firstLine"; ?>

692. Dileas breath do bhreith le seilbh $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo?YBL? 15thc.
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 17
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. patron ‘aithghin’ of illustrious ancestor
  4. Foreign conquest of Ireland
  5. High-kingship of Ireland
  6. Maxims from law texts
  7. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og “YBL?
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Einri mac Eoghain
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1489
Apologue Subclasses:
  1. Cath Craoibhe Tulcha: Aodh O’N v. Eochaidh
  2. Brian Catha an Duin O Neill v. Aodh Buidhe
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Díleas breath do bhreith le seilbh


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 17]


Tadhg Óg Ó hUiginn cct


1 Díleas breath do bhreith le seilbh

im an mbreith gé do bheath sbairn

togha fhir agus sé i seilbh

gi bé dan feidhm sin ní snaidhm.


2 Breath na leabhar is lé a-tám,

is é an seanadh hé más fhíor;

gan bheith ’n-a bhun ní dleacht dúnn

nó dul ar gcúl ón reacht ríogh.


3 Taisgthir hí do chuimhne an chirt,

nocha bí acht gar mbuingne a hairc,

tairgid daoine an chóir do cheilt,

i mbeirt naoidhe is cóir an chairt.


4 Banbha Chuinn is dóibh as dual

mar as chóir don tuinn an trágh;

ná bíodh acht leanbh don fhréimh ríogh

an tsealbh ag síol Néill ní nár.


5 Sealbh na Midhe do mhuin ceirt

dearbh nach fuil ag fine Luirc

fine Néill as nuaidhe cairt

do fhréimh Airt do chuaine Cuirc.


6 Riar Gall ní ghabhadh do láimh

an Niall ór canadh clann Néill;

cubhaidh fíon i n-easgra óir,

cneasda Bóinn na ríogh ga fhréimh.


7 Ag mac Eachach do ruadh rinn

- do ba tuar deathach a dhoirr -

do bhí Éire ó thuinn go tuinn

sí ar druim a chéile ga chloinn.


8 Seacht bhfir déag oile ar n-a huaim

do bhréag ó gach chroidhe ciaigh;

do ghabh tríocha damhna dhíbh

gan rígh tríotha Banbha Briain.


9 Ceannas Banbha na bhfiadh bhfionn

Niall, ós aga labhra leam,

do ghabh an cuingidh ’s a chlann;

am tuillidh do char ’n-a gceann.


10 Sealbh arsaidh ar Éirinn óigh

gun ghasraidh chéibhfinn ó Chliaigh;

[fríoth] an cuire láimh do láimh

náir gan líoth ag duine ’n-a ndiaidh.


11 Sé d’áireamh is cóir ’n-a gceann,

re ré do báidheadh glóir ghall;

flaithghein is Gaoidhil ’n-a ghioll

faoilidh liom a aithghein ann.


12 Do chuir mian na faghla faoi

gan fhiadh mBanbha mar do bhí;

ní dímheas acht d’Éinrí é

is é as éinrí díleas dí.


13 Fada ó eachtra d’aicme Néill

an mhaicne do theachta a dtuaidh,

Midhe is ga ceineol budh chóir,

neimheol dóibh a tighe thuaidh.


14 A-táid sin i ngabhlaibh gleann

an damhraidh do chin ó Chunn

d’fhuath a bhfoirtheagh ag féin Ghall

nach roichtheadh clann Néill a-nonn.


15 Rugadh uatha Teagh an Trír

is tuatha Breagh agus Bóinn

fine Néill - is doibhinn dáibh;

is béim chláir ar fhoirinn óir.


16 Síol Airt a-nallain gan neart

cairt ag Gallaibh ar an ngurt;

ní deireadh faghla ag féin chniocht

sliocht Néill gé tharla ’n-a thocht.


17 Mac Í Néill dá niamhthar fail

slat réidh as lianchar um fhleidh

a rian fa aoinfhior ní uil;

[do] iarr fuil Gaoidheal ór ghin.


18 Tiocfa rí Boirche go Bóinn

dá dtí [dhí] ar an oidhche uair

créad a-tá a-nos ar Íbh Néill

an lá tar Fhéil Cros do-chuaidh.


