Poem in printable PDF format
A Bhanbha, is
truagh do chor!
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
28]
Eoghan Ó
Dubhthuigh .cct.
1 A Bhanbha, is
truagh do chor!
is iomdha,
anocht, ar do thí
chum do chnámh do
chreinn go léir;
a aoinMhic Dé,
ainic í.
2 Ag siúd sluagh
Saxan ad dháil,
a Iaith Fáil,
chosnas an chóir;
is fir Alban, do
chin uait,
thorut fa gcuairt
- is tuar bróin.
3 Narab tusa Saxa
óg,
a Bhanbha mhór,
is fearr ainm!
oirdheirc thú san
gcruinne, a ghráidh;
mosgail, trá, ná
caill do ghairm.
4 Is faide nó an
chóir do choduil tú
- íseal, fá
ghlúin, pobal Dé -
a Mháthair
oirdheirc na ríogh,
ná leig síos do
chlú réd ré.
5 Ná bíodh ré
sluagh deamhan slim;
olc a gcinn chum
catha do chlódh:
Cáiptín Lúitér is
beag neart
’s cáiptín
Cailbhín nach ceart glór.
6 Pádruig do
ghénerál féin;
is líor é dhá
chur i ndíoth;
cros Chríosd do
bhur gcosnamh i n-am;
biaidh neart céad
’s gach duine dhíobh.
7 Do thairngir
Colom ar mbrón
’s an fiabhrais
mór ort do bhí
’s go mbiaidh iar
sion suas do cheall;
tóg do cheann is
le[i]g do sgíth.