firstLine"; ?>

670. Deoraidh sonna sliocht Chathaoir $
Length: very long 69 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Genealogical/
  2. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  3. King’s Inns4 Sean O Briain 1740-1
  4. TCD1294iii (H.2.3) M. O Gorman
  5. RIA88(23/F/14) ?M. O Gorman c. 1770
Motifs:
  1. patron’s personal appearance eulogised
  2. nobility of ancestry
  3. lesser arts (scelaighe)
  4. patrons’ hospitality to poets
  5. patron’s prowess in war
  6. king’s officer (fear gradha)
  7. almsgiving
  8. historical comparisons (Bruidhean da Choca)
  9. house
  10. women’s occupation(embroidery)
Poet Christian Names:
  1. Maoilin Og (Stoneyhurst A/II/20ii)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Maoileachlainn
Patron Surnames:
  1. MacGormain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Deoraidh sonna sliocht Chathaoir

[TCD 1411 (H.6.7), 506 (2nd copy)]

Maoilín Óg Mac Bruaideadha cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]

[mac frequently for meic here]


1 Deóraidh sonna sliocht Chathaoir

lucht na síodhbhrog sochlachaoin

fóir liag na leómha[i]n cheannsa

deóraidh iad san oirear-sa.

2 Deoraidh son[n]a an chaor churadh

fá shíol cCais chláir fhionnMhúmhan

fá mbiodh tnúith bailbhinnsi Breadh

na Laighnigh-si ó mhúr Maisdean.

3 Aithne dhamh go ttárla ar ttús

sliocht Cathaoir cuid dá n-iomthús

fóir deaghfhear gan díoth tuirsi

críoch Laighean fán laochraidh-si.

4 Ar tteacht don tromhdáimh-si a-nall

roighne laoch chríche Cualann

fonn snasbhog ór dheacra dul

do ghabhsad r(i)ompa rugadh.

5 Mar sin dáibh ag díol a bhfonn

go ttáinigh laochradh Lochlonn

loingeas greadh slaitleabha(i)r seang

tar lear d’aith[t]reabhadh Éireann.

6 Críoch an imirce ón tír shoir [leg. thoir?]

do gabh drong díobh a nUltaibh

is drong eile a n-uaithnibh Cliach

fán ndoire shuaithnigh sheinliath.

7 Do líonsad uaithne an fhóid ghil

clann Ghormáin iad an uair-sin

ógbhaidh Chearma ag soighidh siar

dealbha is do ghroidhibh Gailian.

8 As an ttír-sin le cloinn Chais

teagaid so ar seachna a ndúthchais

críoch ó mBóirche is ó mBuíghe

ní fríth coibhche a ccosmhuile.

9 Do thoghsad ar tteacht a-nall

uí Bhreacáin fraochdha an fearann

fonn dorcha is deighshéan ’na dhiaig

fá ceinél bhfromhtha bhfinnBhriain.

10 A-tá an dream-so is bithbheó bladh

le ré cheithre chéad bliaghan

ag riar dámh ag tógbháil truagh

ós an cclár bhfódbhán bhfionnfhuar.

11 Ní chuala ón ló sin a-lé

clann Ghormáin na ngreadh síthe

gan ursa theann deighfhir díobh

dream lér dheiligh gach doighníom.

12 Mairidh deigfher díop (?) a-niogh

’gár fágbhadh fonn a s[h]innsear

longport congmhála cliar ndoirbh

fán bhfial gormanda ghreadhshoir[bh].

13 Fear nách téid troig lé fánaidh [507]

ceannuighe an fhoinn Bhreacánaigh

oighre Mhaoil armghloin Eachluinn

ó Charmoin chaoil chaisealchuirr.

14 Fear nách iomdha a aithghin d’fior

an síol tTáil-si léar tréigeadh

fonn síodhfhoirfe sean saingeal

fear síodhaighthe saobhchaing(h)ean.

15 Domhnall an deighfhear grádha

fear fraochdha feadh teagmhála

ag sin fear caomhna a chinidh

fear as aobhdha a n-óiltigh(th)ibh.

16 Fear [’g]a bhfuil ceannas chloinn Táil

is dúil oinig fhear Gabhrán

fear nár chuir comhardha ar chradh

’sá bfuil solabhra seanchadh.

17 Fear is ionnamhail d’athaoil

chuirfeas mé go mórChathaoir

iongnadh a mhéad do mheabhair

tré fhíoghradh ghéag geinealaigh.

18 Dómhnall fírbheach na bhfer ghráidh

mac Maoileachluinn meic Gormáin

mheic Maoil Eachluinn daithghil duibh

chaithmhig shaoir neamhchruinn náirigh.

19 Meic Duinn meic Maoil mhaith Eachluinn

mac [leg. meic] Co(i)n Eabha an earraghthroim

ceann sleachta Dhiarmada is Duinn

ealta is grianbhoga gormfhuinn.

20 Dob é ceap na bhfear bhfearrdha

Cú Eabha an airm loinneardha

fód seangshlat is ceannr críochs

meic Seághainr deaghmhac Dáibhíodh.

