firstLine"; ?>

698. Diol fuatha flaitheas Eireann $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  4. NLI G 167 Semus MaGuidhir 1727
  5. NLS Adv 72/1/42 ?cent.
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. inauguration (oirdneadh)
  4. Territory as spouse of ruler
  5. symptoms of law and order under true kg
  6. king’s officers: maoir tabhaigh
  7. Highkingship of Ireland
  8. proverbs qq 3, 9
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (mac Maoileachlainn Oig G 167
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa (BOCD, RIA 2 etc.)
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh ua Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Apologue Subclasses:
  1. Conaire Mor comes to Tara
  2. Niall Naoighiallach’s will (tiomna)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Díol fuatha flaitheas Éireann

[O’Conor Don, 190a]

O hEogusa .i. Eochaidh cecinit don chathmhílidh Aodh Ruadh mac Aodha meic Magnusa.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Diol fuatha flaithius Éirionn

crioch Neill na naoi righeibhionn

feidm as nathardha fúair fer

brúaigh na hatardha d’fheit[h]em[h].

2 Gach rí(gh) ríamh ó ré Cesrach

da ro an t-oilén imresnach

’na ratarbha ní díol dó

sniom na hathardha a hannró.

3 Mór rígh ’ga raibhe an innsi

riam do tuit ’na timcill-si

rige as nemháoibhne fa nimh

tíre gealáoibhne Gáoidhil.

4 Mór madh far muighedh catha

mór lecht ríogh as rofhlatha

fa creachdhoirsibh na ccóig n-eng

don tsencloinn-sin fhóid Eirenn.

5 Iomdha cúis far cóir nemhthoil [190b]

da bfaicthi é d’Eirionnchuibh

d’inis Temhrac[h] na ttrí bfer

nemhghut[h] don tí do tuicfedh.

6 Gid be tairgfes a tab[h]ac[h]

caithfid[h] sé seal urcradhach

crioch linnte do c[h]osain Conn

ar tosaig[h] impe d’f[h]ulong.

7 Righe cogthach chláir Logha

iomdha d’éis a rochtona

da snadhmhadh tolaigh an Trír

ádhbhar omhain da hairdrigh.

8 Mor mbáoghal bhíos ’na cinn-si

minic tnúth ’na timchill-si

’s as gnáth foltanus gac fir

fa ráth nochtsolus nUisnigh.

9 Lór do dhochar ’na deghaidh

ríoghdhacht ratha Muiredhaigh

a faghla a cogad[h] do coscc

pobal nach tarbha a ttegoscc.

10 Gach lot ós aird no gan fhios

gac turbadh tig ’na flaithios

as é a rí as inlenta inn

ní as nárbh inb[h]enta d’Éirinn.

11 Iomdha a hegóir ré hathaidh

mór a huilc ’s a hanachain

críoch iathglan na n-etal tte

decar ríaghladh na ríghe.

12 Ceitre céd bliad[h]ain barr lais

a-tá sí ar sechrán flathais

an crioch fermhín thoinngeal tte

gan enrígh d’oirnedh uirthe.

13 A-ta ón ló-soin al-le

fáth báoghail go mbe choídhche

fuil sa bfhuil cion sa chionaidh

guin sa g[h]uin ag G(h)áoidhealaib[h].

14 An mesuid Gáoidhil ghuirt F[h]luinn

nach aim[h]lesg d’Aodh O Domhnuill

’sa bfuair fá eining cóigidh

búain fa Éirinn urchoidigh.

15 Da mesdaois an mesfadh féin

nach cunnradh doiligh dhoi-sein

an eng bhennfhúair do b[h]í ag Art

nemhbhuan gach ri ’na ríoghd[h]acht.

16 Obair bháoghlach da bharr tiogh

cosg fághla na ccóig ccóigedh

fuinn glanáoib[h]ne fán gnáth olc

ní fáth ramháoidhmhe a ríoghd[h]acht.

17 Faghail chennuis chlar Dha Thi

muna nderna a ndligh airdrí

ferr da d[h]reich griosnáruig gil

bheith ar chioschánuidh cuigidh.

