firstLine"; ?>

682. Dia do bheatha i n-adhbhuigh h’athar $
Length: short 9qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid (1640)
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet-patron relationship
  3. Sea-voyage
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh Og mac Cormaic
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh (2d Vcnt Muskerry d.1665)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia do bheatha i n-adhbhaidh h’athar

[RIA 1387 (23/O/78), 107]

[Séadna, Dán Díreach]


1 Dia do bheatha a n-adhbhuigh h’athar

a ógáin le a mbí mo bháidh

feirde do thocht on tuinn anfuidh

go port Chuinn a Chárthuigh cháir.

2 Failte ród a-rís dá-ríribh

a rún fial ’na bhfuil ar suim

a chruth shaor gan amhla [leg. u-] d’fhaluigh

a chraobh chubhra an toruidh thruim.

3 A dhíon mionn a mhóradh eigeas

a oig throm dhá ttóirneas tnúth

rob dia gac lar ceim dar ccongnamh

a mheinn nár as roghlan rún.

4 Maith dhamh a Dhonnchaidh mhic Cormuic

a churaidh mhir as mor ainm

do theacht (slán) gan lén [slán] a Sagsuibh

lán do shéan ón ghlasmhuir ghairbh.

5 Fiche failte dhearbhus díogruis

dlighim ar tús do dháil dhuid

o thoil do-bhéar uaim an fhailte

do-gheabh dod ghruaigh bháinte bhuig.

6 A-taim romhad lán do lúthgháir

a laoich óig an aignidh mhir

a bheithir bheodha chlann cCarthui[gh]

ní heonna a n-am anfuidh ibh.

7 O thánguis chuguinn dar gcabhu[ir]

a ccrích Neill do arduigh bhfoi[nn] [leg. th’fhonn?]

ot faigsin dú(i)nn rod fia fáil[te]

a rú(i)n dia bhur sláinte so[nn].

8 Fuighfidh tusa a n-ionadh h’athar

madh áil le hÍosa as dual deit

ní mor duid mar chéim a chara

do chuid féin gur mara a mheic.

9 Fir Mhúsgruidhe na múr mbreaghdha

beg a n-iongnadh iad a laoich

ód triall dod thigh a thuir Lemhna

do chuir sin a menma a maoith. Dia...