firstLine"; ?>

709. Dion cloinne a n-eag a n-athar $
Length: long 40qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 64
Motifs:
  1. imagery for God or Christ
  2. role of BVM
  3. the Crucifixion
  4. Resurrection
  5. the Joys of Heaven
  6. Maxims from law textsq.13
  7. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (NLI G992, RIA1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Díon cloinne i n-éag a n-athar


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 64]

Diarmuid Ó Cobhthaigh cct.


1 Díon cloinne i n-éag a n-athar,

rí na n-uile is é a mbreitheamh;

tig dá thaoibh éag a n-athar

rathal ghaoil nar fhéad d’fheitheamh.


2 Éag oidhre ríogh ós ríoghaibh

a gcoimhdhe dá thaoibh tárraidh;

triur do ghuin i n-ainm éinfhir

do réidhigh snaidhm d’fhuil Ádhaimh.


3 A fhine ar ndrud ó a ndúthaigh

tre ghloin gcridhe do-chíthir;

mór do bhí ar a éag uathaibh

tréad dar bhuachail rí an ríchigh.


4 Rí far ngníomh i nglas foghladh

síodh ar gcean nó gur ceangladh;

guin a chígh ann do b’iongnadh

rann biodhbhadh dhín dá ndearnadh.


5 Guin taoibhe is cíogh ní chronaigh,

a dhaoine do dhíon dlighidh,

rí dar gcionn do bhí ar bhearaibh,

dleaghair rí ós chionn chinidh.


6 Searc a charad ar cuimhne,

neach gan a aithghin d’aighne,

teann do-ní coinne ar gcoimhdhe

t-oidhre i gcoille trí dtairrnge.


7 A thromlot ar thrí bearaibh

go bhfríoth le foirneart n-oinigh

oidhre Dé i gcás far gcobhair;

molaidh a ghrás é d’oighidh.


8 Do ísligh fás na faladh

ríghin dar ngrádh do gonadh;

fearg ríogh far gcion do ceileadh,

síodh as deireadh d’fhior fholadh.


9 A-muigh ní hoircheas éinfhear

ó thoigh ní roinntear rífhleadh;

cia dhíbh budh dóigh dá dhúnadh

dúnadh trír róin do-ríneadh.


10 Dar gcoimhdhe ón fheart do imdhigh

troimchreach gur bhean dá bhiodhbhaidh;

ar n-éirghe ó bhás Dé Domhnaigh

foghlaidh grás Dé ar a dhiomdhaidh.


11 Goin ríogh dob oirrdhearc n-einigh

nír ghníomh oircheas fam fhalaidh;

rí trír do fhuair a oighidh

soighin sídh uaidh ’n-a aghaidh.


12 Ceart ’n-a dheaghaidh dá ndearnadh

ar dteacht ó bhreathaibh biodhbhadh

leanbh cígh i n-uaigh gan adhbhar

snadhmadh sídh uaidh dob iongnadh.


13 Tig i n-am an eoil d’fhéaghain

a chlann ’n-a dheoigh gur dhírigh;

slighe an taoibh róin do réidhigh;

cóir déinimh raoin go rífhleidh.


14 Neimh ón chló ’n-a bhais bhairrghil

fa cheo gur chuir a dhiomdhaidh;

tug an grás é ’n-a fhuilngidh

fuilngidh sé a bhás dá bhiodhbhaidh.


15 Leanb gan fhéachoin dá oighidh

is teann an t-éigean einigh;

ionchraidh féin each a hoidhir

doiligh breath ghéill i ngeimhil.


16 Guin ghlac gér fhachain fhaladh,

mac ar seathar ná sireadh

leanb cígh ag óigh do hoileadh

cóir chroidheadh dhín [do dligheadh].


17 Gluaisis tar cheann a chinidh

leanb gan ghuasacht re ngonaibh;

sgiath an ghráidh do gheabh t’eidhir

fear deiridh cáigh do chobhair.


18 Cuid so do mhíorbhuil Mhuire

dod chur san ríoghacht roimhe,

bean do-chuaidh libh do loighe

ag buain goimhe a cneidh croidhe.