18 Gach tríath á ttus a ratha

nach iomchair ainm ardfhlat[h]a

do as goire turnam a tinn

turb[h]adh oile fa Eirinn.

19 Moide as báoghal da bharr cas [191a]

as é an bile ard fhásas

os cionn bharr gégdhoire nglan

crann dan cédghoire cláonadh.

20 An bhenn as airde ar úairibh

os cionn gach tuir tháobhnúaighil

da bháog[h]luighe da mbí in tor

ní hí as sáoghluighe sesamh.

21 Gach ard sleibhe a[s] sía radhairc

’s as f[h]oigsi don f[h]iormamaint

gnáth donnádhnad[h] a sles sin

le tes ttromádhbhal ttinntigh.

22 Tuigthi d’Ó Domnaill Dhúin Bhregh

fiú a cumacht tar chloinn Mhiledh

d’úamhan tar chách fa a chenns

da mbúaladh im ráth Ráoilenn.

23 Búain impe as ádhbur gábaid[h]

feuchadh rí(gh) sil senD(h)álaidh

an diol gradhaighthe gort Bregh

námhfairche olc is airgnedh.

24 Gidhedh dob ád[h]b[h]ur dergtha

dá ghnuis(i) cruithghil choinnealta

críoch armdha na n-echra mer

sechna Banbha ar a búaidhredh.

25 Gid bé mur ta Temhair Chuinn

ní héidir d’Áodh Ó Domhnaill

a léiged[h] a laim[h] oile

na treigedh chláir Chonoire.

26 Ni diúlta ar dhoilg[h]e a fheithmhe

d’fhúath a huilc nó a haimsighthe

inis Neill na ngeigfhiodh nglas

éigion dréim ris an dúthchas.

27 An lacha sa ló shec(h)a

téid sí fan sreibh n-oighreta

lór do chur doimhenma dhi

tol na hoilemhna aice.

28 O Dhomhnaill ní hiongnad[h] dhó

a bfuighbhe impe d’ann

cert na lachan ar an linn

a c[h]ert ar achadh Éirinn.

29 Ni héidir da erla slim

da mbeith nac biadh re hÉirinn

gég ó bhrugh bláthasnac[h] Bregh

dol do ghnáthaslach Gáoidheal.

30 Bí[dh] an duine fa Dhún Báoi

’s fa sruth Banna an b[h]rúaich fernáoi

’s um ghealBhuill ag guidhe lais

as duine im engSruib Iorrais.

31 Maith do-g[h]eibhid a ghuidhe

fríoth roimhe a ré Chonaire

lúagh a síorghuidhe mar sin

le slúag fíonmhuighe Fuinigh.

32 Do bhí Temhair mur tá a-niogh

gan rígh do ríoghruidh Gáoidhiol

tar eis an ríogh Núadhadh Necht

dar líon uamhan an t-oirecht.

33 Tionóilid go Temhraigh Neill [191b]

guidhid a n-áoinfhecht ainn-séin

gasroidh síodh fionntolcha Fáil

le ríogh ionntogtha d’fhaghail.

34 Gearr go ttainic an tan-sin

Conaire a ccruth éuccosmhail

cenn ógbhuidhe bfer bFháils

’na ógruire mher mhacáimh.

35 “A mhic” ar maithe Bánbha

“ní dlecht oirnedh h’ionnamhla

ós tiormthulaigh na tTrí bFionn

niad rí iomchubaidh Eirionn.”

36 Fregra an mhic maith a thoradh

“ga d’ulc oigre easlabhar

ós chrích ttairt[h]igh tTémhruch mBregh

nemhghuth ar n-ait[h]g[h]in d’óirnedh.”

37 “Seinbhen Cuinn ní cúis máoidhim[h]

do bhí” ar sé “’gar send(h)áoinib[h]

nach díongmhala don mhnáoi me

ni hionnrádha ar áoi m’óige.”

38 “Ciodh óg me ní misde linn

fíafróchat fios a ndlighim

a ndóigh fhollamnaidh fhóid Bhregh

d’ollam[h]noib[h] na ccoig ccóigedh.”

