Poem in printable PDF format
Díol molta maor
tighearna
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
31]
1 Díol molta maor
tighearna
ní maor so nach
sogharma
fiú maor múir mo
thighearna
na thaobh dúin ní
dolabhra.
2 Tarla ar mo
thaobh d’áiridhe
maor m’anma agus
m’aodhaire
díol molta maor
rí-nimhe
nach maor obtha
aon-duine.
3 Maor nach eagal
d’éiliughadh
an maor rathmhar
rúin-iodhan
cuinne an
mhaoir-se ar mínioghadh
i dtaobh daoirse
an Dúiliomhan.
4 Maor uasal as
oirdhearca
badh saor uadha
ar n-anlochta
maor Dé as truma
toirbhearta
badh é urra ar
n-adhmholta.
5 Saor mo
[chridhe] as chiontaighe
a mhaor [nimhe]
as neartmhaire
[sídigh] crú an
chígh [deagh-chroidhe]
don Rígh ós tú as
teachtaire.
6 Gearr go mbear
led bheoi-réir-se
tar ceann mo
chean ndíomhaoin-se
saor ón fhuil as
fhíor-uaisle
rem thaobh ruibh
a río-mhaoir-se.
7 Guais leam
neart na nua-chóra
fa cheann reacht
an río-thaobha
sgaoil do chóir
an chígh-shéala
fóir a mhaoir mo
mhío-thaoma.
8 A thriath ná
héisd m’oirbhire
mé le Dia go
ndaingnighe
cnuasaigh daoibh
do dheirbh-fhine
a mhaoir uasail
ainglidhe.
9 Maor glórdha an
dúin deagh-chrothaigh
mór mo shúil ré
sheirc-bheathaidh
breath dhaor gé
d’chí ar chiontachaibh
ní bhí claon na
cheirt-bhreathaibh.
10 Ar siúr innill
aobhdhai-ne
sirim iúl ar
ógh-Mhuire
an réalta as
[mhóir] míorbhuile
cóir do ghéanta a
ghlóruidhe. DÍOL