firstLine"; ?>

666. Deireadh flaithis ag fein Gall $
Length: very long 46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster ?
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. Eoin MacCarthaigh, PhD thesis (1994)
Motifs:
  1. envoi to wife Eibhilin dau. Uater McSuibhne
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. English conquest of Ireland
  4. destruction of foreigners prophesied
  5. kingly functions (cosg aindlighidh
  6. prophecy of ruler (by Bearchan)
  7. Classical allusion
  8. merchant
  9. Hunting
  10. proverb ? q. 12
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Og (NLI G167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. an Calbhach [Ruadh] mc Maghnais mhc Cuinn
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Deireadh flaithis ag féin Gall


[Eoin Mac Cárthaigh, Poems on the Uí Dhomhnaill (circa 1641), unpublished PhD thesis, TCD, 1994; poem 8].


1 Deireadh flaithis ag féin Gall

- mithidh dóibh, trá, re tamall -

i bhfiadh Fódla na bhféar lag

a bhfógra dá séan sealad.


2 Má fuairsead tar toil treimhse

ceannas an chraoi Féilimse,

is tráth re a dtréan do thoidheacht

- ní gnáth séan gan sealaidheacht.


3 Níor gealladh dóibh - dia do rath! -

do réir fhírfhis na n-eólach,

ar thír chaitcheann chuain Line

acht uain aithghearr aimsire.


4 Tríocha bliadhain gi-bé lais

a-tá siad i seilbh cheannais;

an fíoch d’adhnadh is dú de

nar labhradh rú fan ríghe.


5 Do gealladh dóibh ’na dhiaidh soin

go bhfiochfadh fíochrún cogaidh

eidir fhóir Gaoidheal is Gall

nar dhóigh le haoinfhear d’fhulang.


6 Is amhlaidh do éirigh dáibh

d’éis a dtroda - tuar achláin! -

cur póir gach Gaoidhil dá ghreim

gan dóigh aoinfhir re hÉirinn.


7 An cogadh céadna i gceann trill

do gheall gach fáidh d’iúl fhoirtill

go mbiadh an t-athadhnadh air

fa fhiadh gcatharmghlan gCobhthaigh.


8 Ní hionann ’s an uair roimhe

- fuighle naomh fhuinn Ughaine -

budh follas fódmhagh na bhfionn

ar chomas ógbhadh nÉireann.


9 Ná fuilngeadh siad Fódla i bhfad

fa ansmacht neirt a námhad

dream ’s a ndóigh i ndlús a sleagh

dá madh tús dóibh ar deireadh.


10 Is olc, trá, nach tuigid Goill

- gidh díol ceana clár Criomhthainn -

ar a maitheas nach bia bail;

flaitheas ní ria dá rochtain.


11 D’fhéin Banbha ní beite i nglas;

dóibh féin as chuibhdhe an ceannas

- críoch throm na ndosmhagh ndathach

do chosnadh Conn Céadchathach.


12 Dol do théaghadh a teallaigh

mithidh don fhuil Éireannaigh;

le cách is cian ó do-clos

gur gnáth diall ris an ndúthchas.


13 Easbhaidh duine dar dú geall

dá ngéillfeadh cách go coitcheann,

tug Éire ó éanbhuaidh do chur

fa ghléire séanshluaigh Saxon.


14 Do bhraithfinn féin d’inis Ír

- oircheas dóigh a craobh ceiníl -

slat dan cóir cabhair a cneadh

do dhaghfhuil mhóir mhac Míleadh.


15 Air an tansa tarla ar mbrath

mórmhac Maghnasa, An Calbhach,

ua céidleannáin chláir na n-Art,

dáigh dá héigneadháil d’fhurtacht.


16 Dó as chuibhdhe cosg a gábhaidh,

smior compair chrú ríoghDhálaigh,

’s is dó as éigean aghaidh air

do chabhair chéideadh Cobhthaigh.


17 De thiocfas, ó tharla i ndán,

cosmhail mar do chan Bearchán,

dol do tháth Banbha as a broid

- ní gnáth tarbha gan treabhloid.


18 Mar tá fuil Néill a-nosa

tuigthe do mhac Maghnasa

dol i mbáthadh nach dual di

gé táthar go huar uimpi.


19 Fuighle ar naomh go soiche so:

dá bhfréimh féin fear a cabhra,

de shíol fhionnDálaigh fhóid Breagh,

ioldánaigh na gcóig gcóigeadh.


20 Ós gar dúinn an uair eile

’s gur fíor teacht na tairngire

cóir d’ú ghealChuinn na ngliadh sean

............................


21 Díbirt na nGall uainn d’éantoil

ó tá i ndán go ndingéantair,

dó as chosmhaile clódh a dteinn

do shlógh frosmhoighe Féilim.


