firstLine"; ?>

68. A fhir leagtha an leabhrain bhig $
Length: very long (67 qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Louvain)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1006 ?17th c.
  2. RIA181 Seamus MagUidhir 1720-1
  3. NLI G135 T. O Neachtain 1739-52
  4. Mayn. M95 S. O Murchadha na R. 1756
  5. BL Egerton146 Edw. O Reilly
Prints:
  1. transl. (DnamBr no. 12)
Motifs:
  1. imagery for God or Christ
  2. imagery for forgiveness
  3. Sin and penitence
  4. The Five Senses
  5. the 7 deadly sins
  6. Beatitudes: 8 ways to Heaven
  7. Christian virtues
  8. The Ten commandments
  9. Fasting
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde RIA181
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A fhir légtha an leabhráin bhig


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 12]


An teagasg Críosdaidhe i ndán


Oraoid don Léghthóir


1 A fhir légtha an leabhráin bhig,

féch an tobar ó dtáinig;

uille a tharbha iná a thaidhbhsi;

buime th’anma an obair-si.


2 An cisde trér cheandaigh fear

an fearann inar foilgeadh -

ag so an fearann ina bhfoil;

neamhfhonn do nocha dleaghoir.


3 An némhann trér dhiult duine

sealbh a thoiceadh dtalmhaidhe

dá bhféchthar dhí an fonn ’na bhfoil,

do-géabhthar sonn í i n-asgoidh.


4 Ag so a-nois do nimh chugaibh

sreath ghrianach gheam gcarrmhugail,

teagaisg thoirneacha Dé dhúinn,

troimcheatha do sgé an sgrioptúir.


5 Ní thugann dhóibh - ní díoth soin -

foighreach i nGaoidhilg grianaigh;

i nDia, i lochthobar na leag,

cia an fothragadh nach fuairsead!


6 Ní dhearnsam - nír dhénta dhamh -

dorcha lé dealradh briathar

bhróin ngeamhghoirthe niamhtha ó nimh

briathra dealraighthe an Dúilimh.


7 Lé hóradh briathar dá mbeinn,

mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn:

congmhaid fialghe chumhdaigh cloch

urdail na faighne i bhfolach.


8 Rolla na bhfiach dho dhleaghair;

cairt do dhúithche ón Dúileamhain

daitsi gan sgéimh do sgríobh mé;

sgríobh féin an gcairt-si id chroidhe.


An Chré i ndán


9 Atáid doirsi ar theach nDé;

ní héidir le neach fán ngréin

gan dol tríotha so fá seach

rochdain anonn don rítheach.


10 Na trí subháilche diadha,

creideamh, dóthchas, grádh cialldha -

is iad na doirsi a-deir mé

do bheith ar rítheach nimhe.


11 Ní cás dá gach neoch fá nimh

triall go doras an chreidimh;

eochair gach glais dá bhfuil air

fuairseam ó na habsdalaibh.


12 Na heochracha, adeirim ribh,

airteagail chinnte an chreidimh;

i gcré na n-easbal, madh áil,

do-ghébha iad go hiomlán.


13 Teagaid seachd n-airteagail díobh

tar dhiadhachd Airdríogh na ríogh

is seachd n-airteagail oile

tar dhaondhachd Mheic mhórMhuire.


14 Na seachd n-airteagail-si ar tús

lé nochdtar an dhiadhachd dúinn

atáid sonna, bíod ré a ais

’gan té théid d’fhios an dorais.


15 Creideadh go bhfoil aoinDia ann,

Trionnóid thrén na dtrí bpearsann:

Athair, Mac, Sbiorad naomhtha

go gcomhuaisle, comhaostha.


16 Ó aoinneoch ní tháinig soin,

an tobar diadha, an tAthair;

ón Athair gheinthear an Mac

uatha araon tig an Sbiorad.


17 Is Dia an tAthair ’s is Dia an Mac:

Dia fíre fós an Sbiorad;

is ní trí Dée iad soin

achd aoinDia i dtrí pearsanaibh.


18 Is é an t-aoinDia-sa do chum

neamh, talamh, agus iofrann

’s gach a bhfuil eatorra so

’s a mbí ag áitioghadh ionnta.


19 Uaidh do-ghébham, más í ar dtoil,

grása is maitheamh ar bpeacadh,

eiséirghe na gcorp, lá an Luain,

glóir shíor i mbeathaidh bhiothbhuain.


20 Ag sin na hairteagail daoibh

thráchdas ar an ndiadhachd naoimh;

gá dtám - anois is nochdtha

airteagail na daondachda.


