firstLine"; ?>

703. Diombaidh triall o thulchaibh Fail (Diombuadh $
Length: short c. 7qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA15-24(23/M/25-34)E.O Caoimh1684-
  3. TCD 1385(H.5.13)S.O Gabhagan c1700
  4. NLI G127 R. Tipper 1713-15
  5. TCD1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
Prints:
  1. transl. Eigse vi, 11; Walsh, Gleanings, 7
Motifs:
  1. exile
  2. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (RIA73)
  2. Uilliam (TCD1346, NLI G32, RIA393, 1388)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird &c (M. O hUiginn RIA1060)
  2. Nugent (mac an Bharuin Dealbhna)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Diombáidh triall ó thulchaibh Fáil


[Gerard Murphy, ‘Poems of exile by Uilliam Nuinseann Mac Barúin Dealbhna’, Éigse 6, 8-15]


William Nugent cct.


1 Diombáidh triall ó thulchaibh Fáil;

diombáidh iath Éireann d’fhágbháil,

iath milis na mbeann mbeachach

inis na n-eang n-óigeachach.


2 Gé atá mo thriall tar sál soir,

ar dtabhairt cúil d’iath Fhiontain,

do sgar croidhe fán ród rinn:

ní char fód oile acht Éirinn,


3 Fód as troime toradh croinn,

fód as lia iasg ar abhainn,

seanchlár Ír braonach beartach,

an tír chraobhach chruithneachtach,


4 Tír na gcuradh a’s na gcliar,

Banbha na n-ainnear n-óirchiabh,

tír na sreabh ngoirmealtach nglan

’s na bhfear n-oirbheartach n-ághmhar.


5 Dá bhfaomhadh Dia damh tar m’ais

rochtain dom dhomhan dúthchais,

ó Ghallaibh ní ghéabhainn dol

go clannaibh séaghainn Saxon.


6 Dá mbeinn gan bhaoghal muire

ag fágbháil lis Laoghuire,

mo mheanma siar ní séanta:

triall ó Dhealbhna is doidhéanta.


7 Slán don fheadhain sin tar mh’éis,

do mhacraidh tíre Tuirghéis,

dream as caoine i gclár Mhidhe,

dámh as saoire soichridhe.