firstLine"; ?>

702. Diol toile caoinmheas Cormaic $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) Ulster 1680
Prints:
  1. text O Donnchadha, Leabhar Cl. Aodha B.p. 272
Motifs:
  1. imagery for patron (inneoin, planda, cu)
  2. intellectual achievements
  3. nobility of ancestry
  4. poet’s blessing
  5. prowess in war
  6. sead suirghe
Poet Christian Names:
  1. Peadar (L. Cl. Aodha Buidhe)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Airt Oig
Patron Surnames:
  1. O Neill of Clann Aodha Buidhe d. 1707
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Díol toile caoinmheas Cormaic


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 45]


Peadair Ó Maolchonaire; mac Fir Feasa, .cc.


1 Díol toile caoinmheas Cormaic

laoch oirbhertach ághordhruic

croidhe fial is flaith ro clos

maith a dhiall ris an dúthchas.


2 A dhúthchas maith as molta

seasaidh sé go leóghonta,

san úairsi an cúlchas gan choir

dúthchas na húaisle leanaidh.


3 Planda compair Néill neartmhair

inneóin an inil inntleachtaigh,

a ghuaisbhearta i ngleó as lonn,

breó na húaisleachta d’altrom.


4 Connmhaidh seision súas mar so,

mac Airt Óig, ar gcrann cumhro,

an sgaith as béilbhinn ’sgach ball

a mhaith d’Éirinn ’sgach anam.


5 Ionann bhíd gach tan ’na thigh

laoich Connacht, áirsigh Oiligh,

’sgach formshlat gan saobh mur so

’s is gaoth Cormac da gcaomhno.


6 Sásaighthior gach aon aca

da mhaith, mór na míadhmholta,

gan tlás ros-tilidh an ghég,

sás a chinidh do choimhéd.


7 Deaghmhac Airt, uasal an drag,

crann dídin daoineadh fannlag,

grádh cliar as caomhfuile Cuinn,

[an] caomhchroidhe fíal fulaing.


8 Bradán Banna do bhunadh,

eó Éirionn do chothughadh,

sínidh a theasda ’s a thoil

mílidh measda ’sna modhoibh.


9 Maith a cheart ar cheart a shean,

mur as ceart ceart na sinnsear;

gach am gan chríne gan chol,

sann a thíre do tháthadh.


10 Cuirfiod cumaoín chaomh gan tral

ar iarmhúa Bríain, beach bríoghmhar,

cur neamhchas toirbheirt ’sgach teagh

don tsenchas oirdheirc airsean.


11 Cuimeobh i ndán nach dorcha

seanchas fisigh foghlomtha

do sgaithfhios na slúagh fa seach

mhairfios go búan ar biseach.


12 Ó Chormac as caomh míanach

go Niall nósmhur Naoighíallach,

a ráidhiobh as réil an rún,

do ghén áiriomh a fhiorghlún.


13 Mairfidh ’na dhiaidh gan dolaidh

seanchas a ghlún geiniolaigh;

re a fhéghoin budh búan a bhladh

i mbéloibh súadh is seanchadh.


14 Do bhér tosach dioghrais dó

Cormac dil dragun Fearsta;

in gach raon suason mur sin

craobh as uasal an t-áisidh.


15 Cormac mhac Airt Óig gan oil

mhic Seaáin mhic Briain bhronntoigh,

a luadh do leathadh ’sgach leath,

ceathrar dar dhúal an t-eineach.


16 Mhic Féilim Bacaigh go mbladh

mheic Néill mheic Cuinn an caomhchur;

dá bhleidhioch do sgaith na sgol,

dá fhlaith d’eineach is d’eangnomh.


17 Mic Aodha Buidhe ordhuirc fhéil,

meic Briain Bhallaigh go mbúaidhmhéin,

ba triúin nár chrannda fa chrodh,

dá phlanda iúil na n-uasol.


18 Mic Muirchertaigh nár chlaon ciall,

mheic Énri nár ob airmghliadh,

dhá ligghil ba suim go seadh,

dhá chuim didin na ndaoineadh.


19 Mic Bríain mheic Aodha na n-each

mheic Domhnaill óig, laoch léidmheach,

mheic Aodha Méith do bhiathadh brain,

cliathchur nár thréith ar thóraibh.