19 Falta úra is eagal liom

ar dreagan Dúna Dhá Bheann

dá dtí oidhre Ó Néill a-nall

ar féin Ghall go dtoibhghe theann.


20 Anadh - is comhairle chóir,

gabhar ar n-oraighle uainn -

go mbé a neart ar a ní féin

rí Ó Néill gan teacht a dtuaidh.


21 Gémadh prionnsa do Thoigh Thé

an fearsa le bhfoil gach draoi

léim nocha tugtha tar tí

an rí ’s gan Ulta féin faoi.


22 Do ghabh um Thealaigh an Trír

i nEamhain nír an re huaim

mac ríogh sul ráinig i gcéin

do shíol Néill táinig a dtuaidh.


23 Do sgrios Briain na mbleidheadh ndonn

nachar ceileadh i ngliaidh Ghall

- dar leis féin nochar thaom teann -

do gheall Aodh Ó Néill a-nonn.


24 “Suidhe i n-adhbha Airt,” ar Aodh

“a chairt ní tharla ga thuar;

lia ar gcóraine ar cró na Niall;

Brian Bóraimhe ní dó as dual.”


25 Do ráidh Brian fa baoghlach neimh

go mbiadh ar aonghuth an fhir

ar gheall d’Aodh nochar í a thoil

do bhí a ghoimh don taobh as-tigh.


26 “A fhiadh nochan fhuil fa chíos,”

ar Brian “gen go gcuir i gcás;

nó go bhfaghbha a thír ar tós

ag labhra fós dínn gá dás.”


27 Sluagh Uladh nar ghabh ó ghliaidh

umhal nó go rabh dá réir

[do-ug] soin a theachta a dtuaidh

nach uair theachta a-noir d’Ú Néill.


28 Eochaidh mhac Ardghail uair ghnaoi

a uaill mar do ardaigh sí

dar leis fa conchlonn d’Aodh hé

sé i gcomhthrom a-raon ’s a rí.


29 “Roinn dar ghlac d’ardaibh is d’fhán

mac Ardghail acht muna aomh

nach bia sin ag Eochaidh uaim;

bir uainn go hEochaidh,” ar Aodh.


30 “A rogha d’Aodh is é ar nguth”

ar an chraobh nachar chlé mbreath

“mo bheith ar a chionn san chath

nó sionn i rath leith ar leath.”


31 Gontar hé - fa eochair leoin -

Eochaidh - nocha hé nar thuair -

’s a lucht comtha taoibh re taoibh

le hAodh ag Craoibh Thulcha thuaidh.


32 Éinrí Ó Néill mar Niall Óg

- gan riar ní réidh a ghrúg -

dá dtara i n-aghaidh Gall nGréag

bann gurab séad samhail súd.


33 A ndearna Aodh nír fhéagh faoi

acht gér thréan do ba taom clé;

Éinrí ní uil ar a thí

suil tí a-noir budh éinrí é.


34 Slat abhla d’fheolfhuil na ríogh,

mac Eoghain na n-abhra gclaon,

an Damh Ré ó Ráth na nGiall,

do bhláth na Niall é ’s na n-Aodh.


35 Do gheal méin na n-Aodh a ucht;

a ngaol re hÓ Néill do nocht;

a bhfialas re céibh na gcleacht

na seacht Néill fhiaras a fholt.


36 Art mhac Cuinn fa cridhe fial

do thuill gile a ghlac ’s a ghruadh;

is é ar n-Art d’éise an ríogh;

gart a síol na déise as dual.


37 Niall óg nachar ionghlan cré

leis nar iongnadh gach fód faoi

is léir ar neithibh do-ní

rí Ó Néill fa bheithir mBaoi.


38 Na Finn Eamhna fa fholt chlaon

fa cinn fheadhna nar olc séan;

seabhac aille ar dteachta ón triar

Niall Caille is dá ealta an t-éan.


39 Mac Caithreach-fhíona a Tigh Thé

is ríodha do chin i gclí

leis gan fhoghail Teamhair Thé

geabhaidh sé gan fholaidh í. Díleas.