firstLine"; ?>

677. Dia do bheatha a Mhuire (mhor) $
Length: middling 16qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
  2. R.I.A. 8 (24/L/6) E. O Caoimh ?1679
  3. NLI G117 E & Art O Caoimh 1693-
  4. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  5. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
Prints:
  1. text DiD no. 19
Motifs:
  1. eulogy of patron’s personal appearance
  2. imagery for saint
  3. role of BVM
  4. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (RIA252,254,256,
  2. Donnchadh Mor (TCD1411, RIA249)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (’Authorem nescio’ NLI G117)
  2. O Dalaigh Fionn NLI G40)
Patron Christian Names:
  1. B.V.M.
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia do bheatha, a Mhoire mhór


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 19]


Aonghus Fionn Ó Dálaigh .cct.


1 Dia do bheatha, a Mhoire mhór,

a bheatha as ghloine ná an ghrian;

Dia do bheatha, a shúlmhall shaor,

a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar


2 Dia do bheatha, a bhuime an ríogh

im sheasamh im shuidhe im shuan;

Dia do bheatha, a fhabhra úr,

a rún m’anma, a bheatha bhuan.


3 Dia do bheatha, a fholt mar ór,

Dia do bheatha, a bhos mar aol,

Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,

Dia beatha a lón [gnáth] dod ghaol.


4 Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,

do bhuadh ní measda do mhnáibh;

slighe m’anma is déanta id dheoigh,

a réalta eoil chabhra cáigh.


5 Dia do bheatha, a bhéal mar rós,

Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,

Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,

dod ghaol suas beatha gan bhás.


6 Dia do bheatha, a mhálla mhín,

a ré lán le mbearar buaidh;

Dia do bheatha i n-am an eoil,

a chrann seoil an bheatha bhuain.


7 Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,

éinbhean ní curtha ós do chionn

ar chombáigh do mhongshúl mall

fa bharr throm[úr] fholláin fhionn.


8 Dia do bheatha, a bhruinneall shaor

ler tuilleadh beatha gan bhiadh,

a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh

a [dheisbhean] shaor ógnár fhial.


9 Fáilte uaim dod mhalaigh mhín

rer samhail snátha seang sróill,

nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil

far sgaoil buaile d’íornaibh óir.


10 Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill,

’s dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn,

’s dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,

’s dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.


11 Fáilte uaim dod bhrághaid bháin

ránaig buaidh fháilte gach aoin

’s dod shúil ghlais fhorfháiltigh fhéil

’s dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin.


12 Fáilte uaim dod mhalaigh mhín,

do chruth t’aighthe ’s dot ucht shéimh,

dod throighidh slaitleabhair saoir

dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.


13 Fáilte romhat id mháthair mheic

- fáilte ón dá chás as cóir duit -

sibh it óigh ar meas do mheic;

cóir a reic red chneas mar chuip.


14 Tú an fhíorógh gan righe riot,

an Tríonóid ar lighe leat

tú ar ndaingean ar ghuin a ghlac;

aingeal ód mhac ruibh do reac.


15 Tú urra cobhartha cáigh;

do rodhalta - is curtha i gcéill,

is tú an chraobh do fhás dar n-úir -

do ghrás dúinn i n-a raon réidh.


16 Is tú glainghrian nimhe a-nú,

tú an bhainliaigh gan righe ria,

iomdha ní [le a] gcuire a chlú,

tú do-ní duine do Dhia. Dia do