Poem in printable PDF format
Dia do chruthaigh
grianbhrugh nimhe
[Text below is
from TCD 1382 (H.5.10), 113-5 (second copy); the poem is published
in the Transactions of the Gaelic Society of Inverness,
xxvi, 91]
Donnchadh mor Dalla (sic) cecinit
[Séadna Mór,
Ógláchas; according to Knott (ISP p. 17) this metre arose from a
Brúilingeacht of dian mhidhsheang.]
1 Dia do
chruithaigh grianbhrúgh nimhe
ina
lia cluithidh is ceólchaire
ina
lia ainngheal
díadha daithghail
bríathra blasda
beólmhilis.
2 Ina lía gile
ina lia binne
ina
lía gloine is glormaire
ina
lia soillsi griannach grianghlan
is
líag lonnrach
lonngmhairdha.
3 Teagh an
Tigherna teagh gan
díamhair
teagh
gan fhiacha
air óstádhaibh
teagh
na n-absda(i)l an
teagh seasgair
teagh
gan
easbaidh
órduighthe.
4 Teagh na
maighdean nglaicgheal ghreadhnach
maisech médrach
morfholtach
teagh
na n-inghinn
muinnte
múirnach
sugach suilbhir sompladhach.
5 Cúirt mhic
Muire cúirt
gan
chionnta
cúirt
an chuire chomhnúidheach
cúirt na fáilte
cúirt na
sláinte
cúirt
gan caill a
ccocaireacht.
6 Cúirt
gan
fhionnta
cúirt gan íota
an
múr sithgheal sróldhathach
cúirt
na macaomh is na mbannaomh
an
múr gealcaomh
ghloruidheach.
7 Dunn an Duilimh dunn gan diultadh [dunn throughout for dún]
dunn as
muinnte
mormhaithe
dunn gan formad dunn gan dorrdacht
dunn gan colg re comharsnaibh.
8 Dunn gan ghorta dunn gan chogadh
dunn gan crosadh air choirbhreathibh
dunn gan magadh dunn gan mhasla
dunn gan dtaca a ttrócaire.
9
Cathair neamhdha
an
chathair
cheannsa
theasgair tharbhach thoiramhach
cathair bhúadha an
chathair uasal
dhathach dhualach dochaithmhe.
10
Cathair cheardach
ghriannach
dhealbhach
altach amhlach órdhathach
cathair
choinnlioch
thaprach shoillseac
lasdrach lonnrach
lochrannach.
11 Righ an
ríghthígh do dealbh daoine
do
dealbh tíorrtha is toranna
do
dealbh ceathra dhoibh chum beatha
anfaidh feartach
foghnamhnach.
12 As é
do-rinne íath na
cruinne
íasg
is uisge is eóinbhinne
luibhe na talman is
a ccrannghail
mac
Dé ceaird a
ccoirighthe.
13 Do dhealbh
ifrionn da
lucht diamaidh
aonmhac muirnech
morMhuire
do
dealbh spéire do dhealbh reulta
grían is esga
eolusach.
14 As e sgaoiles
la agus oidhche [114]
traighe is taoide trocuirach
as e
an trennRigh do
sgaoil berladh
fa
gach aontír
fhóidtreabhach.
15 Do
dhealbhaigh
gimhredh
luaimneach
linnteach
ruaimneach
rinneach
rothonnach
agus
earrach
siocfhuair
seacach
fliuchfhuair
frasach feothonnach.
16 Do
dhealbaigh samhradh
ghéagghlas ghemhrach
neullach neamhdha
núadhuillech
7
foghmur
bruthmhair
bronnach
cluthmhair
cnómhair
cnósadhach.
17 Do
dhealbaigh díle
bháite dáoine
tair gach tír a
ccomchoitcheaoin
do-bheir tóirneach
ghaothach
glorach
do-bheir reóith agus roitheasbhach.
18 Ceárd na
n-uile do-bheir duille
tair gach muine mórthoireach
le a
liacht cleas do-ní
an mac-sin
ní
gair meas da
mhórmhaithes.
19 Gidh
binn tiompáin 7
orgáin
gidh
binn comhradh
ceólchruite
gid
binn lúite cé
binn
muiseach
is
gach innstrument
cóirighthe.
20 Ceol na
cruinne ’sa ccuid
binnis
’sa
ccur uile a ccomsheinim
as
binne
aingeal da mbí a
bfhlaithes
fan
rígh rathmhair
róchliste.
21 D’éis mo
fhriotail as mé an
cionntach
craosach
cuinntach
confhadhthach
as mé
an pecach cealgach
cleasach
meabhlach meangach
mórghothach.
22 As mé an
mheirleach amhairseach éadmhair
shanntach
shaoghaltach
sronacrach
is
minic d’fhóibrionn
milled ógbhan
brisedh pósta is
potuirecht.
23 As mé an
sionnach sgeulach
sgigeach
bhréigach bhrionnach bheolocrach
brisim saoire
brisim aoinnte
imrim
m’foinnte
air órduighthe.
23 Gnáth dom
chealgadh
pec(ad)a[i]dh
mairbhtha
formad feirge dom
rólosgadh
ní
gaoi uabhair bhíom
air úairibh
ag
maoidheamh m’uaisle is morfhola.
24
Do-nim leisge is
bim air meisge
gan
rocheilt air cóisreachuibh
bim go
sanntach
coimúightheach cainteach
liomhtha
labhairtheach leodhloiscne.
25 A-táid
peccaidh air tí mo
cheanghal
guidhim an
t-Athair
trócairach
an
Spioraid
nertmhair do-ní ferta
sa[n]
Mac feasach foirinnach.
26
Guidhim an Trionóid
liom mair dhionntóir [115]
la na
ttrí slogh do thoichea[s]ta[l]
guidhim(h)
Peader is na
heasbail
ni
trí ceithrer
comhthróma.
27 Fuil do
dheaschigh fuil do ghealtaoibh
fuil
do ghlac mín mhóirsnoithe
páis
na hAoine is tríath da saoreadh
daoine dáore dótheagaisg.
28 Déana go
haobhdha íairr
eiric
is tu
gha béini air
beobhearuibh
a
Dhia laider
fhialmhuir fháiltigh
na
hiarr dáil san deonughadh.
29 Acht mair do sgaoil tu as
an bpriosunn
Ioseph fíorumhal
foghnuightheach
mair do thriallais
as a phianntaibh
Iob
ciallmhur comhráitec.
Finit
le na sgriobhedh le Sean Ó Shuillemháin