21 Meic Con Eabha an earraigh throim

mac [sic] Co(i)n Mheadha mac [sic] Dómhnaill

mac [sic] Conchubhair seagh gach slóigh

fear go ttromchulaidh ttionóil.

22 Meic Co(i)n Mheadha meic Murchaidh

meic Eithigheirn fhionnthulchaigh

meic Sgannláin an chómhrádh chaoimh

meic Gormáin agnár ionntaoibh.

23 Mac [sic] Muircheartaig meic Donnchaidh

meic Aodha an chuilg chómharthaidh

mac [sic] Treasa(ch) meic Duachdhuibh duinn

mar luathChoin chleasa Cu(a)lann.

24 Meic Gosáin nár chongaibh cradh

meic Dúnagáin duinn Almhan

mac [leg. meic] Gormáin ór chin(n) an chlann

fir do chreit Collbhán Cualann.

25 Meic Eachach dárab sliocht so

meic Caibhdean meic Maoil Úmha

meic Suibhne na sleagh mbarr ghlana

f(h)ear glanr suirghe na seangbhan.

26 Meic Dómhnaill chaoimhmac Cormaic [508]

mac Diarmada duasoirdheirc

mac Eochaidh Ghuinigh greadhnaigh

an mhuirir dá mhínleanmhuin.

27 Eochaidh Guineach um ghníomh ga

mac Aongusa meic Earca

mac Bracháin bhuadhaig meic Féig

do ba lánoirdheircr laoichmhéid.

28 Meic Dáire barraigh bláith bhinn

mac Cathaoir mhóir meic Feidhlim

iul glan a-támaoid do thriall

triúr do ráinig(h) magh Mhaicniadh.

29 Ríoghra Laighean na learg mbreac

Cathaoir mór dob é a n-aoincheap

fear ngruadh ngil is nglac ttana

uaidh do chin(n) mac Muirchadha.

30 Géag shaor ór síoladh Branaigh

’s na laoich tromdha Thuathailigh

’s Uí Fháilge na bhfonn ttoraidh

fonn fá daingne ar Dhanaraibh.

31 Do chloinn Chathaoir nár char luach

Ó Fearghuil fla[i]th na bhforttuath

dursan claondáil Gall ’na ngar

Í Fhaoláin is clann Cholgan.

32 Uí Dhíomasaidh is Uí Dhuinn

uaidh is Uí Bairce an bhogfhuinn

ór chin(n) an chlann-sin Ghormáin

fir nár thaibhsigh tromchongháir.

33 Fillfe[idh] mé ní meanma shlím

ar Chathaoir fionnmac Fheidhlim

mac do Chormac gealta gaoth

ealta ndonnbhrat fá deaghlaoch.

34 Meic Nia Chorb is í Chon Chorb

leanfa[idh] mé suas an seanlorg

mac Conchubhair bhúidh boggluair

confadhaig n-úir n-abhrashuaidh [leg. -radr-].

35 Meic Finn deaghmhac Rosa Ruaidh

meic Feargusa fairrge fleadhfhuair

meic Nuadha Neacht seaghdha sean

mac Séadna do chleacht cóigeadh.

36 Meic Luídheach laoichfhinn laoch Náis

mac Breasail Bhric go mbiothghnáis

mac Fiacha foibhric gaoith grinn

mac [an] laoich oirdheirc Oilill.

37 Meic Fearadhaig nár bhris bóid

mac Nuadha Fhinn mac Allóid

mac Airt náir mac Modha Airt

cáin [leg. cairt?] chláir Logha ’na laochchairt.

38 Meic Criomhthain chosgraig gan cheilg

meic Fearadhaig Fhinn airmdheirg

eochair ghéib(l)inn Teamhra an triú[i]r

meic Fei(dh)lim fherrda Fhoirtriú[i]n.

39 Feidhlim Foirtriuin go bhfoghuil [509]

mac Feargusa foirteamhuil

meic Breasail chaomhbrais churadh

fá mac Aonguis ollamhu(i)n.

40 Mac Oilioll bhracháin shaoir sheing

mac Labhr[aidh] Loinnsigh luaidheim

Oilioll Áine a athair sin

do chuirr báire ar Bhreaghaibh.s

41 Meic Laoghaire Luirc fá mac

d’Iúghoine Mhór na míonghlac

meic Eochaidh bhuadhaig bhladhmhóir

gan uamhan re n-ollamhnaibh.

42 A-nois buailid fá chloinn cCuinn

clann Ghormáin is clann Tuairim

ag Iúghoine is ceann dá ccraoibh

gearr go crúsnoidher a ccómhghaoil.

43 Don tsíol cCuinn chéadna is congaibh

is sliocht Dái Thí tréanbh[l]ádhaigh

sliocht na cColla is clann[a] Néill

dronga nár chrannda caithréim.

44 Don tsíol cCuinn-si clann nDálaigh

fine Ruairc is Raghallaidh

gabhla fulaing ó bhfuil frais

go rinnr umhalr is Iorrais.

