Poem in printable PDF format
Díoghruis
chomainn ar Chormac
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 23]
Tuathol Ó hUiginn
.cc.
1 Díoghruis
chomainn ar Chormac,
earrla fiar na
bhfochanshlat,
re a dhreich náir
dtroighfhearrdha dtais
budh báidh
doidheaghla ar ndíoghrais.
2 A dhíoghrais do
dhruim thoile
ceanglais a hucht
ionmhoine;
re a bhais
gcorrshaoir ndéadla nduinn,
’s an chomaoin
chéadna ceangluim.
3 Briocht seirce
as iomthnúdh dh’ainnribh
’n-a ghruaidh
línigh leaphairghil,
’s re gcuirthear
teannál fam thoil
ó leannán
chruithgheal Chlároigh.
4 Fáth ar
gcumoinn re a chúl bhfann
- ní thigim ní
thig thoram -
dob é ar
gcédannsa a ghruaidh gheal;
ní fhédabhsa
uaidh m’aigneadh.
5 Dá mbeith gan
adhbhar oile
agam dh’fhadógh
m’ionmhoine,
d’fhine Gaoidhil
bhrogha Breadh
rogha gach
aoinfhir eisean.
6 Mar so charoid
a chiabh lag,
buidhne
neimhneacha námhad,
’s ní ró ceana é
acht omhan;
sé fa-deara a
dheonaghudh.
7 Do ghuais reann
a rinn feadhma,
d’iolfhaobhraibh
lann loinnearrdha,
mór n-uair as
taibhgheoir toili
fuair
d’aimhdheoin an ionmhoine.
8 Do thabhoigh
Cormac mhac Céin
ar foghloidhibh
fuinn tsaoirNéiII
barr ionmhoine
nach iarr sin
a ngrian
iorghoile is éigin.
9 Más ar tharbha
téid an grádh
ar mhuirn nó ar
chion nó ar chomhrádh,
filidh cláir
naomhthabhuig Néill,
is cóir
aoncharuid eiséin.
10 nó ar
teasdaibh nó ar tréidhibh ríogh
nó ar díochor
uilc nó ainbhfíor
nó ar cléir
nduasoirrdhreic do dhíol
- as céim
uasoilmheic airdríogh —
11 nó ar
bhriathraibh tearca tromdha,
nó ar mhaith nó
ar mhéd mbaromhla,
nó ar buaidh
ndealbha mar dhleaghar,
fuair Ó hEadhra a
uaisleaghadh,
12 nó ar clú nó
ar uaisle a fhola
a-táid cách dhá
chomhthogha,
nó ar chor
gcliachdha um chrích a shean
nar iartha a díth
do dhéineamh,
13 ionann charoid
a chruth nár
an chaor charud
nó an compán,
nó mná
seangleabhra gruadh nglan,
nó sluadh
feidhmfhearrdha foghludh.
14 Caroimse ar an
ngcor ccéadna
mar chách a
chruth fíréanda,
ua saoirÉimhir dá
bhfhiar fiodh,
aoinfhéinnidh
gliadh na nGaoidhiol.
15 Luach ar
n-annsa dh’Ó Eadhra
fríth uaidh
dh’aoibhneas oireaghdha;
díol luaidh an
bronnadh do-bheir
nach fuair ollamh
a aithghein.
16 Muna cumhachta
cloch mbuadh
nó ilcheol
n-iomdha n-ionnfhuar
tar shlógh
mBanbha na dtreabh dtais
ceadh as damhna
don díoghrais