21 Do chéidneithibh creidthe dhúinn

gur ghabh Muire i ndíoghruis rúin

ón Sbiorad Naomh ’na bruinne

mac an Athar síordhaidhe.


22 Go ndearnadh Dia ’na dhuine

’s duine ’na Dhia síordhaidhe,

go beith don dá nádúir soin

gan chumasg i n-éinphearsoin.


23 I gcionn naoi míos dá éis sin

rug an Ógh É san Bheithil,

gan choill a hóghdhachda dhi

’na dhiaidh, roimhe ná an uair-si.


24 AonMhac Dé, Dia agus duine,

fuair ’na nádúir dhaonduidhe

bás croiche, a adhlacadh soin

tré choirthibh chloinne hÁdhoimh.


25 An bás-soin achd gé dho sgar

a chorp naomh ré a anam nglan,

nír sgaradh ré ceachdar díobh

diadhachd iodhan anAirdRíogh.


26 Téid go hifreand dá éis so

d’fhuasgladh na n-aithreadh naomhtha;

éirgheas ó mharbhaibh go prap

an treas lá arna adhlacadh.


27 I gcionn dá fhichead lá lán,

do-chuaidh ar neamh na naoi ngrádh;

ar deis a Athar gur shuidh

i n-éinghlóir ris an nAthuir.


28 Do bhreathnughadh bheo agas mharbh

tiocfaidh Sé bhudh tuirionn garbh

mar a gcuirfe gach duine

i nglóir nó i bpéin shíordhuidhe.


29 Ós cionn a n-abram anos,

gach a n-aibéora an eaglas,

más sgríobhtha gion gur ab eadh,

cóir don Chríosdaidhe a gcreideamh.


30 A ndobhramar sonn go se

biaidh ag gach aon dá gcreidfe

raon solas anonn ar nimh

tré dhoras ndorcha an Chreidimh.


An Phaidear i ndán


31 Dóthchas an dara doras;

gibé thogras triall chuige

gach aisgidh ar Dhia is iarrtha

iarradh ’s measadh go bhfuighe.


32 Gach itghe is oircheas d’iarraidh

atá a hiarraidh ’san phaidir;

abradh í so go minic

gibé lé sirthir aisgidh.


33 Bíoth, a Dhé, a athair neamhdha,

i meanma, i mbél gach duine

th’ainm ré saoghal na saoghal

dá naomhadh feadh na cruinne.


34 Tigeadh chugainn do ríoghdhachd;

go rabham síodhach sádhal

gan ghuais ndeamhan ná dhomhain,

gan omhan bhreithe an bhrátha.


35 Do thoil, mar aingle nimhe,

déntar linne ar an talmhain;

beatha dár gcurp, a Athair,

tabhair aniogh dár n-anmain.


36 Maith na coirthe do-niamaid

gé táid ’na bhfiachaibh troma,

mar mhaithmíd féin a gcoirthe

do chách oile ar dho shon-sa.


37 Ná leig cathaighthe an dhiabhail

do dhol i bhfiachaibh oirne

achd saor inn ó gach énolc:

déntar a n-iarmaid oirbhsi.


Fáilte an aingil


38 Dia do bheatha-sa a Mhuire,

a thuile lán do ghrásaibh!

Atá an Tighearna it fhochair,

a ghein shochair chlann nÁdhaimh.


39 Beannaighthe thusa tharsa

deaghmhná na talmhan uile;

’s is beandaighthi an ghein ríodha,

Íosa, toradh do bhruinne.


40 A naomáthair Dhé, a Mhuire,

a bhuime mar an gcédna,

guidh orainne, na peacaigh,

’nar mbeathaidh, ’s i n-am éga.


Deich n-aitheanta Dé


41 Dá n-iarra osgladh gun ghrádh,

an treas doras atá ar neamh,

comhaill deich n-aitheanta an Ríogh

mar táid ann so síos fá seach.


42 Dia bréige d’adhradh ná tairg;

ná tabhair ainm Dé gan fháth;

Domhnach, lá an Tighearna Dé,

coimhédtar libh é dho ghnáth.


43 Onóraigh th’aithre go búidh;

ná déin marbhadh, drúis ná goid;

ná déin bréigfhiadhnaisi ar neach

a mhaoin ná a bhean ná hiarr dhoit.


Cúig aithne na heagailsi


44 Cuir i gceann a ndobhairt mé

cúig aithne na heagailse:

coimhéid gach saoire go beachd

’s déin aithfreann innte dh’éisdeachd.


45 Troisg an Corghas go glan glan,

Uighil ’s Troisgthe na hAnman;

ná tomhail feoil ar dho phroinn

Dia hAoine ná Dia Sathroinn.


