Poem in printable PDF format
Díol tnútha teisd
ríoghurraidh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 9]
Ruaidhrí Mhac
Raith .cc.
1 Díol tnútha
teisd ríoghurraidh,
teisd dárbh umhla
Éirionnaigh;
crú Mogha ’na
míneanguibh,
cora a clú ’na
gcéimionnaibh.
2 Fiú a
ndaightheisd a ndeithfrioghadh,
clú Laighion níor
leathmholadh;
a ngnaoi in gach
céim cuirfidhior,
ag cléir do bhaoi
a breathnughadh.
3 Fuair an ealta
armarsuidh
buaidh ndeabhtha
ar a ndeaghloingsibh;
gnaoi don
Ghabhail Raghnaill-sin
faghair draoi nár
dhearbhshoillsigh.
4 An tAodh-so a
n-iadh andúthaigh
tré raon gliadh
dá ghlinnfhéchain,
a gclú ar láimh
d’fhuil fhinnFhiachaidh
’s ar dháil a
chruidh cinnéchuidh.
5 Ní léigfeadh
Aodh d’aoinfhearuibh
a gcléith
caoilshleagh cróirighin;
Ráth Dá Thí fá
thaoibhfhinibh,
do budh tráth í
d’fhóiridhin.
6 Céile arar
chóir urmaisin,
’gá fhréimh tarla
an teaghdhais-sin;
ní fhuair Aodh
fhear n-imreasain
acht naomh fán
teagh Teamhrai-sin.
7 Clú feadhma ar
feadh n-iombualaidh
do-bhear meanma
ar bhandáluibh;
tig scaoileadh
giall galldúnaidh
a riar aoigheadh
d’andáluibh.
8 Tug reic duan
do dheighmheabhair
ag ceilt fhuath
ar anmholadh;
sgaoilidh cneadh
a cuibhrighibh
ré laoidhibh
fhear n-adhmolaidh.
9 D’eachtra an
ríogh ’s a ríoshlógha
líontar leabhair
nuabhána;
an ealbha ó Ráth
ríghÉnna,
áth an fheadhma a
n-uarána.
10 Tug a bhú ar
bhreith daoirfhileadh,
clú air an gach
éinionadh;
raon tre choille
gcaoilshligheadh,
Aodh do-roinne an
réidhiughadh.
11 Laighnigh na
lann mbrichtnimhe
do rann airghin
antoile
scéla as-teagh lé
teachtaire,
lé héra as eadh
altoighe.
12 Téighe tré
cheilg gcrannfhaobhar
re feidhm féine a
n-iombualadh;
gearr go ngoire
galldúnadh
fán gceann oile
d’fhionnfhuaradh.
13 Ag díol
deabhtha um iarnónaidh,
ag gníomh greagh
a ngairbhshíonuibh,
sí dá ghoin tré
ghormlúirigh,
an toil do bhí ag
bainríoghuin.
14 Líon eachtra
is ibh inshiobhail
ón tigh leabtha
ar luighiobhair,
barr dearg ós
crích comhaidhigh,
t’fhearg a gcrích
do chuiriobhair.
15 Tug teacht
ríogh fá roidheithfir
eacht ar síodh
nách suidhighthir;
dod réir a n-iath
anaithnidh
ré féil bhfiach
ní fuirighthir.
16 Aodh gan
fhuath in anóla
duas re haon ní
fhuirégha;
móide réir dámh
ndoiriara
a rádh féin go
bhfuilénga.
17 Sgáth aca ré
t’aindligheadh,
t’fhala ar chách
dá cumhnughadh;
aga t’fhiach ré
n-eiliughadh,
fada ós iath ’na
urdhubhadh.
18 Tógtha, a
Aodh, mar imdhighe,
fraoch ar
ógbhaidh Almhuine;
do chruadh ar áth
n-iorghoile
gá táth re gual
gallbhaile.
19 Bíd ag cléir
fá chomhroghain
géill críche ’na
gcuibhrighibh;
ar dháimh iartha
aindlighidh
a láibh cliachdha
cuimhnighidh.
20 Mac Seaáin,
teidhm tarbhfhásaigh (?),
gearr gur bheadhg
le baidhbhfhísibh;
tug uille ar
fheilm n-ilghrésuigh
re seinm buinne
bhailbhísil.
21 Orra a nduas
gan deighfheithimh,
luadh orra ní
hanfhachain;
fiú an díol do
chléir chomhaithigh
síodh do bhéin do
Bhranachuibh.
22 D’fhios troda
ar thaobh gallbhaile
Aodh ar fothan
fiodhbhaidhe,
mionn scéith
chorcra is caoilshlighe
ní féich obtha
iorghoile.
23 Gur líonta ón
ghleó a ngeimhleacha
ní díoltar leó
Laighneacha;
an chliar as í as
ingheabhtha
ós dí do iar
ainbhreatha.
24 Moch fuair
Aodh a n-andomhan (?)
a mbuar fá chlaon
coimbileadh;
coill do dhol a
nduilliobhar
níor choim do
chrodh choillidheadh.
25 Bhur n-eacht
riamh do roicheangladh
’na cheart a
n-iath achadhghlan;
fuair sí síoth ar
sochunnradh,
críoch is gan í
d’athadhnadh.
26 Sreabha míne
ar meirbhshiobhal,
feadha fíthe ar
bhfalmhaghadh,
glúin fá fhiodh
ag umhlughadh,
a chion ar úir
d’anmhurar.
27 Tú samhuil
d’Aodh Oirnidhe,
Laighin dá thaobh
tiormuighe;
na tairthe, a
Aodh, fholmhuighe (?)
gan aithne ar
fhaon fhiodhbhaidhe.
28 Buidhne a-niar
fá nuaimheirge,
fian do bhruidhne
bélairde,
fir le dénaimh
díbheirge,
libh d’fhéghain
gach énairde.
29 Fuair cliar
cosc a hoirbhire,
cóir triall re
tocht mallmhuire,
foirne déd, a
doinnbhleidhe,
roighne séd ar
Sadhbhai-ne.
30 Bladh uirre
tar inghionraidh,
ní bean oinigh
oirbhearnuigh;
níor thúr béim
don bhanLaighnigh
tnúdh ar chléir
fá [a] coimhleanmhuin.
31 Tearc don
dáimh nár dheighfhiosraigh,
ní an cách san
chomharsain;
do-chuaidh don
chrú Bhranuigh-sin
buaidh gclú tar a
gcomharsain.
32 Braithfe, a
Shadhbh, a n-iolmhaoine,
a bhairr mar
bhláth ndeaghnuaidhe;
fríoth h'aithne a
ttoigh tromdháimhe
tre ghoil
ghairthe gealghruaidhe.