firstLine"; ?>

690. Dia libh a uaisle Eirionn $
Length: very long 47qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid (1641?)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Political
Manuscripts:
  1. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. MacCarthaigh, Eriu 52, 95
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. poet incites to war
  3. War with English
  4. English conquest of Ireland
  5. Conquest of Ireland punishment for sin
  6. cooperation btn Irish and some English
  7. plight of true faith
  8. echo of ‘Dia libh a laochradh Gaodhal’
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og mac Uilliam Oig (NLI G167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. [O Domhnaill?] ‘a uaisle Cheineal gConaill’
Apologue Subclasses:
  1. Bundle of sticks/arrows- only broken singly
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dia libh, a uaisle Éireann!


[Eoin Mac Cárthaigh, ‘Dia libh, a uaisle Éireann (1641)’, Ériu 52, 2002, 89-121]


NLI G167: Uilliam Og mac Uilliam Oig Mheic an Bháird do rinne an dan-sa ag greasacht fhear nEireann et aga ccomhairliughadh im shnadhmadh rer oile in énbháidh charthannaigh et in énaonta a ttús an chogaidh oirdheirc ⋅1641⋅


1 Dia libh, a uaisle Éireann!

Tógbhaidh tosach caithréimeann!

Tánaig uair d’fhóirithin cáigh;

róimhithidh an uain d’fhagháil.


2 Fríoth le fáidhibh fada ó shoin -

acht a-mháin méad bhar bpeacaidh -

cosg an mhadhma-sa chláir Cuinn,

dáil na cabhra-sa chugainn.


3 Rath an tosaigh trialltar libh:

cosnamh dúthchais, díon creidimh,

go dtí dá thuile maithis,

rí na n-uile ardfhlaithis.


4 Céadlaoidheadh as cóir oraibh:

creidimh Críosd ler cheanglabhair

féaghaidh bhar gcoimhneart fa a ceann;

nás séanaidh d’fhoirneart Éireann.


5 Tabhraidh éanaghaidh air féin:

dóchas i nDia ’s a dheighréir;

mó iná congnamh bhar lámh libh

do thornamh bhar ndál ndoiligh.


6 Tárrabhair ré fa roicheas,

fa annró, fa anfhlaitheas,

a uaisle Gaoidheal is Gall,

nar saoileadh uaibhse d’fhulang.


7 Do turnadh teas bhar n-uaille,

fríoth adhbhar bhar n-éagcruaidhe

do gach taoibh fa adhbha Airt

’s a dtarla dhaoibh do dhiúbairt.


8 Follas fan Eóraip uile

bhar martra, bhar moghsaine,

gach léan, gach imneadh, gach oil,

gach tréan dar himreadh oraibh.


9 A-táid bhar mbailte bunaidh

roinnte ar fhuirinn allmharaigh;

go sreathaibh míne clach gcuir,

sgath bhar dtíre fa a dtréadaibh.


10 Dóibh sin as oidhreacht ise,

an ghasraidh Ghall nuaidhi-se;

sibh féin is eachtrannaigh ann

fa neartdhrongaibh d’fhéin eachtrann.


11 Mosgailtear meanma cosnaimh

ionnaibh ar an adhbharsoin

is rún cathaighthe fa a cheann,

fa mhúr rathfhoirbhthe Raoireann.


12 Tréigidh bhar dtuirse cridhe!

Liamhaidh lanna meirgidhe!

Sgaoileadh bhar mbratach a brios

maoidheadh atach go háitheas!


13 Ionann ciall leam dá laoidheadh,

an fionnGhall, an fíorGhaoidheal,

is taosga is tírsin na bhFionn,

’s do dhíslibh aosda Éireann.


14 A-nois ar an uair as fhearr,

i n-ainm Dé, a uaisle Éireann,

leanaidh go calma bhar gceart,

geabhaidh bhar n-arma i n-éinfheacht!


15 Ó do sbor an Sbiorad Naomh

bhar n-aigneadh uile d’éantaobh,

deacair dóigh dhíbh do dhéanamh,

gach tír róimh dá roiléaghadh.


16 Uaidhe féin fríoth an seóladh

bhar neart ar-ís d’aithbheódhadh;

ní as sia ná faghaidh bhar bhfaill;

do anaigh Dia bhar ndoghraing.


17 Seasaidh ar son a chéile!

Tuigeadh cách bhar gcoimhdhéine!

Séididh fa Ghallaibh bhar ngoimh!

Rannaidh na héigin oraibh!


18 Ó fuair bhar bhfearg a fobhairt,

ná cluintear uaibh iomchomhairc

in gach céim d’fhógra orthaibh

do bhéin Fhódla d’allmharchaibh.


19 Ná bíodh tnúth cáigh le chéile

d’imreasain nó d’aimhréidhe;

ag léaghadh an uile eang

déanadh gach duine a dhícheall!


20 Ná bíodh re aithris oraibh

“dream go suaimhneach sódhamhail,

gan sníomh reann, gan rochtain gcath

’s dream ’na gcodchaibh dá gcumhdach.”


