Poem in printable PDF format
Deithfrigh
chugainn, a Chalbhaigh
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 41; with corrections from
Celtica 18, 76]
1 Deithfrigh
chugainn, a Chalbhaigh,
gluais trá, tar
lear gcomardhuibh;
a róimh éigeas
Críche Cuinn,
bíthe fan
gcéidfhios chugainn.
2 A mheic
Domhnaill, a dhreach bhog,
an fiosso cuirim
chugad,
bíoth sé ’na
ainndeithfer ort,
ná faillighther é
ar ádhbhacht.
3 Sgél nuaidhe is
iomdha againn
dod ghnúis
fhaoilidh abhraduinn
a rí cláir
fhéaraigh Eine,
bhar cáir
déanaimh deithfire.
4 Fir Lonndain,
laochruidh Alban,
siad re chéile ag
comhardadh,
a cheann
shaorshlóigh Shíthe Truim,
’na n-aonbhróin
fhíthe umainn.
5 Do guais chean
ní chodail neach,
ó thá Sionann go
Sligeach,
a rosg mear
craobhuaine ceart,
ar feadh aonuaire
i n-éineacht.
6 Suil bheas cách
ag casaoid ort,
deisigh tú, tar
dar bhfurtachd;
léig don taoibhsi
cead codail,
ga beag daoibhsi
a ndubhradair?
7 Deithfrigh ort,
a mheic Móire,
iomdha adhbhar
anbhóine;
a lámh
fhoirfheithimh cró gCuinn,
anú adt’ oirichil
againn.
8 ... a connmaid
uainn t’earla slim
. . . . . . . . .
. .
... a gcomhrádh
slóigh Sligigh
roghrádh óil ná
oirfidigh.
9 Cleasa lúith a
láth ngoile,
méad meanman a
macruidhe,
cnis niamhdha
bhláithgheala a m[ban],
briathra
áilgheana a n-ughdar.
10 Leinb uallcha
ag argain shaithe,
seabhaic ag seilg
éanlaithe,
doimh
thaoibhsheanga ó bhinn go binn,
laoidheanga, is
coin i gcoimhling.
11 Taisdeal learg
Locha Gile,
torchar srotha
Sligighe;
cnuas i ngar
bhfionncholl bhfíthe,
tiomcholl a
gcladh gcoigcríche.
12 Teaghdhais
chúplach chupadh n-óir
shéad mbuadha
bheirteadh ndonnshróill
tháibhleadh ngeal
gceathramhnach gcorr,
dar bean
neamhchumhgach ...
13 Feabhas a
gcorm nó a gcuiltiodh,
nó a múr séanta
sleamhaintiogh,
ná tuguid anmhain
oraibh,
a Chalbhaigh Í
Chonchobhair.
14 Ógbhaidh
Chairbre an chuain ealaigh,
saorchlanna Síl
Muireadhaigh,
a bhas neambog i
gcrú crann,
ná meallod tú ’na
dtiomchall.
15 Beir uatha
athaidh eile,
ar séan uaire is
aimsire,
céim neimhleasg i
ndáil danair,
a fheirfhleasg
Cláir Chonchabhair.
16 .... at
fosgaid dedg ... m ...
. . . . . . . .
.......................... .
..... ionn
sléachtana síol gCais
a ghríobh
béaltana Bearnais.
17 [A] abhall
d’abhlaibh Parthais,
a líog buadha
briatharthais,
a chosg foiréigne
chrú gCuinn,
dar gcoimhéidne
is tú is tualuing.
18 Ní lamhann
biodhbha, a bharr thiogh,
do theacht
chugainn dá gcluintear,
an chríoch
fhionnsa on héigin troigh -
a ciomhsa
d’fhéigin d’ardaibh.
19 [M]una
bheinnsi ag imirt ort,
do ghríosfainn do
ghnúis éadrocht
’mun righnea-sin
id ghruaidh ghil
i bhfinnleasaibh
sluagh Sligigh.
20 Tuig bhós,
muna bheinn diomdhach
dod rosg naoidhe
neimhshiobhlach,
[dod] chneas
gheiltim, dod thaoibh thais,
nach leigfinn
daoibh a ndearnais.
21 Do ghuais go
ngríosfainn tusa,
cóir atáid t’fhir
iomthasa
riú féine ag
breith a bhuidhe,
ar mbeith re
chéile ag corruidhe.