22 Ná gabhadh oireacht Eamhna

gráin re gcor na cinneamhna

- mór ní as dochar le duine

do-ní sochar síordhaidhe.


23 Má fuair, gion gomadh lainn leis,

dochar ag díon an fhlaithis

roimhe a-tá, mar tarla, a cheart

lá na tarbha do thoidheacht.


24 Meinic fuair fear na sealga

ró sníomha is síon dhoineanda

suil theaghmhas puinn fhiadhaigh air

i ndiamhair gach fhuinn fhásaigh.


25 An t-iasgaire ar mhuir a-muigh

meinic é ar easbhaidh iasgaigh

seal dá ré i gcuisnighthibh cuir

’s ní tuirsighthir é amhlaidh.


26 Don cheannaighe gidh cás trom,

dá bhfágbha ar chuan a chéadlong,

triallaidh -’s ní héadána uaidh -

d’iarraidh éadála i n-athuair.


27 Do-gheibh gach fear - ní fáth rúin -

do gach druing, a dhíol fortúin

’s gach cáil dá fheabhas uaidh air,

leanas go cruaidh dá cheardaibh.


28 Cuireadh a-nois, dá nós soin,

brath cabhra chloinne Dálaigh

dóigh i nDia go neart nimhe

go ria teacht don tairngire.


29 Bíodhsan - ní beag an obair! -

réidh ar cionn an chéadchogaidh

fa ghéagFhódla na sreabh seang

ar gcéadfhógra fhear nÉireann.


30 Beanadh marcach mhúir Midhe

- ní nach táir túr aimsire -

a luach d’eineaclann mhór mhall

do shlógh geimhealtrom gruamGhall.


31 Caitheadh brath an chraoi Cuinnse

feidhm beó, neart is neamhthuirse

fa chádhuchtaibh na gcóig n-eang

do thárrachtain fhóid Éireann.


32 Acht ua Cuinn le gcoisgthear frais

ní fhaicim, ar fheadh mh’eólais,

a ndíol baránta gan bhéim

ag síol fharránta airdNéill.


33 Aigneadh céillidh mín mearrdha

gar do thréidhibh tighearna

ar mbarr tréin-ne nach tearc smacht,

ar cheart, ar fhéile, ar fheardhacht.


34 Sás leanta luirg a chinidh,

ceann córa, cosg aindlighidh,

croidhe séimhcheart as mhaith modh

- is flaith d’éifeacht is d’eangnamh.


35 Do thogh treise agus tábhacht,

méin diadha, dúil d’ioldánacht

- tuar raith is rodhaingne dó,

más maith comhairle Cató.


36 I ndóigh chabhra chláir Earca,

ar an uairse is inleanta,

do mheas Gall is Gaoidheal Breagh,

saoirfhear nach mall re a mhaoidheamh.


37 Fiú do cheart ar chlár Cobhthaigh

- gearán cáigh re Conallchaibh

a iomardadh, a ghlac gheal,

tre ionnarbadh mhac Míleadh.


38 Muna thí an tairngire is-teagh

fa fhuaslagadh ghuirt Gaoidheal,

tusa as dual d’éileaghadh ann,

a sduagh chréileabhar Chualann.


39 Ar ngearán síor red ghnúis ghloin

tuig féin tar chách, a Chalbhaigh:

roighne shíl Conaill fa cheas

- sín do dhodhaing re a ndímheas.


40 A mheic Maghnais mhuidheas cath,

a ua Cuinn ó threibh Teamhrach,

sínse led chuid do chuan Breagh

ós duid as dual fa dheireadh.


41 Ionmhuin céile nar char béim

- Eibhilín inghean Uaitéir,

slat chaomh gan chumhnga re neach

do chumhra saor na Suibhneach.


42 Bean ’s a clú do-chuaidh i bhfad

dhúinne ní dual a dearmad,

rosg gormlán as mhaordha meadh

is comhrádh aobhdha áilghean.


43 Fuair na tréidhe as tuar annsa

rún gnáth gan chéill chodarsna

geall raith gach tíre ar thromdhacht,

maith is míne is measardhacht.


44 Ní hiongnadh dá hearla slim

bheith ar airrdheanaibh inghill

fiú feabhas na bhfréamh ó a bhfuil

gach séan leanas do leanmhain.


45 Síol gConaill is clanna Néill

- laoich thoghtha nar thuill toibhéim -

dá dtréanfholaibh is díobh di

mar shíol séanamhail Suibhne.


46 A bhrath coitcheann chliar nUladh,

a bhun cáigh do chothughadh,

maith do bhraichlis fhéine ar fhad,

aithris do fhréimhe romhad.