39 Do mholsat maithe Banbha

a n-áoinecht a urlab[h]ra

ós clár Té na ttoinns[h]reabh sídh

do hoirnedh é ’na airdrígh.

40 A-ta cúis nach cosmhuil soin

riot-sa a rí fhreimhe Dálaigh

fedh sáorBhanbha ó mhuir go muir

gan f[h]er áonlab[h]ra at aghaidh.

41 Ní thoighéubha tnúth áoinf[h]ir

ní d[h]ergfa drech áoinGháoidhil

do shlúagh boinngheal tholcha an Trír

th’oirnedh ortha mur airdrigh.

42 Dar leo ní malairt mheallta

ní ísleocha a n-aigenta

róighne an tslóigh-si ó chathair C[h]uinn

fóibh-si ’na bflathoib[h] feruinn.

43 A-táid ag tiomna Banbha

dhuit ó righ go ríoghdámhna

na sloigh a senchatháoir Bhregh

nemhthatháoir dhóibh a dhéinemh.

44 A-táid agad a Áodh Rúaidh

gan lá éigin gan anbhúain

íath creachBhanbha madh loinn libh

ó chloinn mherchalma Mhílidh.

45 Aithnid do shliocht Gáoidhil Ghlais

móide a n-umla [a] úa Mághnais

dot ghnúis náir da niamthor mionn

do chóir ar íathm[h]agh Éirionn.

46 Téghdhais Airt an fhuinn g[h]ríanuigh

ó t[h]iomna Neill Náoighiallaigh

láoich lér tiledh Temhair Cuinn

dleghthair do chinedh cConuill.

47 Flaithes Éirionn deóigh a ndeóig[h] [192a]

gnáth aca d’áis is d’aimhdheóin

láoich ruaighmhera da bfhíar fiodh

úaithnedha glíadh na nGáoidheal.

48 Da mbeith nach dlighfidhe duit

íath Fódhla ferann Cormuic

ar deighrecht do t[h]uill tusa

eig[h]reacht an fhuinn Únu-sa.

49 Do chuiris criocha Banbha

a n-athruig[h]ibh examhla

aisling a n-egar a-nois

a dreagain bhaislim Bhérnois.

50 Na bíodhb[h]aidh do bhí a-nuraidh

ré cogthaibh re conghalaibh

’na ttreabhthachaibh a-táid sin

fa senchlachaib[h] fhaid Oiligh.

51 Gan eimhghe gan fhaire cruidh

ó S[h]ruibh Bruin go Beinn Edair

gan fher fhóghla ar fedh bFegha

gan c[h]ómhla ar thegh ttaisgedha.

52 Acht sníomh erla fedh sgothach

no cailged[h] bhech mbinnghothach

no lercc muighe ag céucht da creim

gan éucht oile fa Eirinn.

53 Grís a n-aichthibh ó ól f[h]ledh

grúadha donna ag dáil mháoinedh

as e a bfuil don ádhnadh ann

nó goil ag ádhnadh abhann.

54 Ní thig le hurchoid eile

na le hiomláoid aimseire

fáoibh a rí barrglan Berta

acht ní as ádhbur aigenta.

55 Do chuiris dhíot do dhocra

tug an toice domhanta

ort a mháoir tab[h]aigh Temra

a thaghaidh sháoir shoidhealbha.

56 O Chrúachain Medhba an mhuir gloin

ní muirfidhe an agh eallaigh [leg. allaidh?]

go Temraigh gan toil do mhaoir

’s ó Breaghmuigh soir go senDhaoil

57 Súan na hoighe ar inis bFloinn

bith uaibh-si a Áodh Í Domhnaill

gan chuimhne ar gach n-olc aice

dar ngort Cuinn-ne as coruide.x

58 Rann as gach ndán da d[h]reich m[h]uill

a-ta ag Áodh d’fhíachaibh oruinn

ar ccédcheile ar ccridhe dil

bile echtf[h]réimhe hUidhir. Diol...