21 Ná bíodh feasda re a rádh ruibh

“drong ag gabháil re Gallaibh,

is ar-oile a-nonn ’s a-nall,

agus drong oile i n-éanrann.”


22 An gcualabhair cian ó shoin

eisiomláir ughdair eólaigh

re n-éag ( ?) dá oidhreadhaibh féin,

céim ór fhoirmeamhail iaidséin ?


23 Cinnis, dá gcur re chéile,

inntleacht do dhruim deighchéille -

dá chloinn do-chuaidh i dtarbha -

i roinn nó i n-uaim athardha.


24 Cruinnighid ina cheann soin

re hucht éaga dá n-athair;

gach báidh don chloinnsin dar chum

’s ar fhoillsigh dháibh a-déaram.


25 Fógrais do gach fear dá shliocht

glac shoighead uile i n-aoineacht,

má do thoill a chlann a chion,

gan roinn ar ball do bhriseadh.


26 Féachaid uile ó láimh go láimh

an ghlacsoin ’na glaic iomláin,

tar fhíoch, tar fhaobhar na bhfear,

’s ní fríoth baoghal ’na briseadh.


27 “Iongnadh an fhoráil athar,

a chur oirn mar ordachadh -

ní thig dhíonn; ní náir a-nos -

gníomh do-cháidh tar ar gcumas.”


28 An t-athair, gá fhaicsin sin,

tug soighead do na soighdibh

uaidh i láimh gach duine dhíobh,

dar bháidh an uile eissíodh.


29 Riú mar do rann an fisidh

go singil na soighdei-sin,

fríoth sníomh gach soighde mar sin

nó oirdne dhíobh do dhéinimh.


30 “Ag so dhaoibh,” ar sé, “an sompla

chuimhdeóchas bhar gcumhachta

a chiall dá gcoimhéalltair libh

........................ ..........”


31 “Ó chéile dá gcuirthear libh,

a chlann ghrádhach, an nglaicsin,

fa-ríor ní ba sia bhar seal

’s ní bhia bríogh in bhar mbriseadh.”


32 “Congnaidh re... chroidhe;

ná haghadh aos diomdhaidhe,

do ghrádh moigheadh nó múr dte,

cúl bhar gcroidheadh re chéile.”


33 Aontaighid ar aba soin

d’ibhe i n-aoineacht ó a n-athair

deoch ghráidh a ngaolfhuile féin,

nar dháigh d’aonduine iaidséin.


34 A shluagh Fódla, féachaidh air,

ag sin eisiomláir agaibh

fa chrích saoir bhfonnórtha bhFáil

do thaoibh comhmórtha is comhghráidh.


35 Acht do bhithin bhar mbéas féin,

do bhrígh nach bíthe d’éinmhéin,

tearc buaidh nach béarthaoi libhse,

sluaigh an fhéarchraoi fhuinidh-se.


36 Cia an tiompódh táinig oraibh?

Caidhe an t-oirléim fhuarabhair -

gan dlaoi théagair uaibhse ann -

do mhéadaigh uaisle eachtrann?


37 Ag tuilleamh diomdha Dé bhí

ar an gcor-sa an gcéin bheithí,

críoch na sgéal, go sguirthear dhe

ní fuighthear tréan nó treise.


38 Gidh minic do mealladh sibh

le saidhbhreas óir is éididh,

ó a-tá i gcinneadh clódh bhar gceas,

lór ar lingeadh don fhlaitheas.


39 Múchaidh na folta fine!

Báthaidh gach béas náimhdidhe

’s an tsíon chagaidh gacha cinn

do bhíodh agaibh i nÉirinn!


40 Tabhraidh in bhar dtuinn anfaidh

éanaghaidh ar allmharchaibh!

Ná leónaidh bhar ngabhla gaoil!

Seólaidh bhar n-arma d’éantaoibh!


41 Bhar n-aindísle eadraibh féin

leigidh dhíbh — diadha an caithréim! -

nó a-tá an bhuaidh gan bheith dearbhtha

’s ar cleith uaibh, a Éireanncha.


42 Sguiridh do chailg a chéile!

Tabhraidh, do dhruim deighmhéine,

- déanaidh deachtadh úr annsa -

cúl don chleachtadh chodarsna!


43 Bíodh in gach éanaird uaibhse

ró umhla don arduaisle;

aice a-bháin as beite i nglas;

’na láimh as creidte an ceannas.


44 A uaisle cheinéal gConaill,

a iolchraobha a héanchrobhaing,

ní mín do gríosadh bhar ngoimh

dá dtíosadh dhíbh a dhíoghail.


45 Gi-bé meas nó modh iomchair

fríoth le héanchuid d’Éireannchaibh,

ní sibh fuair a bhfríoth dá bhlas;

bhar ndíoth do-chuaidh ó chunntas.


46 Do beanadh dhíbh, más dál truim,

rian loingse is eachradh n-álainn;

droibhéil nó leathbhruaigh ní libh

ná oiléin ghealchuain ghainmhigh.


47 Bíodh nach biadh Éire uile

d’éinghealladh is d’éanluighe,

iongnadh leó bhar suan re seal

gan luadh ar ghleó nó ar ghaisgeadh. DIA LIBH