firstLine"; ?>

684. Dia do chonghnamh le Cormac $
Length: middling 18qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. NLI G97 (first line only) M. OgO Longain
  3. RIA 72 (3/B/14) trscr. < O’Hara MS1826
Prints:
  1. transl. Bk O’Hara no. xx
Motifs:
  1. qualities of patron’s character
  2. patron’s liberality to poets
  3. fertility in reign of just prince
  4. Kingly Functions:binding men together etc
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
Patron Christian Names:
  1. Cormac
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia do chongnamh le Cormuc


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 20]


Maol Muire Ó’n Cháinte .cc.


1 Dia do chongnamh le Cormuc,

fear nach clos do chogarlot,

gég do shlógh mhearrdha Mhumhan,

sógh meanma do mhédughadh.


2 Dóchoide deighrí nimhe

do chungnamh ler gceinnphile

neamhthoil Dé nach dearnadh leis

sé gur dearbhudh ’n-a dhíoghrais.


3 Ó aois naoighean gus a-nois

dé thárroigh tréan a dhúthchois,

grás Dé dá choimhghe ar cheanoibh,

sé don Choimdhe ag creideamhoin.


4 Mac mheic Oilill nar char crodh,

creideamh dhó dho Dhia athor

damhna a luaidh tar chaomhchloinn cCéin,

na saorchroinn nar thuair toibhéim.


5 Ós do Dhia tárruigh treisi

codhnach an chláir Luighneise,

tréigion Dé dhó ní dlighthir,

an té as mhó as a muinighthir.


6 Tuigthe [dh’airghibh oighre] Chéin

go dtarrla Dia dá dheighréir;

rath Dé do dheaghbhronnadh dhó

’s nír neamhphronnadh é uadha.


7 An flaitheas fhuair Ó hEadhra

- do chách ni cúis dhoimheanma -

a huchd chodhnoigh cláir nimhe

foghnaidh dháibh mar dheirbhfhine.


8 Gé a-tá ar breith dh’oighre Úna

cur as dá aos iomthnúdha,

go mbeid soin is sé dh’éantoil

acht toil Dé ní dingéntoir.


9 Tig ann d’airrgheanoibh flatha

nach díoghoil a dheacracha

le féin gcrannruaidh cláir Luighne

d’anbhuain cháigh dho chomairghe


10 Mar tá cuingidh chláir Shligigh

ionmholta as a fhoighidin

clú ar thoirbheartoibh do thoill sin

tar chloinn oirbheartoigh Éimhir.


11 Tuilltear leis a láibh feadhma

- gen gur thréidhe tighearna -

clú teagmhála fa chlár Cuinn

lámh eadrána gach anbhfaintt.


12 Gé bheith dóith gá dénamh dhe

fa chuid don chríchsi Luighne

nírbh iongnudh dá chéibh gcladhoigh

fionnmmagh Céin fa a chomhadhoibh.


13 Mar dhírgheas claon na córa

an macsa mheic Onóra,

do roimhéadoigh fiar na bhfeadh

coimhédoigh giall na nGaoidheal.


14 Do laghdoigh sé na sreapha,

do mhéadoigh na maighreadha,

do-ní mionshrotha don mhuir

rí Fionnlocha dá fhéaghoin.


15 Ní hiad a-mháin do mhédoigh,

tairthe an talmhan troimthrédoigh,

do-ní an flaith gá mbí ar mbunadh

gach ní maith do mhédughadh.


16 Cóir do Dhia gan chor ’n-a cheann

bha bheagán d’aoibhneas Éireand;

sduagh fhionnardghlan ó thigh Tháil

nír dhligh ionnarbadh dh’fhagháil.


17 Mac Úna nar eitigh fhear,

dóchoide Dia dá dhídean

nar thúir sé fholoidh dh’fhadháil;

omhan gan é dh’ionggabháil.


18 As sé as aonghuth dhá fholt slim,

rath Dé nach cóir dho choigill;

riar sgol dá aithle aigi

toil an chaithmhe as córuide