Poem in printable PDF format
Diomdhach mé don
mhacdhacht ríogh
[Paul Walsh/Pól
Breatnach: Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Irish Texts
Society 42/45, 1948/57); vol ii, 104-10]
Eóghan Ruadh Mac
an Bhaird cc.
1 Diomdhach me
don mhacdhacht ríogh
cóir do Dhia a
dol a ndímbríogh
fa rodhána uirre
ind
buime ar n-onára
d’fhaichill.
2 Ga d’ulc
dioghbhudh a hirsi
maith saith dhamh
a dilghind-se
a gcumhacht an
gcéin do bheath
céim rem uracht
nír uaimhneach.
3 Do rad damh-sa
- dia do ghlóir -
muirn a sóidh
sódh a hanshóidh
táirreasa nó gur
mheall me
ceand gach
áineasa uaithe.
4 Gach céim
aoibhnis da n-uair sionn
ón Iarla ní headh
fhuairsiom
na chéaddamhna
níor chleacht me
teacht le
héadtarbha uaidhe.
5 Ar n-easbhaidh
níor easbhaidh lind
riom-sa do
ráidhiodh mh’inntind
bheith a ttacha
nár dhíoth dhamh
críoch a ratha
acht go ruachtadh.
6 Rom chuir don
chleachtadh roimhe
an céim ránaig
Rudhraighe
tar neart a
chéadtoil do chóidh
a fhéacain buadh
eacht dá onóir.
7 An ghairm
iarlachta fhuair sin
éigean doide an
uird ghaisgidh
a chiall do
choimhfheacadh dhi
roidheacar riar
na ríghe.
8 Mallacht don
fhearacht fhaghla
nír shaoilsean na
shodhamhna
sind ina
neamhghoire anois
rind ar meanmaine
maolais.
9 Póg an ógáin
eacht oile
dá chéadathair
collaidhe
do dhligh mé don
mhacdhocht ríogh
a daltocht as é
mhimshníomh.
10 Do bhí ag
ridire eacht n-aon
mac óg go n-iomad
míothaom
nár chuir srian
ansmachta air
níor chiall
andsachta d’athair.
11 Tigdis leis a
los a ngráidh
athair máthair an
mhacáimh
do reitheadh le
réim a bhaois
feitheamh dhá
chéill ní chleachdaois.
12 Marcoigheacht
a mheanman féin
ar tús mar tugadh
dhoiséin
ní fhill ón
bhaois do bhunadh
re lind a aois
d’apchughadh.
13 A lochta mar
nar léig dhe
lucht coimhéid
ceirt na ríghe
tug roineimh a
ndligheadh dháibh
shligheadh
d’oidhidh an ógáin.
14 Athair altroim
a dhoirbhe
an uair do dhí a
chéadoighre
mar budh cóir dá
chura a réidh
do chóidh ar
dhubha dhoiséin.
15 Aon phóg
dhamh-sa druid am dhál
a athair ar an
t-ógán
ria ndealachadh
dhéid is damh
léig dot
mhearachadh meanman.
16 Druidis ris
mar do ráidh féin
béal srón an
athor aindséin
téid thríotha
ó chridhe go cnáimh
le mire fhíocha
an ógáin.
17 Níor chuir tú
a athair fhallsa
smacht as m’óige
oram-sa
tú ar an mac do
mhill meise
an tslat rind nír
roindeise.
18 Mar sin damh
do dhruim andsa
tú fa hathair
agam-sa
barr ar moirni-ni
mar mhac
am dá oirbhire
orat.
19 Ná tug
aithfear acht ort féin
dá mbeith nach
beinn dot oighréir
a hainchleachtadh
do mheall me
aithleantar eang
na hóige.
20 Ní hé go madh
iongnadh dhamh
dá mbeith
nach beinn ad chleachtadh
aniodh a haithle
tandsa
do chion d’aithle
oram-sa.
21 Adéardais cách
nár chúis truim
thú dom réir-sí a
rí Chonuill
beith go rodhana
as dleacht damh
acht reacht
th’onora d’iomchar.
22 Do chéim féin
ó fuair tusa
mo chor-sa am
chéim duthchusa
má tá a ndán adlé
mise
gibé mar tám
tuigi-se.
23 Cuirim dhíom
fa ndlighionn me
acht do rádh-sa a
rí Eirne
ó tharlaidh ag
car chuige
adhraidh dhamh as
dóchaidhe. Diomdhach