Poem in printable PDF format
Díol fáilte ceann
ar gcléire
[John MacErlean
(ed. & transl.), ’Eoin Ó Cuileannáin: Bishop of Raphoe,
1625-1661’, Archivium Hibernicum, 1 (1912), 77-121, poem
6]
Uilliam Óg Mac an
Bhaird cct.
1 Díol fáilte
ceann ar gcléire
conáigh gur
craobh caoilfhréimhe
ógfhás
sonasfhréamh mar soin
solasnéal grás
’na ngníomhoibh
2 Atá ó thús a
bheathadh
d’éis a chéile ag
céimneachadh
amhuil dhearbhas
sé go se
a deaghbhlas Dé
agus daoine.
3 Bíodh nach
díoghna a dhearna
dá thír is dá
thighearna
díol a
fhiadhoighthe ar a aoi féin
go laoi an
chiallfhoirse chneisréidh.
4 Éagcóir (?) nár
fiadhuighthe dúinn
easpog diadha
agus dochtúir
toirbheartach do
thír ar sean
an mín
oirbheartach ailghean.
5 Rath don tír dá
dtáinig sin
níor shuidh ’na
áit re haimsir
meadh a gharma s
a ghrádha
fear a anma a
anára.
6 Gach gairm
eagna dá bhfuair thoir
gach céim ó
chathaoir Pheadair
acht giodh teann
tairm a n-iomráidh
fearr a ainm ó a
eisiomláir.
7 Badh teoaide an
fearus fine
móide gach maith
poiblidhe
s ar gcrábhadh a
theacht don tír
badh bádhadh olc
is eisídh.
8 Fear ar
dteagaisc i dtromdhacht
maighistir san
measardhacht
fear miana i
maith gach duine
is flaith dhiadha
dhaonnuidhe.
9 Flaith
riaghalta Rátha both
grása an
choimhdhe dá chumhdach
go dtáir
ceartughadh ar gcion
s neartughadh
cháigh ’na gcreidiomh.
10 Fada nach
bhfuair a aithghin
rath Dé dá
dhreich mhiondaithghil
méad na foighide
fríoth lais
goiride críoch ar
gciunais.
11 Ar hiomchradh
leis agus linn
ón tráth táinig
go hÉirinn
do bhí a bheatha
dá bhranar
Rí an bheatha dá
bhuanaghadh.
12 Fuair Ráth
bhoth a breath leannáin
an t-easpog ua
Cuileannáin
aithreoghaidh a
niamh [ar ais]
sciamh
aithbheoghaidh dar n-eaglais.
13 CROBHAING
Molta an
chrobhaing clann Donnchaidh
an chlann diadha
dheaghthorthair
ar dheaghthoil ar
chlú s ar choing
toghthar gach cnú
don chrobhoing.
14 Cia díobh nár
dhearbhtha rath
an chlannsa fa
maith mianach
gan doghraing gan
daoire ad-chlos
crobhaing is
saoire s[e]anchas.
15 Sé triatha
táinig don chloinn
maith do
coimpreadh an chrobhoing
fuair gach cnú
don chrobhuing ghlain
clú mar Choluim
an chrábhaidh.
16 Cúig habaidh
gan chlaon chrábhaidh
easpog go méin
mórdhálaigh
cia ’na gcoing
sin a samhail
do chin dho
chloinn chéadfadhaigh.
17 Séamus Brian
Eoghan is Eoin
Niall agus
Glaisne glaineoil
crobhaing shuadh
gan coir colna
ag soin uaim a
n-anmanna.
18 Sósar na mac
saor séanta
Eoin an t-easpog
fíréanta
géag thoraidh
gach aoin d’fheithimh
caoin ó a
bhfaghair fóirithin.
19 Tiagaid uile
muin ar mhuin
clann diadha
Dhonnchaidh Bhallaigh
isteagh i roloing
gach raith
mo chean don
chrobhoing comhmaith.
20 Gach aon don
chrobhaing chobhraigh
dar ghabh grádha
eaglasaigh
do bhí na
chraoibh fhionnbhláith úir
fa caoin
iongnáith an fhortúin.
21 Cormac an
féinnidh feardha
feadh troda dá
thighearna
ba laoch
neartmhar ag crú gCuinn
an seachtmhadh
cnú don chrobhuing.
22 Uaisle ioná ór
gach fine
ab nó easpog
oirdnidhe
ór na gclann gach
duine díobh
an chlann uile
gan fhairbríogh.
23 Mo chean
cuaine ór chein sin
giodh oirdheirc
iad s gach n-aimsir
a dtreoir is
téarnamh docra
Eoin an t-éarlamh
ionmholta.
DÍOL FÁILTE [ var
MOLTA AN CHROBHAING ]