firstLine"; ?>

700. Diol tnuith Inis Eoghain
Length: very long 53qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/44 17th c.
  2. Mayn. B8 H OCarraic (McCarrtha)1701-
  3. TCD1356 (H.4.15) S. Rice 1727-8
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. generosity to poets
  3. standing guard over territory
  4. imagery for kingship (cladh, fal)
  5. functions of kingship
  6. prophesied ruler
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (Mayn. B8, TCD1356)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Dochartaigh (chief, 1582-1601)
Apologue Subclasses:
  1. Arrival of Milesians
  2. doves attack lion (and lose)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Díol tnúithe Inis Eoghain

[TCD 1356 (H.4.15), 102 (Third Copy)]

Eochaidh Ó hEodhusa cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Díol tnúith[e] Inis Eóghain

gnáith riamh don eing ilcheólaigh

críoch armghlan as úire fonn

aghnadh tnútha [leg. -úidhe?] ’na tíomchall.

2 Do shuidhsiod clann[a] Cearmaid

a ráith Oiligh imealbhuig

críoch linte na síothmhúr slím

fíochthnúdh impe tar Éirinn.

3 A-drochair dá dhearbadh sin

Ioth mac Bile meic Breóguin

bá crích n-úir na n-abhall bhfionn

do robharr tnúidh ’na timcheall.

4 Dá ttáinig(h) ó thor Breoguin

tar muir n-eignidh n-ainbhtheanuidh

lucht bairce don talmhuin thoir

go hadhbaidh ttraichtte tTuathoil.

5 Dár ghabh le a bheagán buídhne

ré slios bhFodla bhféarghuirme

’na mbróin neamhghnáith menmnaigh mir

go seanráith n-eingghlain nOiligh.

6 Dá bhfuair ag fobairt troda [103]

trí meic cródha Cearmoda

múr seang an ghormárais ghil

fá chend órlamhais Oiligh.

7 Do réidhigh do réir an sgeoil

ider chlann Chearmo[i]d(a) Milbheoil

gur chuir d’aontoil fíoch na bhfear

maoltar lé hÍoth a n-aignedh.

8 Ioth mac Bile meic Breoguin

molu[i]s an tír taithneamhaigh

tug geáll ré ndealachadh di

eang na sean[a]chadh síthe.

9 Clann Chearmoda cúis goimhe

ar mbrath a bha[i]rr ionmhuine

d’eing chioghabaidh na gcall n-úr

dár líonada[i]r ann d’ío[m]thn[u]th.

10 Dár leanadh a los ceilge

Ioth lé hiomad ndíbhfeirge

mun n-inis saor ttolchaigh tte

dá ttorchuir do thaoibh tnúithe.

11 Críoch Oiligh an fhochuin bhuig

más fíor is dá taoibh tháinig

tuitim d’I(o)th gun a fheaghain

’mun gcrích gcnuicfhinn cciuins[h]reabhaigh.

12 Mór ngliadh ón ló sin a-le

mor ndeabhadh do druim tnuidhe

do lagh [leg. ládh?] ’mun ngoirminis ngloin

tar chlár gcoirmmhilis cCobhthaigh.

13 An tír-si a-tá fá Oileach

tearc cara na comhuigheach

gan fhíoch gan f[h]ormad impe

an chríoch fhonnbhog imeillte.

14 Ó Dochartaidh dreach shíthe

a-tá ’na chladh choigcríche

ré clár sribhgheal na síoth bhfionn

dá hinreamh ar fhíoch nÉirionn.

15 Lámh dhúnta a ndoras gabhaidh

liaigh chneasaighthe a ccréachtálaidh

breac oireithreach coimdhe cáigh

oighre slóighfheithmheach Sea[á]in.

16 Mac Aibheilín fhobras cath

d’iath Oiligh na n-eas ngrianach

críoch thonnmhalla na ttrágh seang

as fál chonnmhala caibhdean.

17 Ó Dochartaigh Dúin Eamhna

ní hosgailter éinbheárna

dá ionnramh nách iadhann féin

’mun ngrianfhonn sriobhghlan soiléir.

18 Iomdha doras baoghlach báis [104]

iomdha beárna dob fháth uathbháis

do dhúin ré creachfhoghluibh cáigh

’mun neathardhuibh n-úir n-ionghnáith.

19 Na tolcha timchioll Doire

feidhm deacrach iad d’ionghoire

fuinn sgaithréidhe ’mán mín muir

do rígh f(h)laithfhréimhe Fiachaid[h].

20 Slighthe na gcrú ’na cceann sin

slighthe bárc ar a mbéalaibh

fuinn thaobhlana thobar ngeal

obar aonlamha a n-innreamh.

21 As í as éadaingne d’Ultaibh

an chríoch-so chrú Dochartuigh

eang crobhuinggheal na ttreabh tte

ródhaingean gidh edh ise.

22 Gé a-tá ar chiumhsaibh an chóigidh

as í as f[h]aide ó urchoidibh

ó shluagh thoighe na ttrí nArt

as í as g[h]oire do ghuasacht.

23 Di as b[h]aoghlaigh(th)e a n-iath Uladh

[is?] di as f[h]oigsi anaghal

tearc foghlaidh ag cur ’na ceann

gidh gar d’f[h]oghlaibh a himeall.

24 Críoch Oiligh na n-innber lán

cosnuidh Se[a]án mac Se[a]a(i)n

’s na réidhshlighthe ag cách ’na cheann

a n-éindrithle ó rath Raoileann.

25 Ní misde a díon dia do rath

an long do mhúir an marcach

oirear sean na ttonnbhruach tte

cómhluath a cceann na críche.