20 Mic Aodha áirmhim ’na measg

an Macámh tréidheach tóinleasg,

crann taraidh, cridhe gan chailg,

cabhair a fhine ar iommairg.


21 Mic Muirchertaigh Moighe Line,

mic Taidhg na n-each n-oirdnidhe,

mheic Conchabhair caomh an ghein,

tromchabhair gach aoin ’na aimsir.


22 Mic Flaithbheartaigh fa caomh cruth,

mheic Domhnaill na ndamh ndíomsuch,

an chlann nár dhúaithnidh do dhul,

dá chrann súaithnidh na seanchadh.


23 Mic Aodha Athlamhan an t-óg,

mheic Flaithbheartaigh na bhfíorród,

’sgach gleóghal suasan go séigh,

dá leómhan uasal iaidséin.


24 Mic Muirchertaigh mhóir donó,

mheic Domhnaill dar dhual Macha,

a chalggoin as léir do leath,

séigh do ardoigh an t-eineach.


25 Mic Muircheartaigh, nár chlaon ceall,

na gcochall gcrúadhchaol gcroiceann,

’na am nír dhoimheallta a dhréim

an crann soineanta soiléir.


26 Mic Néill Ghlúnduibh rí mar rail,

mheic Aodha Finnléith feasoigh,

an triún fa tréine ’sgach glonn

do stiúr Éire gan adom.


27. Mic Néill Chaille gan choir

mheic Aodha Oirdnidhe iodhoin,

meic Néill Fhrasaigh, rí na reabh

do leasoigh lí na ndaoineadh.


28 Mic Fearghail, mheic Maoile Dúin

mheic Maoile Fithrigh foltúir,

na meic fa tréine ’gan tlus,

meic i bhféile ba follus.


29 Meic Aodha Uairiodhnaigh fhearbaigh,

mheic Domhnaill fhéil Ilchealgaigh,

mheic Moircheartaigh ba séigh seang

ag féin oirbheartoigh Éireann.


30 Meic Muireadhaigh na sleagh sean

mheic Eoghuin ceann na gcineadh,

an clothfhoithne fa maith méin,

sgaith chothaighthe gach ceinéil,


31 Meic Néill Naoighiallaigh fheasaigh,

rí Éirionn gan uireasbhaidh;

a shamhuil ní léir gur luigh,

séigh ba cabhair do chliaroibh.


32 Niall Naoighiallach nár char croidh

ceann bhur gcinidh, a chodhnaigh,

órcholl ’sgach ardbhladh fa teann,

lóchrann Alban is Éireann.


33 Ó Níall suasoin, seól gan chol,

uras leanmhain na leóghan

in gach ród raghlan gan rinn

go hAdhamh an t-óg foirtill.


34 Ag sin bhur seanchas gan saobh,

a mheic Airt, a iúl macaomh,

a rathuir go ngliadh gan ghomh,

ó’r nathair go Níall neartmhar.


35 Séd suirghe dar seanchas ghlic

do dhealbh mé, molta an chroinic,

do mhuin ghráidh dod ghrúaidh ’sgach alt,

’s a bhuaidh gan cháigh do Chormac.


36 Gabhaim oram mur iúl ghlan

senchus bhur sean do dhearbhadh,

dar searcbhrath séd mo sheisi

san séd shearcach shuirgheisi.


37 Cormac Ó Néill, rádh rolla,

míleadh leasa Liathdroma,

frémh neamhchas an chrú ór chin

a sheanchas, ’ga dú, is deimhin.


38 Cú fiadhuigh as foirbhthe bladh,

leomhan oirbheartach iodhan,

do gach tréd as seasda so,

gég as measda ’s as mórdho.


39 Siol gCárthaigh, siol gCéin, síol gCuirc.

siol gCearbhaill san óg orrdhuirc,

’s go mór gcrú n-uasal n-oile

dan dú dúasa dréachtsgoile.


40 Díol a ghrádhuighthe a mhéin mhaith,

Cormac daoineach an deaghraith,

gég fhial is flaithfhear an áigh

ler mian caithiomh a chonáigh.


41 Comhrair coimhéda clú a shean

croidhe nach cumhang aigneadh

drithle re losgadh leicne

mosgladh crithre coigeilte.


42 Go mba saoghlach síor go bráth

Cormac i gcéill ’s i gconách,

an t-earr as buaine go mbríogh

ceann a chúaine do roidhíol. D.í.o.l. t.o.i.l.e