firstLine"; ?>

711. Dion gaoidheal ar Gabhail Ragnuill $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS 1726<1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 24
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Material rewards for poetry
  3. patron’s liberality to poets
  4. Patron’s prowess in battle
  5. harrying, burning houses etc.
  6. war with the Foreigners
  7. Allusion to Arthurian tales
Poet Christian Names:
  1. Aithios (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Lorcain
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Broin
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Díon Gaoidheal ar Ghabhail Raghnuill


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 24]


Áithios Ó Lorcáin .cc.


1 Díon Gaoidheal ar Ghabhail Raghnuill,

ríoghraidh díomsach nach diúlt gleódh

feadh troda na ttréinfhior ttoghtha,

foda ag déiniomh ortha an t-eól.

2 Gabhla fulaing fhréimhe Raghnaill,

ró muirir ní mhaoidhid siad;

ag sin coill cabhra na nGaoidhiol,

croinn tarla ós gach aoinfhiodh iad.

3 An té as cinnbhile ar chrú Raghnuill,

ní rug Balbhuaidh buaidh nách rug;

do bhean comha oighre d’athair,

dola ó dhoilghe an tachair tug.

4 Cluiche ’na cháil cur ’na aghaidh,

a fhíoch an uair adhnas sé;

ar dhíoth slóigh a ttreas má tiachair,

ní feas do thóir Fhiachaidh é.

5 Beag lér saoileadh sníomh an chroinn-sin;

cia an fear ar nách fuil a ghlas?

cách ag snoighe croinn í Chobhthaigh,

ní fhoighe boinn orchair as.

6 Tuirsi chogaidh níor chleacht Fiachaidh,

fear lé ttréigthear tighe suain;

lá gearr nách fuighthear ar faghail,

cuirthear ’na cheann adhuigh uaidh.

7 Do lucht cosnaimh críche Danar

deacair teacht ré a ttoil do ghnáth;

ní feirrde leó féin a bhfoghla

’s gan gleó do fhréimh Conla ó chách.

8 Dá mbeith nár mhian lé mac Aodha,

ní heól dó dul tar a thail;

síoth naoidhe do chách nár chonnaimh,

sgáth ré daoire an ollaimh air.

9 Deacair dréim ré ndáilionn Fiacha,

fiú a dhuasa gan righe rú;

ná tigeadh sé ar láimh í Logha

an té lérbh áil cora [a] chlú.

10 Síol Eachaidh d’iomad a ttoirbheart,

tearc riamh lé rugadh a mbuaidh;

do mhéduigh réir oinigh Aodha

béim oinigh an taobha thuaidh.

11 Um dhíol aoigheadh d’éigsibh Banbha

beag ar theisd tarla ’na gcló;

gi-bé do scoil budh díol diúltaidh,

ó shíol mBroin ní diúltair dhó.

12 Gérbh iomdha crodh críche Branach,

beag ré [a] dháil dó-san dá mair;

cá áit a bhfuair don dáimh dhoiligh

ar dháil acht buaidh n-oinigh air?

13 Deacair réir deóradh ’na ndeaghaidh;

duais ó mBroin cá bronnta as mó?

ní dá chur uaidh d’fhine Eachaidh

fuair an file a ndeachaidh dó.

14 An dáil do chornaibh cloch mbuadha

do bhí ré seal a síth Lir,

an gcuala sé a bhfuair an file,

an té do smuain righe ribh?

15 Na haithre ar tús táinig romhaibh,

is riú ar theasduibh téid a gclann;

dlighthior dúibh athchur an oighir

nach faghthur dúil oinigh ann.

16 Feirrde a ndíon a ndul ad chleith-si,

clann Eachach an aignidh mhir;

ní meisde a mbí ar áth at aighidh

an tráth fá mbí Laighin libh.

17 Táinig dá dhruim dáil a maoine,

ar mhnáibh deighfhear dúisgidh éd;

scél do thógbhadh ar feadh feadhma

nách fóbradh fear meabhla ar mhéd.

18 Fulang antruim ar fhóir Laighion

lá an fheadhma ní heól doid;

saoth nách éidir buain do bhéime

uair éigin dá ttéighe a ttroid.

