firstLine"; ?>

689. Dia libh a laochradh Gaodhal $
Length: short 15qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS 1726<1622 ex
  2. RIA 1185 (24/C/55) 18th c? with add.?
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
  4. BL Eg 176 Muiris O Gorman 18th c.
  5. RIA 570 (23/Q/1) Edw. O’Reilly 1794-
Prints:
  1. transl. BM Cat. Ir. MSS i, p. 504
  2. Text LB no.35
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. poet incites patron to battle
  3. spartan life of warriors
  4. war with the Foreigners
Poet Christian Names:
  1. Aonghus mac Doighre (Harvard O Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. O Broin
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia libh, a laochraidh Gaoidheal!


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 35]


Aonghus mac Doighri Í Dhalaigh .cc.


1 Dia libh, a laochruidh Gaoidhiol!

ná cluintior claoiteacht oraibh;

riamh níor thuilliobhair masla

a n-am catha iná cogaidh.

2 Déntar libh coinghleic calma,

a bhuidhion armghlan fhaoiltioch,

fá cheann bhar bhfearuinn dúthchais,

puirt úrghoirt innsi Gaoidhiol

3 Madh áil libh agra Éirionn,

a ghasruidh céimionn gcródha,

ná seachnuidh écht ná iorghail

ná catha mionca móra.

4 Fearr bheith a mbarraibh fuairbheann

a bhfeitheamh shuainghearr ghrinnmhear,

ag seilg troda ar fhéin eachtrann

’gá bhfuil fearann bhar sinnsear.

5 Mó as mall gur hagradh libh-si

Magh Life ná lios Teamhra,

ná Caisiol na sreabh nuaghlan,

ná míonchlár Cruachna Meadhbha.

6 Is díoth cuimhne, a chlann Míleadh,

fonn réidh na ríghlios ndaithgheal,

tug oirbh gan agra Tailtean,

ná táth críoch maighrioch Maisdean.

7 Ní tacha lúidh ná lámhaigh

tug oruibh, ágbhaidh Banbha,

beith díbh urramach umhal

do mhearshluagh gusmhar ghallda.

8 Acht nách deóin le Dia, a Éire,

sibh le chéile do chongnamh,

ní bheith bhar mbuadh a n-éinfheacht

ag sluagh críoch léidmheach Lonndan.

9 Crádh liom eachtruinn dá bhfógra,

ríoghradh Fhódla ’s a n-oireacht,

’s nách goirthior dhíobh ’na ndúthchus

acht ceithearn chúthail choilleadh.

10 Siad féin a ngleanntaibh garbha,

laoich Banbha, beag dá leatrom,

’s fonn mín an Chláir-si Críomhthuin

ag feadhain fhíochmhair eachtronn.

11 Gach rún fill dá bhfuil chuca,

buidhion fhial churadh gcogthach,

’s a liacht námha ar tí a ngona

do-bheir orm codladh corrach.

12 An tráth bheirid laoich Laighion,

cinn daighfhear Chláir na gCuradh,

buaidh eachtrann an Chraoi Cuinn-se,

bídh m’aigne suilbhir subhach.

13 Dubhach bhím-si uair eile,

mar bheirid buaidh na saoirfhear

na Goill-si tig tar tonnmhuir

do chomhloit gasradh Gaoidhiol.

14 Líon gleóidh do laochraidh lannghuirm,

Gabhal Raghnuill, Dia a ndídean;

méd a nguaisi san ghleann-so

do chuir mo mheanma a míneart.

15 Dia leó ag luighe ’s ag éirghe,

tréinfhir as treisi a ttachar;

Dia ’na seasamh ’s ’na luighe

leó ’s a ttráth curtha an chatha.