19 D’fhiort an oinigh mar fhailghe

sleagh ’n-a chroidhe dar gcinne,

maoidh soin mar anáir oirne

goin t’oidhre d’fhagháil inmhe.


20 Síoth do dhéanamh red dhaoinibh

má fríoth i n-éaruic t’álaidh

maith dhuibh ar fhear dot fhíonfhuil,

líonaidh an teagh d’fhuil Ádhaimh.


21 Fearg oraibh d’éis do thromghon

nar locais léim do bhiodhbhadh;

sibh ag tocht go teagh bhfaghladh

cneadh d’adhnadh ort nír iongnadh.


22 Tú dod ghoin do ghrádh cinidh

ar ndol do chách don chonair;

cia a-mháin do iarr a oighidh

do bháidh oinigh riamh romhaibh?


23 T’oidhre ar cuairt i gclí dhaonna

go bhfuair a shíoth fá shéala;

ní fhuil guin go guin gcíogha

nach luibh shíodha d’fhuil Éabha.


24 Sibh d’ochtghoin d’fhaobhar sleighe

baoghlach an fhoghail fhine;

iongnadh díon ann don uile

crann cuire id chíogh go cridhe.


25 Ná bíodh a hagra ar th’aire

má taoi le fearas bhfine;

ós lé do fhóir an uile

cóir ghuine Dé ní dhlighe.


26 Sinn do chobhair ón chánaig.

ger chéim docair a dhéinimh,

ar luigh oirne i mbeirn bhaoghail

saoraidh t’oidhre d’fheidhm éinfhir.


27 Taobhghoin i gcás nach cuire

páirt dot aobhdhocht ret fhine;

mín as cóir gach fear fleidhe

ceile cóir na gcneadh gcridhe.


28 Fuair i gclí amharc oraibh

don rígh nír radharc falaigh;

tre ghloin ngráidh do fhéagh t’oidhir

néall oinigh cáigh do chabair.


29 Guin bhonn is athghoin oile

gidh trom an agra ar th’fhine,

nar fhéach tú don taoibh oile

goire ar ngaoil do chrú an chridhe?


30 Ar ndeargadh thaobh is throighigh

daor do ceannchadh ar gcobhair;

sé i gcás ar fhud a oinigh

bás t’oidhir rug do roghain.


31 Ní maoidhte méad a thionóil

saoirfhear re déanamh daighiuil;

go mbia a fhleadh fóin ar foláir

cóir onáir ar fhear n-ainiuil.


32 Teacht dá cheangal dar gcinne

is beag dá bhreathaibh doilghe

do ligh ar láimh a eidhre

idh geimhle cháigh do choimhdhe.


33 Fleadh gan mhaoidhimh ag Muire

ná meas re haoinfhleidh eile;

móide an fhleadh í dá hibhe;

rí nimhe fear na fleidhe.


34 Luach faraidh d’éis ar n-iomchair

réir as fhada go n-uighthir

seol sídh i n-am an anfaidh

re crann n-arthraigh cígh cuirthir.


35 Cúig róid go ríoghbhrugh t’oidhre

eol rer chríochnaigh ar gcobhair;

oircheas rí do réir chinidh,

do-ní an slighidh réidh romhaibh.


36 Cnú bheo le caomhna gcóra

ar saoradh dob eol uaidhe

bean do bheith ’n-a hóigh fhíre

ar chóir gcíghe ag breith bhuaidhe.


37 Dual caomhna mhic ar mhuime;

mar sin do saoradh sinne

bean do shín cóir a cloinne

coinne shídh róin do-rinne.


38 Cóir thaobhluit uirre d’iarraidh

baoghlach don fhuilse Ádhaimh;

tug sin aga ’n-a fhíonfhuil

fada díoghail fhir álaidh.


39 Mo ghníomh dom chur ó chuireadh

síol le dtugadh a thoradh;

teacht as-teagh uam ní oghar

dual omhan ar fear bhfoladh.


40 Fa rún nír bheithte an bhuirbe;

dá fhine más cúis ceilge

cóir an chló uaidh i n-airde,

ró cairde fuair nach feirrde. Díon.