19 ’Na thigh talmhan ar tteacht nóna

do nós bhrághad bhíos a nglas,

fada reimhe uair a hadhnadh,

do-chuaidh teine t’fhaghladh as.

20 A mheic Aodha na n-arm bhfaobhrach,

fiú an fhala-so a fhad go mair,

guais nách fuighe h'oighri ót fhoghail

coimhdhe a gcuire d’fholaidh air.

21 Díon a gcruidh do chur le héigsibh

iomaibh d’fhionnfhuil Énna Niadh,

dá bhrígh sin do an ’got fhaghlaidh

cradh as-tigh gur ghabhlaigh grian.

22 A ló deabhtha dhuit, a Fhiachaidh,

go híoc a n-ainbhreath d’fhéin Gall,

fiú h'oire a mbeirn tar an mBranfhuil,

feilm oile rét aghaidh ann.

23 Diongna an tráth do-ug a n-iarraidh

d’éis a n-oileamhna ar eól sreabh;

dob aithne dháibh féin a bhfolta,

ní háil dot fhéin tochta as-teagh.

24 T’fhearg a gcléith ré cách, a Fhiachaidh,

is í an tairnge téid a mbeó;

is glac do chur re gáibh goile

dul a ndáil do ghoine a ngleó.

25 Ré nél na maidne, a mheic Aodha,

d’éis cruinnighthe do chean mall,

ní bhí ar feadh an fhuinn-si t’fhaghladh

tuirse ar fhear gan adhbhar ann.

26 Ró teasbhaigh mar thig ’na dheaghuidh,

an drúcht trom ón toirthioch úir,

téid ’na ham gan buain ó bhrughaidh

an barr fuair ar tulaigh thúir.

27 Le feidhm a lainne a ló comhlainn

do chrích námhad do-ní a sheilbh;

nós a dhornchla ó fheidhm uí Énna

feilm thoghtha ní bhéara beirn.

28 Dearbhthar riamh lé ríoghruidh Gailian

gur gnáth buaidh ar bheagán slóigh;

do-ghébhadh sé na trí trír-si,

an té ag nách bí dísle dhóibh.

29 Madh gearr bhíos a mbruidhin Fhiacha

d’éis gach timchill dá ttug sé,

scél naoidhe nách bí ag an mBranfhuil,

aoighe an tí ’gá n-aghair é.

30 Ua Seaáin dá sléchtaid eachtruinn,

níorbh fháth béime bheith dá thail;

barr gach air ó fheidhm ar Fhiachaidh

nach raibh a mbeirn d’fhiachuibh air.

31 Tig dá adhnadh don fhóir Bhranuigh

gan bheith d’iath a n-easbhaidh guail;

fágbhaid teinte cloinne Conla

teirce coille ar cholbha cuain.

32 Lór a lúthmhaire a n-uair fheadhma,

oighre Aodha nár ob treas;

do-gheibh sé a n-ágh dá fhéghuin

an lámh chlé do dhénuimh deas.

33 Fiú a ttnúidhe a ttréidheibh ré ’roile,

roighne cloinne Cathaoir Mhóir;

budh béim súla béim don Bhranfhuil

ag léim dúna Danuir dóibh.

34 Sgaoiltear lé dáil doinnshleagh Fhiachaidh

d’áth an chomhluinn ré cloinn ríogh,

fearthain shleighe na gcaor gcorcra,

braon neimhe arar docra díon.

35 Tearc a n-ogus d’einioch Róise

um réir fhileadh oirir Néill

ca brígh cliar do dhol a ndoilghe?

ní iar crodh do choimhdhe ar chléir.

36 Fuair do chrodh ó inghin Fhiachaidh

gur athruigh aithiorrach nóis;

riar a bhfiadh Oiligh nách oighbhe,

cliar dhoiligh do-roighne Róis.

37 Fiú a toirbheart tosach molta

ó mhnáibh Laighion do dhul dí;

dámadh é a chríoch dol tar dligheadh,

fríoth ar tol an fhileadh í.