firstLine"; ?>

683. Dia do chaomhna chloinne Fiachaidh $
Length: short 10qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
  2. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS 1726<1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 55
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. patron’s liberality to poets
  3. war with the Foreigners
Poet Christian Names:
  1. Seaan (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Ruanadha
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim
  2. Remann m.Fiachaidh m.Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia do chaomhna chloinne Fiachaidh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 55]


Seaán Ó Ruanadha .cc.


1 Dia do chaomhna chloinne Fiachaidh,

fiorcharuid cliar Chláir na bhFionn,

Rí nimhe dá ndíon ar dheacruibh;

ar ghuidhe an Ríogh leantuir liom.

2 Lór do chaomhna chloinne Fiachaidh,

a bhfeirg eachtrann Innse Fáil

fár fhás ’na n-aghaidh do rúinnimh,

cabhair ghrás an Dúilimh dháibh.

3 Rí na ndúl gan dlaoi ar fheartuibh,

ar fhéin cniocht na gcosgur ndoirbh

nó go gcuire lé cloinn Fiachaidh,

boing fá ghuidhe d’fhiachuibh oirn.

4 A lagadh nár léige an Tríonóid;

níor thairg neach a-niú dá mair

neart do thuar mur do thairg Féilim,

luadh in gach aird d’Éirinn air.

5 D’Íosa Críost do chum gach aondúil,

ós é is treise go ttí a thoil,

ní érann go ttraoth a threisi

Rémann laoch dár treisi ar ttoil.

6 Clann oirdheirc Fhiachaidh mheic Aodha,

in gach aonchás éirghios dóibh

ag so an tí ar nách cás a gcoimhdhe,

Rí na ngrás, oighre don Óigh.

7 Dá mhac codhnaigh chloinne Raghnoill

lé raghuid cách, croinn ós fiodh,

Dia do char na deisi a ndeighneart;

ó threisi is gar eighriocht d’fhior.

8 Ón aird tuaidh fá thuitim Fhiachaidh

eidir fhéin eachtrann a ngliaidh,

lán do fhraoch dhomhaolta dhearbhtha

comhaonta laoch ndearbhtha ad dhiaidh

9 Fóir Uladh as t’ucht, a Fhéilim,

iath Laighion do lomairg siad;

ní fóir nách feidhmghríobhdha a ttachar,

tóir deighdhíoghla h’athar iad.

10 Adhbhar a ndíona ó Dhia Athar,

aimhcheart d’fhulang ní hé a mian;

dul tar ceart a n-aghaidh anbhfainn

níor chleacht daghfhuil Raghnuill riamh