firstLine"; ?>

710. Dion Fodhla a bhfeis rioghdhamhna $
Length: long 35qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny Kgl. Saml.268b 16-17c
  2. TCD1361(H.4.20) T O Neachtain 1725-9
Prints:
  1. transl. Greene, Duanaire Mheig Uidhir no. vii
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. patron’s liberality to poets
  3. Patron’s prowess in battle
  4. naval warfare
  5. battle phantoms (badhbh catha etc.)
  6. territory as king’s spouse
  7. fertility in reign of just prince
  8. tribute (cios, cain)
  9. Hostages
  10. High-kingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Giolla Riabhach (Copenhagen MS, TCD1361
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Díon Fódla i bhfeis rídhamhna


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 7]


Ó Cléirigh, An Giolla Riabhach .cc.


1 Díon Fódla a bhfeis rídhamhna;

tar geis bhFódla bhférumhla

críoch Fódla ar roinn ríghdhamhna

Goill dá fhógra d’énumhla.

2 Síol Uidhir ar énshlighidh

duilidh díol don fhialbhuidhin;

tug chéill do Ráth ríghLughaidh

géill ón áth ’na n-iarnaidhibh.

3 Fian hÍ Cholla ag cruinniughadh

do thobhach giall nGaillidhedh

gealltor gleo d’fhéin fhionnUladh

ní leo féin do faillidhedh.

4 Ráth Bregh uaidh fa ainbhine

co bhfuair fer a hionghaire;

geis naoimh do Ráth Rughraidhe

do sgaoil ar áth n-iorghaile.

5 Rug sí a séda siobhlacha,

an ghnaoi ag dénamlh daighretha;

gur bfuail co Fiadh fionnMhacha

an chliar ní fhuair ainbhretha.

6 Seoid cháigh uatha d’fhiledhaibh

a ndáil duas do nemhfhuirigh;

géill ríogh co rún ndegheinigh

ar ccúl ó tsíol tsenUidhir.

7 Riar sgol ní fáth faillidhe

foda a-tád fa thromoire;

dá ngabha an clú corruidhe

ní ragha ór cCrú Colloine.

8 A ttráigh fhuair fa fhérthulaigh

do bhuail báirc do sdiúrthanaigh;

géill díoth féin gá fiarfaighidh

a réir a ccíogh ciúnchalaidh.

9 Téid fer uaidh co hanshádhal

re huair cles do choimhfhéghadh

féindigh tic dá thaighéradh

tig déinimh ar dodhénamh.

10 Adh tsíthe mná mailldeirce

sínidh a ndál dondfhoilce;

slegh le hoigh na himeirci

do bhen dar cCoin Chonnaichtne.

11 Caor tsluaigh mhaoidhes maillfhégadh

faoilteach re tóir tromaoidhedh

do fhégh orra a n-iombualadh

frémh Colla gá ccommaoidhemh.

12 Cáin gá fhéin ar anndúthaidh

géill ’na láimh tar linniathaibh;

Ráith Bregh ní fhuil innuachoir

mona fer d’Fhuil fhindFhiachaidh.

13 Fríth go réidh a ríbhanais

Críoch Néill mur do nualeighis;

fuair sí tarbha a tréighenais

rí don Bhanbha buaidheighiss.

14 Cáin na ccríoch ’s a n-eallaighe,

síoth cáigh ina ccorruidhe;

roind dá chrodh do choillidhe

ar ndol ór ccloind Cholluine.

15 A bhladh dá bhrígh iniomaidh,

do char díol gach daghollaimh

- nós fuair ón fhréimh Raghollaigh -

dá réir uaidh le hanorraidh.

16 Tríd sin tárraidh tromliamhain

do neimh h’álaidh anlíonaidh;

fuarais gleo a n-uaimh eidhnénaigh

do-chuaidh go beo a mbainríoghain.

17 Lúth adhnaidh fa t’iombualadh

damhna múir do mhalldúnadh;

aighthi t’fhian gá n-indeonadh

d’aithle gliadh im ghalldúnadh.

18 Terc riamh uair a hionnamhoil

fád riar do thuair tromfholaidh;

téid let arm óir d’ollamhain

tóir badhbh nachar bhronnabhair.

19 Grís dot fhogha adhainfidh,

do tshíoll cColla comhhfhethfidh,

guais bláth t’aongha anaithnidh

gnáth caomhna ar na coimheghthibh.

20 Roinnidh riot a rímhaoine

fá shrioth oirir fhéruaine;

rug ben aithne ar h’órfháine

sa bhfaighthe ar fher n-énuaire.

21 Fuair tú toil nach ionmhaoidhimh

do chlú ar ndol ós deghríoghaibh;

a mbí ad ghoin do ghormlúirigh

astoigh do bhí a mbainríoghain.

22 Séd a n-uaimh dob andomhain

fa tuar dér dot donnfhoghoibh;

sealbh an chuirn óir d’ollamhain

tar dóigh mBuidhbh do bhronnabhoir

23 Grian an chaoil don chédghoradh

do bhaoi ’na rian róidleabhor,

tes níor an dá éigniughadh

nach gabh eas re hóiglenaph.

24 Tes síon ag serg mallshrotha

tríd do dherbh a dheghbhretha;

do dhol go Fiadh fionnMhacha

do bhlodh grian a geimhleacha.

25 Ní fhuair leanb lán dernuinne

’na trágh ar cend coimhlinge;

grian an uair dob an[bh]fainne

do-chuaidh go grian goirmlinde.

26 Barr fedh as tuar tromáirmhe

ó chnuas do chleacht mailldéinmhe;

benaidh fa Fhiadh fhinnÉirne

grian a fedhaibh fainnéirghe.

27 Tug sin es gan imluaghail,

sreibh ón tes ’na tirmfhírshreibh;

tug dlús doire dondbhraonaigh

nús oighe ’na fhindlínibh.

28 Gola ag mnáibh ós maillesaibh

ar ndol dáibh a ndonnasaibh;

a chlú ón ágh d’indisin

ní nár don chrú Chollasoin.

29 Fuair lí a aighthe d’ionghaire

ós grís gairthe doinnshleighe;

bas ós abhra inghine

dá bhfaghbha as oirbhire.

30 Tug sé a chradh gan comairce

bladh téid ós gach tendaicme;

tend coinne ar cCú Connaichtne

a ccoille cnú cceangailte.

31 Líon cen chuirios d’ollamhnaibh

duille fedh tar fionnabhloibh;

doimh ghonta ar a ngiollanraidh

rompa do thoigh thionnabhraidh.

32 Cia do chách nár chomharthoigh

san ágh ’na dhiaigh daighfheithmhidh?

síol cColla ó iath anaithnidh

triall orra ní hairighther.

33 Síol cCuinn uaidh fa anfholaidh

go huaim an Fhuinn Fhuinedhaigh;

nír bhen re mnaoi Muiredhaigh

a fer fa dhlaoi duilleabhair.

34 Tug feilm naoidhe nuarannta

na gaoi ar beirn go mbraoindergfa;

tegh crann na ndér ndílennta

én ann da gach aoineallta.

35 ’Na triall cen as cosmhuile

benaidh don chriaidh casnoidhe;

sreabh a húr ar amhsaine

re lúth gredh a ghasroidhi.