firstLine"; ?>

675. Dia do bheatha a mheic Mhaghnuis $
Length: very long 57qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 4(24/P/27) late 17th cent.
  2. NLI G 167 Semus MaGuidhir 1727
  3. RIA 215 (A/v/1) ? 18th cent.
  4. RIA 727 (23/C/33) M.OgOLongain 1810-
  5. RIA 564 (23/N/26) E. O’Reilly 1815-18
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 2
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. moral qualities of woman patron
  4. hosting, sluaigheadh
  5. fosterage
  6. oireacht
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 4)mc Mathghamh. (G167)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnais
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Magh Leana
  2. Judgment of Solomon to halve babe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia do bheatha, a mheic Mhaghnais


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 2]


1 Dia do bheatha, a mheic Mhaghnais,

ó Thír Chonaill chaladhghlais;

bí ag deifreaghadh, a ghruadh ghlan,

go sluagh gcleithleabhar gCruachan.


2 Deifrigh chugainn, má taoi ag teacht,

ní beag tadhall san tuaisgeart;

a rí an fhonnmhuighe Ultaigh,

bí it chomhnuidhe i gConnochtaibh.


3 A ghnúis dílligh, deifrigh ort

d’fhéachain Chóigidh Ól nÉagmhocht;

ná bí troighleasg, tar anall,

ná gabh toirmeasg ’na thiomchall.


4 Dia do bheatha, bí ag toidheacht,

tiomsaigh trá do shaoroireacht;

déana lánshluaigheadh, tar thort,

tre mhagh gclárnuaigheal gConnocht.


5 Tiomsaigh leat laochraidh Uladh,

fada atáid gan tiomsughadh,

do sgur chommórthais chlann gCuinn

red bharr ndonnórthais ndíoghuinn.


6 Fiarfaigh féin do shíol Shuibhne,

an truagh leó, a fhlaith Mhodhuirne,

mar táid Connachtaigh ag cur

re trommacraidh fháid Uludh.


7 Abair re clannaibh Néill náir

déanad connailbhe is combáidh;

foillsigh dhóibh a rabháigh rinn,

a bhranáin óir ós fhidhchill.


8 Tabhair chugainn druim ar dhruim

síol Eóghain, ceinéal gConaill,

fad dhreich n-úir ngríosmhálla ngil,

do shúir chíoschána an chúigidh.


9 Do chomhnámhaid, do chleamhnaoi,

cruinnigh fad chéibh n-imealnaoi;

fine mhór chneasbhláith Cholla

slógh ó leasráith Liathdroma.


10 Aithnidh dúin, gé dearmaoid soin,

ná rigthi a leas lá an tsluaghaidh

acht clann fhionnDálaigh fhóid Bhreagh,

ioldánaigh na gcóig gcóigeadh.


11 Na ceithre dronga atá thall

don tsíol do chin ó Chonall -

cur feadhma dhóibh risan druing

slóigh Teamhra ní budh tualuing.


12 Clann Dálaigh na ndúinteadh slim,

Dochartaigh, sluagh síl mBaoighill;

siol órbh anshuaimhneach Ulaidh -

síol glanuaibhreach Gallchubhair.


13 Ag sin na ceithre catha

atá d’éis an ardfhlatha,

lucht buaidhirthe Banbha Cuinn,

sluaighshirthe calma ó gConuill.


14 Dá meathaid fir Éireann ort,

géabhaid duit ceannas Connocht

laoich fhromhtha na gceithre gcath,

beithre Tolcha na Teamhrach.


15 Síol gConaill na gceithre slógh

tabhair leat líon a dtionól,

fonn sámh na ngortfhoithneadh nglan -

go socroighthear clár Cruachan.


16 Go ndíoghla tú ar imthigh ort,

ná déana síoth ná socrocht

fa chrích mbuig seinshleachta Sreing,

do chuid eighreachta d’Éirinn.


17 Ná bí réidh go rabhthaoi i bhus,

eadamar, a ucht solus,

ní budh thall réidheóchaid ruinn

ó éireóchaid clann Chonuill.