46 Tré bhiotha shíor ná bíodh sibh

éinbhliadhain gan fhaoisdin;

Corp Chríosd, ón Domhnach ré gCáisg,

caith lá éigin, go mionCháisg.


47 Ná déna banais iar ndáil

ó thús Chorghais go mionCháisg,

ná ó thús Aidbheant go grod

go dá lá dhég d’éis Nodlag.


48 Muna dhearna a n-abram ribh,

trí doirsi thighe an Dhúilimh

iadhfaidhear uile rét uchd:

dol asdeach ní bhia id chumhachd.


Do na sacramainntibh


49 Na seachd sacramainte dhoit:

Baisdeadh, Dol fá Láimh Easboig,

Corp Críosd is Faoisdin ghlan,

Ola ré mBás, Ord, Pósadh.


50 Is leo sin ghléstar na glais

atáid róimh ar dhún bParrthais

i n-aimhréidh dá ndeachad so

tré chaill aithne an ArdFhlatho.


Do na subháilchibh agus do na lochdaibh


51 Fios subháilcheadh ’s na locht

atá, ós cionn a ndobhart,

’na bhfeidhm ar gach neach fa nimh

dá dtriall go teach an Dúilimh.


Na 3 shubháilche diadha


52 A-dobhramar roimhe so

na trí shubháilche diadha:

creideamh, dóthchas agu grádh;

gá meisde a-rís a n-iomrádh?


Na 4 shubháilche cairdionálta


53 Ceithre tréidhe is díol grádha

na subháilche prinspálta:

gliocas gan cheilg, ceart gan lochd,

neart gan fhairbríogh, measardhachd.


Tiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh


54 Seachd dtiodhlaighthe an Sbioraid Naoimh:

eagna, tuigsi, taoibh ré taoibh,

comhairle, neart, fios neamhdha,

búidheachd, eagla an Tighearna.


Na dronga beannaighthe


55 Na hochd ndronga beannoighthe

dá ngeall Dia luach a gcroidhe:

na boichd fhíre is beannaighthe,

budh leo féin ríoghdhachd nimhe.


56 Beannaighthe an drong ceannsaighthe,

budh leo do sheilbh an talamh;

beandaighthe luchd searbhthuirsi,

biaidh sólás fá dheoidh aca.


57 Gibé ara mbí ocaras

’s tart cosnamha na córa,

a fhoirceann bhudh roshona;

biaidh sásadh ó Dhia dhósan.


58 Luchd trócaire is beandaighthe,

trócaire ó Dhia do-ghébhad;

mar sin d’aos an deaghcroidhe,

budh leo do shíor Dia d’fhéchain.


59 Clanna Dé díobh goirfidhear:

is beannaighthe an drong shíodhach;

an drong fán gceart choirighthear,

flaitheas Dé bhudh é a ríoghdhachd.


Oibre corpardha na trócaire


60 Seachd n-oibre na trócaire

dá ngoirthear oibre corpdha:

cosg tarta gach brónchuire,

biadh do thabhairt don ocrach.


61 Édghadh nochd, mairbh d’adhlacadh,

oirchiseachd aoigheadh n-annamh,

cuairt ag braighdibh fannbhochda

do dhénamh, ’s ag aos galair.


Oibre sbioradálta na trócaire


62 Seachd n-oibre na trócaire

ainmnighthear as an sbioraid:

sáimhchealgadh luchd mhórthuirsi,

ceartoghadh cáigh ’na gciontaibh.


63 An té atá i gcás chomhairle

comhairle dho do thabhairt;

in gach ní dá rodhoilghe

foighide do bheith agaibh.


64 Teagasg luchd ainbhfeasa,

guidhe ar bheoaibh ’s ar mharbhaibh,

maithmheachas na n-aindligheadh

do thabhairt do luchd adhbhair.


Na peacaidh mharbhtha


65 Díomas, sainnt, is drúis, má-le,

tnúth, craos, fearg, agus leisge,

na seachd bpeacaidh - díochra a nglonn -

mharbhas do shíor an t-anam.



Na ceithre críocha déighionacha

66 Seachna na bpeacadh mhadh áil,

dorrdha na bháis, ceirtbhreatha an Ríogh,

glóir nimhe, ifrionn na bpian-

bíodh siad it intinn do shíor.


Na cúig céadfadh corpordha


67 D’eagla an bháis do theachd dod toigh

coimhéid ar dho chédfadhaibh:

blas is glacadh ’na mbia locht -

boladh, éisdeachd, is amharc.