

abhall mhín gheal nochar ghabh

an fear díbh acht an deachmhadh.


15 “An crannúd do chuir a-mach,”

ar diabhal i ndeilbh nathrach,

“blas na ndéar meala ar a mheas,

do-gheabha gach béal bhlaiseas.”


16 “Dá bhfromhtha, a Eabha, ubhla

an chrainn mhilis mhíonchubhra,

do ghné acht go dtáir a thorudh

ní ba dáigh é d’arsoghudh.”


17 Táirthis ubhall mbláith an bhean,

tig a leath d’Ádhamh uichtgheal;

a chuid - ro ba crábhadh toll -

nír luig Ádhamh don ubholl.


18 An Coimdhe do chuir a-mach

ó phardhus an dá pheacach;

ubhla nochar léig ná lus

ná géig cubhra ar a gcomus.


19 Gion gur léig Eabha an fhuilt mhín

a aonubhall don airdrígh,

eidir chnaoi is dhuille agus dhos

do bhaoi an cruinne ar a gcomos.


20 Aibidir na n-ocht gcoire

cionta croinn na deachmhoidhe;

nocha bia re comhdha an chruidh

muna fhoghbha Dia an deachmhuidh.


21 Buidheach dá fagháil Dia donn

tre ghrádh an eallaigh agom;

mac Muire nocha mhian cruidh

fa n-iarr ar dhuine a dheachmhuidh.


22 Dá mbeith dá dheoin ag duine

urdhail uighe deachmhuidhe,

an cruinne do chur san meidh

is truime an ugh ’na aighidh.


23 Ná tabhradh máthair Dhé dhuinn

cion peacaidh Eabha oruinn;

nocha ghoire a deala dhamh

Eabha ná Moire máthar.


24 Na hógha in aghaidh deamhain,

na feadhbha ’s na faoismheadhaigh,

na haingil is na haspail

fam chaingin ’na gcumasgaigh.


25 Go dtí an Spiorad Naomh a-nois

ionnam óm bhonn gum bhathois

go líona thall m’fheoil is m’fhuil

go barr gach mheoir dom mhéaruibh.


26 Mac na hÓighe ’s an tAthair

re a n-armaibh ní hiontachair;

ag snas mo choire, a Dhé, dhíom

go mbé oighe an dá airdríogh.


27 Dia timcheall m’áirgheadh is m’each,

Dia do sheoladh mo sheisreach;

mac Dé mhóir agus Muire

go mbé dhóibh ’na dhamhuire.


28 ’Na banchaig go mbé im chuilidh

máthair an mhic mhíorbhuiligh;

mac Dé ’na dhuine san Óigh

go mbé im chuile ’na cheallóir.


29 Sáith chúig míle eidir mhnaoi is fhear

sona an chomhroinn cúig mbairghean;

sonas Dé do-roighne an roinn

go mbé, a Choimdhe, ar mo chomhroinn.


30 Féar agus croinn is cairge

agus gaineamh glasfhairge,

gach frosa sneachta dá snigh -

ní hosa a fhearta d’áirimh.


31 Míorbhuile Íosa uile

ní aireomhadh aonduine;

a bhfoil ar lár do luibhibh

ag soin mám dá mhíorbhuilibh.


32 Dia ’na sgiath ar sgáth m’anma;

[mór m’fhallsa agus m’éadtarbha]

ná leagair inn gan fheitheamh;

is eagail linn Luicifear.


33 Blas meala ar an saoghal searbh

do budh dár mbreithne in ifearn;

dáilidh diabhal digh milis:

mil iarram a hainiris.


34 Cuiridh i gcruth gach duine

Luicifear lus ghrádhuighe;

cailc ag gealadh gruadh na mban,

ruadh ag deamhan ’gá ndeargadh.


35 Bás creic nimhe ar néimh fhallsa

na mban solas súlmhallsa;

taoibh throma bhána na mban

budh cnámha loma ar leaghadh.


36 A dhuine dhiombuain duthain

charas an mnaoi míonchruthaigh,

beir do raghain rígh nimhe

seach aghaidh mhín mhaighdine.


37 A dhuine ó ndeachaidh a bhean,

oslaig an uaigh ’nar cuireadh;

féacha mar tá a taise a-nois

na mná caise do charois.


38 Don lucht is lugha coire

gheabhas uain mac mórMhoire,

nó go ndeiligh sinn rér sal

i dteinidh inn ’gár n-ionnladh.


39 Tiucfaidh, téighfidh ar n-aighthe

mac Dé i ndáil an mheasraighthe;

biaidh go raitheann mion ’gár meas:

ní mhaitheann cion ar cairdeas. Deasgaidh gach.