18 Ní cás duit dol ar a n-iocht;

go leagthar iad i n-aoiniocht,

ní soileagtha thú tairsibh,

oireachta an chrú Chonaillsin.


19 Níor chóir dhuit déanamh tairsibh,

oircheas don chrú Chonaillsin,

dot chneas shíthsheang, dot ghlaic gil,

a ndícheall dait do dhéinimh.


20 Ní mór dhíobh, a dhearc mhálla,

nách oide dil diongmhála,

nó rodhalta dot ghruaidh ghil,

nó comhalta uair éigin.


21 An lucht is sine ná sibh,

atáid agaibh ’na n-oidibh,

clann cháigh ’na ndaghdhaltaibh dhuit,

a tharngartaidh Cláir Chorbmuic.


22 Briathra a maca samhla so

adubhairt Conall Cruachno

ar Moigh Léana uair eile,

a réalla shluaigh Shligighe.


23 Lá dár fógradh cath ar Chonn

ar Moigh Léana a los eachtronn -

barr cleathmhongach na gclodh lag -

le Mogh neamhchorrach Nuadhad.


24 Teagaid fa Mhogh Nuadhad náir

forgla fhear nÉireann d’éanbháigh -

sluaigh fhlathamhla ar nár ligh smacht -

acht fir chathardha Chonnacht.


25 Ní raibhe le Conn san chath

acht fir Chonnacht dá chumhdach -

laoich na ngreagh soidhéinmhe seang -

re coimhéirghe fhear nÉireann.


26 “Beag dhúinn Connachtaigh,” ar Conn,

do mhuin chomhráidh re Conoll,

“is sluagh Éireann ’nar n-aghaidh,

a ghruadh shéimhsheang shíodhamhail.”


27 “Fir Éireann ó thuinn go tuinn,”

dob iad comhráite Conuill,

“níor chuirthe dháibh uamhain ort,

eidir shluaghaibh chláir Chonnacht.”


28 “Oide dhuitse nó dalta,”

ar Conall, “nó comhalta,

a chiabh ghnéabhuidhe, a ghrádh ban,

gach éanduine i gclár Chruachan.”


29 “Sinsir Chonnacht láimh do láimh,”

do ráidh Conall i gcéadáir,

“atáid `na n-oidibh agaibh,

a bhoiggil áig abhraduibh.”


30 “Comhalta dhuitse, a dhearc mhall,

do lucht comhaoise,” ar Conall,

“ód chomhaltrom, a ghruadh gheal,

re sluagh dtolachcorr dTailtean.”


31 “Gá dám dhó?” ar Conall Cruachna,

“atáid ar n-óig anuallcha

dhuit, a mharcaigh Mhuighe an Sgáil,

’na ndaltaibh uile d’éanláimh.”


32 “Créad as budh beag leat do líon

mar sin,” ar oide an airdríogh;

“sluagh carad ar aontoil ann,

aontroigh tharad ní thiobhram.”


33 Bristear le Conn na gciabh lag

cath na maidne ar Mhogh Nuadhad;

gealladh maith Conaill do Chonn

is maith do chomhaill Conoll.


34 Mar sin duitse, a Í Dhomhnaill,

ní tháirfe taom éagomhlainn

eidir fhréimh chogthaigh Conoill,

a shéimh fhortail abhramhoill.


35 A leómhain Éirne, ní fhuil

acht éanchúigeadh it aghaidh,

’sdo bhí Éire ag cor ar Chonn

do thol a chéile acht Conoll.


36 Is iomdha comhmaith Conuill

d’aos ghráidh fad ghruaidh abhradhuinn,

mar do bhí an Conaillsin Cuinn

’sa rí i gcomhaimsir Chonuill.


37 Dóigh mar do cuireadh le Conn

i sluagh Cruachna ’s i gConoll,

do dhóigh it chomhaltaibh cuir,

’s i romhacraidh mhóir Mhurbhaigh.