26 Gidh mor a ghuais ní guais air [leg. í?]

lorg creach gach aonlá innte

eang bróinchleithe na mbord tte

gan lorg éinchreicher aisde.

27 A lámh éachtach a éanga

mac Sea[á]in síoth dhoidhéanmha

fuinn rosglána na ttragh tte

dhá fhál cosnamha a criche.

28 Ré a lá ní léigid táirsibh

an dá dhaingean díoghainn-sin

ingreim do thuinn nó do thír

tar imlinn fhuinn fhéarmhín.

29 Ní lámhann einneach d’Ultaibh

do lucht diomdha Í Dhochartuigh

an eang fhionnsion [leg. -sain?] (io)’na n-éar [leg. -ir] fhíoch

céim tar chiumhsaibh a coigcríoch.

30 Dála na gcolum cian uaidh

ris an leómhan lór d’anbhuain

mun ccrích n-úirr ngorm[m]aighigh ngil

ag foghlaidhibh fhuinn Éibhir.

31 Ealta cholum (f)eacht eile [105]

do bhí a n-inis d’áirigh(th)e

láimh ré ceómhuir n-uair n-anfaidh

fá uaimh leomain ledurthaigh.

32 Sreathaid ré slios na trágha

na coluim cuairt andána

bárr reachta do aghain air

ar aghaidh leaptha an leómhuin.

33 Arduighis luinne an leomain

téid fán ealtain eidtreóruidh

nó go ttorchair dírim dhibh

’mun sidheing ttolchaigh ttráichtmhín [sic leg.].

34 Tigid a cceann a chéile

cuimhníghid cúis aithmhéile

d’éis rochuir áir na healta

’mun ttráigh srothaigh shoineanta.

35 Ar mhair d’f[h]uigheal na healta

measuid do mhuin aigeanta

ar thuit ’mun ttraigh ngéigghil nglan

gurbh féidir dáibh a dhíoghal.

36 Ionnsuíghid uaimh an leómhuin

’na mbróin sheitrígh shoileónaidh

ar tí a oighidh mur budh eadh

ní fá doil[i]g[h] do dhéanamh.

37 Ar tteacht ós úr na huamhadh

líonaid d’eagla is d’uruamhan

an ealta go héasga[aidh] air

go feachsain leabtha an leómhuin.

38 Ar thuit ’mun uaimh don ealtoin

d’f[h]e[i]rg an leómain láinnertmhair

maithid dó ga doilghe cás

lé ró oimhne lé huathbhás.

39 As í an uaimh Inis Eóguin

as é an biodhba(idh) buirbleómain

go bhfeirg reachta rí(gh) Doire

as í an ealta a fhoghlaidhe.

40 Gráin na healta ris an uaimh

’gá lucht foghla feidhm diombuaidh

clár sriobhmhilis nách súidh muir

ré finnInis n-úir nEógain.

41 Sgáth fíadha ré faicsin gcon

sgath ealtan ré huaimh leóman

ré ccrích raidghil na ccraobh ccuir[r]

’gá naimhdibh san taobh thalluinn.

42 Gidh mor ’na haghaidh d’Ultaibh

tír ríogh f[h]réimhe Dochartaigh

ní guais dóigh do dhéanamh dhi

is cóir gach aoinfer innte.

43 Iomdha cosnamh ré cois ne[i]rt

do-ní Se[a]án séan oirde[i]rc

d’eing theichtmhín na ttoighedh bhfionn

tar éintír d’oirear Éirionn.

44 Lán do chosnamh chláir Bearta [106]

a breatha a bháidh dheighrechta

beither riFhinne rosg mear

a fhírinne a chosg chaibhdhean.

45 A fhior f(h)latha ar feadh Banbha

a thruime ar f(h)ear bhfíorfhoghla

[ca?] sean[ch?]anga nách saor breath

a neamhtruma ar naomh nimhneach.

46 Mac Sea[á]in dá ngormtur glais

cungnamh dhó um dhíon a dhúthchuis

urra chomdha bheannmhúir Bhreagh

a neamhdhúil fhoghla is airgnedh.

47 Ní eimid ní iarr catha

ní bheir acht breath infhlatha

trilis fhiar na bhfainnchleacht bhfionn

ní iarr aincert ní fhuilngionn.

48 Columdha ar cheannsa nuaille

ré haighthibh fhear n-aonuaire

a gruaidh rócorcrar a rosg mear

faolchonta ag cosg caibhthean.s

49 Ní hóna acht ré haighthibh sgol

ní lonn acht ré lucht diomdhadh

ní heagal go huair bhfedhma

dreagan sluaigh na seinEamhna.

50 Seabhac lann go bhfraoch fiadhaigh

caor com[h]raig crú seinFhiamhuin

bárr na nglún ngeagsholus nglan

céadorus rún na ríoghan.

51 Dorus cogadh chláir Eamhna

díbhfeirgeach dúin ríghTheamhna [leg. -ra?]

feithimh banachaidh dá bhorb

beithir lamhachaidh leathbhrod [leg. -or-]

52 Biadhach coisgthe chiocrais badhbh

leomhan féigh go bhfraoch n-agharbh

slat mearchaomh airgtheach Eine

derchaor thairbtheach teintíghe.

53 Toradh thinghealta séadna

onchú aingidh uaithmhéalda

fear deimhnighthe físi Find

neimhdrithle grísi Gaibhnind.

54 Ortha cogadh ceann deighshídh(e)

oighir eachtach Aibhéilín

dearg réaltanach dá bhfiar fiodh

eantobhach ghiall na nGaoidheal. Díol...