Poem in printable PDF format
A fhir luigheas
’na leabaidh
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
38]
An Bás
1 A fhir luigheas
’na leabaidh
cuimhne aithne an
fhoirceadail
bíodh eagla an
éaga ar t’aire
féaga d’eagna it
urnaighe.
2 A cholann
chodlas go trom
ní fheadrais nach
i nIofronn
bhéaras lá ort an
eagar
olc a-tá do
thinnsgeadal.
3 Smuain créad as
críoch dod bheathaidh
smuain ar th’olc
it oibreachaibh
pian na hanman
eagla an bháis
a bhfreagra is
adhbhar uathbháis.
4 A cholann an
cumhain lat
nach fuil
d’áiridhe agat
acht seacht
dtroighe don talamh
ceart oile ní
fhuarabhar.
5 Beag fa dheoidh
do chuid don chrodh
a chuirp charas
an saoghal
brat fuar is
adhbhadh úire
truagh mar
adhbhar iomthnúidhe.
6 A fhir gan
eolas madh áil
aitheanta Chríosd
do chongbháil
déanta maith i
n-aghaidh uilc
go maith labhair
do labhairt.
7 Mairg ar a
rachadh fa ríor
breitheamh ceart
i gcúis Aird-ríogh
an agra trom-sa
lá an luain
a-tá orm-sa ’na
han-bhuain.
8 A chóir
[oirinn] dá n-agra Dia
ní díoltar fuil
Mhic Mharia
is gaoithe cró,
na cneidhe
[gan] ró maoithe
[an] maithfeidhe.
9 D’eagla nach
badh fhiú mo mhaith
do ghlóir
d’fhagháil a Ard-Fhlaith
focal Mhuire an
lá-sain linn
fad ghrásaibh
uile aitchim.
10 Focal Mhíchíl
ba díon damh
móide gach maith
a móradh
mo mhaor
oirbheartach aireach
saor
toirbheartach trócaireach.
11 Mac Dé dá
ndeonuigheadh damh
mairg tháinig i
dtruaill talmhan
fágbhaim
choidhche sin mar sin
a fhir fhoirbhthe
’s a óig-fhir. A FHIR