Poem in printable PDF format
Dia do bheatha, a
Naoidhe naoimh
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
30]
Aodh Mac Aingil
.cct.
1 Dia do bheatha,
a Naoidhe naoimh,
san mainséar do
chlaon do chorp
gidh meadhrach is
saidhbheir Tú
’s glórmhar id
dhún féin anocht.
2 A Naoidhe bhig
atá mór,
a Leanbháin óig
atá sean,
san mainséar ní
chuire a lán
gé nach bhfagha
áit ar neamh.
3 Ar neamh Dhíbh
gan mháthair riamh:
gan athair ’nar
n-iath anocht;
it fhírDhia riamh
atá tú:
is id dhuine ar
dtús anos.
4 Ní sine
th’Athair ná Sibh;
óige an Mháthair,
a Mhic Dé;
sine is óige an
Mac nó í
óige is sine í ná
É.
5 Do dhiadhacht
atá [so] i nglóir
’s T’anum fós san
tír-si abhos
a sheinMhic ’s a
ÓigMhic Dé,
ní tuightear linn
féin do ghoil.
6 Móir-eagna an
Athar nach Thú?
cionas measdar
gan iúl linn?
’sa briathra nach
labhra, a rí?
mór míorbhal
do-ní mar sin.
7 I gcrios
ceangail acht cé taoi,
gluaise mar ghaoi
ós gach spéir;
déantóir na
n-uile is na ndúl
iongna déanta go
húr É!
8 Athair Tú dod
mháthair féin;
maighdeanas nír
thréig an bhean
tuaim gan sholas
- iongna mór -
is grian innti
gan dul as.
9 ’Na spiorad cé
do bhí riamh
corpordha ad-chím
mo Dhia anocht
as gur labhairt
damh is am
Briathar Dé mar
bhalbh ’na thocht.
10 Coisg a
réasúin, stad a chiall,
glac an
creidiomh, srian do bheol,
ní thuigfe, is
nír thuig-se riamh,
dála an
leinibh-si acht Dia beo.
11 Druid do
shúile, a nádúr dhall,
t’eolas annso is
cam an ród;
creidim gach ní
adubhairt mé;
m’ughdar an Té
nar chan gó.
12 Dia do
bheatha, a Íosa arís!
dia do bheatha, i
gclí ón óigh!
a ghnúis is áille
ná an ghrian,
na mílte fáilte
do Dhia óg!
13 Uch! dá
lamhuinn dul isteach
a atú amuigh led
chead, a Rí -
le fáilte,
do-bhéarainn fós
míle agus míle
póg Díbh.
14 Póg dod bhél,
a Bhráthair gaoil
póg, a Phápa
naomh dod chois;
póg dod láimh ós
Tú mo Rí
is duit uile, a
Dhia, mo thoil.
15 Tabhair, a Rí,
gidh nach ceart,
áit id thuamuidh
don treas brúit,
a measg na
ngaedhar ón tsliabh,
rér chosmhuile
riamh ar ndúl.
16 A measg na
n-aoghaire id dhún
áit trem pheacadh
ní dú damh;
acht uaidhne ná
diúlt-sa Uait
ós Tú m’aoghaire
- an t-uan clamh.
17 A Mhuire, a
mháthair, a ógh,
osgail dorus an
chró damh
go n-adhrainn
AirdRí na ndúl;
nach córa dhúin
ná do dhamh?
18 Do-ghéan
seirbhís do Dhia abhos
faire go moch is
go mall;
gadhair na
mbuachaill ón tsliabh
buailfead ón
Triath atá fann.
19 An t-asal fós
is an damh
ní léigfead i
ngar dom Rígh;
do-ghéan féin a
n-áit sin Dó:
asal mé is bó
Mhic Dé Bhí.
20 Do-bhéar uisge
liom go moch;
sguabfad urlár
bocht Mhic Dé;
do-ghéan teine im
anum fhuar
’s tréigfead tre
dhúthracht mo chorp claon.
21 Nighfead A
bhoichtbhréide Dhó
is dá dtuga, a
ógh, cead damh,
mo cheirt féin do
bhainfinn díom
dá cur mar dhíon
ar do Mhac.
22 Biad mar
chócaire gan bhiadh
’s im dhoirseóir
do Dhia na ndúl;
’s ó tá orrtha go
mór m’fheidhm,
iarfad fa mo
dhéirc do thriúr.
23 Ní iarfad
airgead ná ór
acht uair san ló
póg dom Rígh
- do-bhéar mo
chroidhe féin uaim -
’s glacfad é mar
luach an Trír.
24 A Phádruic ón
Leanbh-so fuair
bachall Íosa mar
bhuaidh grás,
a ghein gan
domblas id chlí,
’s a Bhrighid -
bí linn do ghnáth.
25 A phátrúin
Oiléan na Naomh
faghaidh grása ó
dhia dhúin;
mar chruimh i
n-uamhuidh Dé anocht
glacthar
bráithrín bocht ó Dhún.
26 Go nguidhiodh
sin urtha fós
- ó tá gan stór
ngrás ’nar dtír -
fóireadh ’s
filleadh ar na boicht
ó Thoigh
Theamhrach atá ar díth.
27 Míle fáilte
anocht i gclí
le mo chroidhe
dom Rígh fial
in dá nádúir ó
do-chuaidh
póg is fáilte
uaim do Dhia!