38 Fearr iad so ná’ seacht n-urdail

do shluagh thacair thiomargaidh,

fa mhílidh Mhoighe na bhFionn

a tíribh oile Éirionn.


39 An gcéin bhéid ina mbeathaidh

an sluagh fraochdha fuireachair

beag d’anbhuain bhus eagail libh,

a dhreagain armruaidh Oiligh.


40 Créad an turbhaidh atá ort

gan teacht d’fhéachain fhear gConnocht -

laoich na ngreagh síodhamhail seang -

ag síorfhaghail fhear nÉireann?


41 Tuigim fós fáth do mhoille,

a chodhnach cláir fhionnFhoinne,

mar nách foil anacal ort

ag moigh cladhshocar Chonnacht.


42 Goillidh ar th’inntinnsi, a Aodh,

críoch Mheadhbha na múr bhfionnchaomh

ar son nách fuiltear réidh ruibh,

a muintear féin dá fo­ghuil.


43 Dol dí i n-aoineacht ód ghruaidh ghloin

fearr leatsa iná’ lot eadroibh;

saoilim gur lat an leanabh,

a shlat bhraoishlim bhaisleabhar.


44 An gcualabhair cúis na mban,

nó an bhreath ríoghdha rug Solamh,

a ghéag neamhchranda ón Mhuaidh mhir,

i n-uair leathranna an leinibh?


45 Táinig lá i láthair Sholaimh

cúpla inghean éagsomhail,

dias data ghnéanaoidhe ghlan,

éannaoidhe aca ar iomchar.


45 Do bhí gach bean dona mnáibh

ar dteacht ’na cheann i gcéadáir

dá dhearbhadh gur lé an leanabh,

go ndearnadh é d’áiteaghadh.


47 “Ó nách fuil fiadhnuise libh

don chursa um cheann an leinibh,

a roinn eadraibh dob áil liom,”

ar eagnaidh cáigh go coitchionn.


48 “Maith an bhreath,” arsa bean díbh,

“rug Solamh mór mhac Dáibhídh

dúinn fán gcloinn ndóidleabhair nduinn,

roinn an óigleanaibh eadruinn.”


49 “Fearr liomsa mo leanabh féin,”

ar an bhean oile ainnséin,

“gan bheith i mbaoghal don mhac

’sa bheith it aonar agat.”


50 “Tusa féin máthair an mheic,”

ar breitheamh na mbreath n-oirdhreic,

“deimhin gur it bhroinn do bhí,

roinn an leinibh ní léigthí.”


51 Mar sin, a Aodh mheic Maghnais,

do dhruim uilc nó iomarbhois -

gá dtám ’ga innise ort? -

nár mhillisse clár Connocht.


52 Níorbh áil leat, mar is leat féin

sealbh Chonnacht, a chneas mínréidh,

bheith dá milleadh, a ghlac glan;

do-rinneadh lat an leanabh.


53 Do chaomhain sibh Cruachain Chuinn,

do chosain tú ar chloinn gConuill

port seinShligigh na sreabh nglan

tar deinmnidibh fhear nUladh.


54 Dá ndearntá comhairle cháigh,

do bhiadh Tailte ’na teannáil,

’sdo bhiadh Cruacha ar char eile;

ná gabh uatha a n-impidhe.


55 Ní héidir ón Inghin Duibh,

dá mbeitheá féin dá bhfoghuil,

a dhéar díleanda ó Bhóinn Bhreagh,

díbhearga dhóibh do dhéineamh.


56 I gcúigeadh ’na mbia an bheansa

ní lamhthar luadh imreasna;

srian re Conallchaibh gur chuir,

do chomharthaigh Fiadh Fionntuin.


57 Go breith oirn d’inghin Shéamais

síoth do chách ní choingéamais -

fiadh Breagh go dtarla ar a tol -

ar feadh an abhra d’iadhodh.


58 Ón tráth fá dtánaig tar muir

ní chuimhnighid clann Dáluigh,

tre sduaigh Cabha an chláir iodhain

fala cháigh­ ’na gcroidhiodhaibh.