Poem in printable PDF format
Dia dom
fheitheamh ar fheirg Dhé
[McKenna, L.:
Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious
poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin,
1922, poem 27]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cc.
1 Dia dom
fheitheamh ar fheirg Dhé
go bhfeithear ar
cheilg mo chlí
a searg go
mothuighe mé
fearg Dé dá
rothuile a Rí.
2 Fearg Dé do
bhéara go buan
a éara is gan é
dá dhíol
cóir
ar gclí do dheargadh dhún
Rí
na ndúl do treaghdadh thríom.
3
Crioth ar na néallaibh fa nimh
béaraidh an bioth as a fhail
croch dhearg ré ghéagghualoinn ngil
do
bhir fearg éadtualoing air.
4
’San bhráth ar bhéalaibh na slógh
’mun
bhfáth ag féaghain mo ghníomh
gníomhradh ar gcolla is sinn slán
badh
nár linn i rolla an Ríogh.
5
Badh trom dhamh ó dhíle an bhraith
ar
Rí-ne do char fá chloich
níor
chuir sionn sníomh is an mbreith
bheith an Ríogh dar gcionn i gcroich.
6
Fuil na slabhradh gcorcra ón chígh
ag
adhnadh an ochta uainn
mairg ar a dtá a hoil i n-úir
goin
nach dúin go lá an Luain.
7 Fá
cheann ní céaltair a n-iocht
an
dream do chréachtnuigh a chorp
dá
mbeith sé ar séana ’gun lucht
a
shéala ar ucht Dé ní docht.
8
Sneachta is reodh i nIfearn fhuar
bithshearbh a cheol ní ceol naomh
deirgtheine a-noir is a-niar
moir
dhian teintighe re a thaobh
9
Crithleagfair mo chroidhe ón chiort
minpheacaidh oile rem ucht
drochthonna óna deacair teacht
seacht bpeacaidh comhthroma im churp.
10
Dá lóchrann ar nach luigh smál
dá
chróchbharr thoir agus thiar
coinnle caithmhe Dé na ndúl
an
ré úr gairthe is an ghrian.
11
Breith ar iúl go dtúirear thuas
is
triúr an Dúileamh ’s is dias
fás
le gach lá do ní a nós
mar
tá fós do bhí agus bhias.
12
Reacthair ’gun droing-se re Dia
ar
reachtaibh ní coimse a clú
ag
díon naomh munab ní as mhó
a
haon ’s a dó is a trí thú.
13
Tú ar nAthair tú ar gCoimdhe cáidh
tú
ar n-oidhre i ngach fhachain díbh
is
tú an tí ris nach dú dréim
tú
féin an Rí ós gach rígh.
14
Gidh tréan thú ní chuinge acht ceart
mar
fhuilnge do chrú réd chorp
bheith do chloinn Ádhaimh ar th’iocht
níor
bhoing sliocht an álaidh ort.
15
D’fhearann na cruinne is dá crodh
dar
mbruinne go mbeanam sal
léig
ar mhaithmhighe mé ar cheal
feadh na haithrighe a Dhé dhamh.
16
Gan mhearbhall gan fhíoch gan uaill
do
shíoth go ndearnam fa dheoidh
i
dtráth sguir a Dhé don dáil
go
dtáir mé th’fhuil agus th’fheoil.
17
Fuil do sheangbhonn sháidheas goimh
fuil
do dhearnann dháileas neimh
lochta [ar] mo chridhe ní chuir
fuil
th’ochta ag snighe ’mun sleigh.
18
Gan deachmhaidh gan almsa uaim
ní
teagair ón chrannsa an chígh
socht nocha bhia ar phláigh ná ar phéin
a
cháin féin go ria don Rígh.
19
Gach brugh gach romhagh gach rath
don
domhan ag dul ’n-a rioth
teach Dé ’gá thréagadh ar theach
neach mé ’gam bréagadh don bhioth.
20
Do dhola i ríghtheach na ríogh
díthleach gach rogha acht a riar
ceannach an toighe is dleacht dún
múr
as seacht ngloine ná grian.
21
Mairg nach ceannghann an teagh thuas
neamhghann an treabh ní treabh fhás
mairg ag a ndeachaidh sé síos
cíos
Dé ó bheathaidh go bás.
22
Ar ndeachmhaidh-ne ó mhion go mór
ó
chion go [gceannchaim-ne] ar gcúl
luach é ar an deachmhaidh do dhíol
do
gheabhthair síodh Dé na ndúl.
23
Slad croinn na deachmhaidhe dhí
do
bhoing mearchraidhe ar gach mnaoi
tré
néimh aonchroinn aithne Dhé
ní
bhraithfe mé i gcraobhchoill cnaoi.
24
Mairg láimh do ghrádhuigh an ngreim
mairg do cháidh fan gcánaigh dtruim
tig
rér síol cumhracht an chroinn
do
bhoing lubhghort an Ríogh ruinn.
25
Aithrighe chomhlán is caoi
gabhlán dar n-aithnei-ne é
sal
nocha cheachraidh mo chlí
mádh
glan í ó dheachmhaidh Dé.
26
Leanam naomhadh gacha naoimh
ón
tsaoghal go mbearam buaidh
is
bádhadh coire an dá chéim
croidhe réidh is crábhadh cruaidh.
27
Dia ghéabhas sinn is ar sliocht
Dia
sgéaras inn ris gach n-olc
cóir
breith a bhuidhe an dá bheart
ceart ag duine is bheith go bocht.
28
Do sguirfeadh sruth locha láin
do
chuirfeadh clocha i gcruth óir
muir
do ghéanadh don mhuigh mhín
’s
do ghéanadh tír don mhuir mhóir.
29
Idir thráigh mín agus muir
idir
thír nachar bháidh bail
a-tá
an chruinne ’n-a ghlaic ghil
gan
sbraic fhir uirre ná air.
30
Bheith ar forbhás is díoth dhún
gan
a shíoth is tadhbhás truagh
íocfaidh sinn i síosa an Ríogh
gan
síodh Íosa linn do luadh.
31
Aithrighe agus adhradh ceall
’s
raithnighe anman ón fhioll
madh
glan an corp don taoibh thall
ball
ar a chaoin níor locht liom.
32
Umhla go ndearnam fa dheoidh
ar
mearbhall go dturna thrínn
neamh tré oirísle do fhuair
fear
nar thuair roidhísle ón Rígh.
33
Gach fáth as a bhfuighbheam neamh
go
bhfuilngeam seach cách a chion
síodh Dhé ’gá ceannach ar chrodh
ní
dol d’eallach é ó fhior.
34
Do ghéan a guidhe trém ghaol
ní
sgéar agus Muire mhór
mo
dheala agus Rí na ríogh
ná
tí dhíom cheana do chlódh.
35
Mé ó phurt ag taisdeal na dtonn
as a
n-ucht ní haisdear liom
mo
sdiúir tar buinne an bhean mhall
crann siúil mo luinge an Fear fionn.
36
Íosa Chríosd led thuirimh tú
ní
díosg don bhuidhin lé mbia
a
dtabhair do thuile bó
mó
cabhair gach dhuine ó Dhia.