45 Don tsíol cCuinn-si is cómhghaol dáibh

ríoghra Mídhe clann Cholmáin

is sliocht Aodha saoir Sláine

dá chraoibh ghaoldha ghlanáille.

46 Don tsíol cCuinn-si nár chlaon smacht

síol cConchubhair cláir Connacht

luath choinnmhe Chruachan Meadhbha

fóirne u[a]llcha innfheadhma.

47 Ar shliocht Ughaine is iul glan

a-tá an rí(gh) is ríoghroidh Alban

brath a-nonn uaim-si orthadh [leg. orthaibh?]

drong as uaisle d’Albanchaibh.

48 Ar áirimh mé Mórdha a ndáil

’s na fir chródha clann Ghormáin

dream do threibh na saorbhrogh séimh

dá threibh a haonbhun iad-séin.

49 Ughaine mac Eachaigh áird

mac Duach laghdhraigh luinn lonnghairg

mac Fiacha tolgraigh nár shlím

do ordaigh f[h]iacha ar Éirinn.

50 Meic Muireadhaig bholgraigh bhuain

meic Síomóin bhric fear feadhmchruaidh

mac Aodháin ghlais fá glas snuadh

bras gach aondáil ’gá iomluadh.

51 Meic Nuadhad Finn fáil fearrdha

mac Giallchad guirt goirmTheamhra

mar doineanna do dháil maoin

meic Oilealla áin fholtchaoin.

52 Mac Síorna mac Déin meic Maoin [510]

mac Roitheachta áird fholtchaoin

mac Aonguis ollmhuchaidh mhir

gan clódh bfocal re bhfillidh. [corrupt?]

53 Mac Fiachaidh labhrainne ón loch

mac Smiorghuill mac Seanbhoths

mac Tighearmhais do thuill toirm

le loing imealghlais aghghairbh.

54 Mac Follaigh mac Eithrial óig

mac Irial fáidh go bhfialmhóid

níor ghné dearóil gleic na bhfer

meic Éireamhóin meic Míleadh.

55 C(h)úig glúine is tríocha túillmheach

ó Eireamhón fhionnbhruí[gh]neach

dul tar gábhadh is gearr uaim

go hÁdhamh ceann na ccaomhshluadh.

56 Mar sin téid meic Maoil Eachloinn

go ceap cháich cuaird neamhmhearbhthuill

Adhamh aosda an chuain chlannaigh

uaigh as taosdha thángamuir.

57 Fillfead don dul-so ar Dhómhnall

gnúis chaoin aghaidh abhra[dh]mhall

troig chobhsaidh go ccladh bhfeadhma

lámh chosnaimh na caithbheárna.

58 Mac Maoil Eachluinn an airm naoi

taobh solus ón sia neamhghnaoi

rosg sochair glan mur ghoirmshreibh

dóchus [leg.dochair?] cár re caomhordaib [leg. -airrdhibh?].

59 Déad rionnghlan mur fhrais neamhonn

gruadh sholusda shaoirghnédho[nn]

nár chréachtnuigh ainmhí [leg. ainimh?] ná aoir

ós realtuin d’aighidh fhochaoil.

60 Tárla iosdag caolshlat ccorr

sa[n] bhfonn dúthchais ag Dómhnall

ó nách filltear dámh doiligh

finntreabh go bhfá(i)l bhf[í]oroinigh.

61 Brogh mar bhruíghin Dá Choga

ag ua Dhuinn is Dhiarmoda

le haghaidh aoidheadh do riar

saoirfher do ghabháil Gailian.

62 Brugh mur bhruíghin Mac Dá Reo

a ccrích Laighean na laoimcheó

an ccéin rug ar athghnaoi sin

ní lámhthaoi dru(i)d dá dhóirsibh.

63 Brogh so mur bhruíghin Dá Bhreagh [leg. Bhearg?]

’nár thuit gá doilge díbhfearg

fághlach re foraire sgeoil

Conaire d’armaibh aincheoil.

64 Brugh so a ccendchar cheárd na suadh

brugh lán dá lingid marcshluagh

greadha srianbhoga crua(dh) ccorr

um ua Dhiarmoda uim Dhómhnoll.

65 Do-gheabhtha sa ghlanbhrog fhionn [511]

bró churadh ós cionn fithchioll

’s bró mhallbhan ag cur chorthar

brog léar snadhmadh sobharthan.

66 Tig ’na cceann ar cionn oidhche

lucht cúmtha sgéal sgiamhfhoirfe

don treibh thaobháird nách treabh shlím

fer do gach aonáird d’Éirinn.

67 Tig an fhla[i]th ’s an fear fághla

don tigh-si is tigh ríoghdhámhna

tig an file ’sa[n] fear grá[i]dh

san tig [leg. teagh] oirdheircra re tromdháimh.

68 Port oinig iarthar ó tTáil

iosdadh chaithmheach an chlocháin

port na n-ógbhan ’s na n-eachlach

ródbhrog bocht is baintreabhach.

69 Mac Mheic Gormáin glac bháirrgheal

ar ndias abaigh ionfháidheadh

ar cceann síodha ar ngealladh gar

earradh díola gach deoradh. Deora[idh]...