Poem in printable PDF format
Dia do réiteach
ar gcarad
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 40]
Giolla na Naomh
Ruadh Mhac Eochadha .cc.
1 Dia do réitioch
ar gcarad,
an Rí bhacas gach
buadhairt,
deighshliocht
Seaáin mhic Rémuinn
is mac Émuinn Í
Thuathail.
2 Atá aca ré
chéile
cairdios nach
éidir d’fholach,
ní as sia ná
caoga bliadhan
gan fheirg niata
gan chogadh.
3 Fédaidh Dia
cosc a bhfeirge,
gan rún ceilge
’na gcridhibh;
gar réitioch
d’fheirg na gcarad,
an fhearg fhada
ní dhlighid.
4 Eidir Aodh ’s
an dá Fhiachaidh
ná reacthar
briathar uatha,
’s ná creideadh
aoinneach eile
gomadh deimhin a
bhfuardhacht.
5 Sliocht Aodha
nár thuill toibhéim,
fir gan
droichmhéin ’na gcridhibh,
’s mac Airt nár
thionnscain meabhuil,
Dia dá seachna ar
fheirg righin.
6 An ttuigid ar
n-aos grádha
gurb é áithios a
námhad
a mbeith scaoilte
ré chéile
gan bharr réitigh
gan chádhus?
7 Teagosc mar
theagosc Thorna
do Chorc cródha
’s do ríNiall
do-bhéaruinn
d’Fhiacha Ó Thuathail
’s d’Aodh nár
fhuathaigh beith fíríal
8 Anuid ar
teagusc Torna
fir bhorba fá lór
tréine,
Corc agus
macraidh Macha,
gan chor gcatha
ré chéile.
9 Mar sin as
cosmhuil don charuid
dán cóir carthoin
ar gceirde,
bheith réidh go
gcead dá n-ollamh,
gan chath, gan
fhocal feirge.
10 An Spiorad
Naomh ’s an tAthair
’s an Mac lér
gabhadh géirphian,
go ttí chugainn
ré dísle
grása an Trír-si
san éinDia.