firstLine"; ?>

713. Dion Ulltach ‘na n-uirrioghaibh $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny Kgl.Saml.268b 16-17c
Prints:
  1. transl. Greene, Duanaire Mheig Uidhir no.xxi
Motifs:
  1. patron’s intellectual attainments
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. patron’s feasts
  4. patron’s liberality to poets
  5. Patron’s prowess in battle
  6. naval warfare
  7. war with the Foreigners
  8. fertility in reign of just prince
  9. tribute (cios, cain)
  10. Submission, tuarastal, coimirce
Poet Christian Names:
  1. Muiris (Copenhagen MS)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Díon Ulltach ’na n-urríoghaibh


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 21]


Muiris Ó hEoghusa .cc.


1 Díon Ulltach ’na n-urríoghaibh;

rí ar Ulltaibh nírbh ionndénaimh

cách gurb umhal d’uirríoghaibh,

fa tháth Uladh iméraigh.

2 Rí d’Íbh Colla a cumairce,

urra na ttri ttendaicme;

feidhm catha ar cCon Connaichtne

do bhlogh clacha cengailte.

3 Do chóir fher an fhíoriomaigh,

breth do-chóidh re a chéimeandaibh,

glanaidh ré ós rélandaibh

ní samhail é d’énurraidh.

4 Líon cen ó Chlár mhínChonga

seachnaidh cách a ccaolchronna;

tighe ríogh dá réidhchuma

sa Mhidhe ó shíol tsaorCholla.

5 Fillid sin cléir comhadhaigh

ceisd do léig ’na lenamhain;

tucc sé umhla d’fhileadhaibh

cidh é as ullmha a n-ealadhain.

6 Dóigh fhéile ac gach énfhileidh,

na slóigh réidhe ó ríghEmhain;

lentar ar shíol tsaorUidhir

- bentar fíon a fínemhain.

7 Críoch Éimhir ’na n-oirichil

dénamh ríogh as roimhithidh;

síol féile síol seinEochaigh.

Éire a dhíol do dheghithir.

8 Ceand sgoile Cláir chiúinOiligh

cóir an t-oide d’fhéinighibh;

teisd gliadh sleachta saorUidhir

a chiall rempo réidhighidh.

9 Gé táid do thoil tigherna

dá bhfuil cách ag comhumhla,

beag orra síodh soshnadhma

síol cColla is dá ccomharrdha.

10 Sirther d’fhógra fhíroinigh

filidh Fhódla ar énfhedhain;

ní náir do shíol tshaorUidhir

gan díol don dáimh dhéighenaigh.

11 Líon troda acht co ttinóile,

fada ó shíodh a shoiréidhe;

glór mín ac mac Siobháine

ní bac do rígh roidhéine.

12 Meic ríogh faoi ’na bhferannaibh

gach laoi re díol daghollaimh;

dáil cruidh fhréimhe Raghallaigh

do chuir fhéile a n-anorraidh.

13 Raoin doilghe na ndorncharúd

budh raoin shoillsi shenchloighshéd;

dob fhiú maoine an Mhanchaighúd

daoine a-niú ar a nemhchoimhéd.

14 Fán teagh do dháil drithlenda

gach slegh dá ngáibh gealchorrae,

cúirt ríogh fhuair a hathchuma

gan uaim ó shíol tsenCholla.

15 Síol Uidhir fhóid seinEmhna

bruighin dóibh as doshnadhma;

terc troigh gan fher n-ealadhna

ar feadh ’na thoigh togharmae.

16 Na cóig críocha comhchosnaigh

fiorfaidh móid an Mhanchaighsin;

léim ar áth ’gun onchoinsin

as cách ag béin bharrthuislidh.

17 D’éis eachtra síol senUidhir

ac teachta ó chrích comhadhaigh,

buille a-bháin fad bharamhoil

ní fhuighe a ráimh rorighin.

18 Ráth armtha fer n-órchuladh

tarrla seal ’na síthbhruighin,

rún ar fher ní hiarrfuidher

ad dhún ar feadh fíonchuiridh.

19 Díol fiach fríth red bhaineachlaigh

ó iath rígh fa raidheibhthir,

do chána an tann tabhaighthear

námha and ní hairighthir.

20 Dóibh féin as fáth oirbheire

má téid cách ad chomhghaire;

gé mall tú d’áth iorghaile

ní gnáth cú ’na chomhnoidhe.

21 Feadh comhóil chrú fiondUidhir

h’onóir rú do ronnabhair;

tegh uile fa urradhuibh

nír bhen h’uille d’ollamhain.

22 Tar éiss dáile dergfhoghadh

sccéith bhláithe dá mbordghoradh;

cáin ar fhiadh do harduigheadh

do-cháidh t’fhian ’san ordughadh.

23 Ní fríth a bhFiadh Feradhaigh

díol dá mbiadh a mbaramhail;

bronnadh uaibh rerbh ionshiobhail

fuair ollamh ar anamhain.

24 Tuir núidhe fher n-ioniomaidh

fúigfidh seal ’na senalluibh;

tír ót fhéin ’na hanurraidh

ní díobh féin a feranduigh.

25 Maith dhóibh cor a ccailleoradh

ar thóir ac cor chumaoineadh;

ní thogh aoinfher h’iombualadh

laoidheadh con do chomhmaoidheamh.

26 Léigidh dún a ndoindeissibh

lúdh do thrénfher dtromfhossaidh,

tú gan fhíon dá indissin

nach síodh don chrú Chollasin.

27 Cách don taoibh dá ttiocfuidher

faoibh mur fhán fa uchtachaibh,

riot féin ní ferr iontachair

geall ’gutt fhéin ó Ultachalbh.

28 Críoch an uair dob infhedhma

ní fhuair an síoth soshnadhma;

fríth cuirn fhir na hanumhla

fad chuirm a ttigh thogharmae.

29 Ní fríth ac fréimh deghUidhir

díol re cléir nár chuireabhoir;

síol cColla ón dáimh dheirenaigh

mur chronna ar ndáil duilleabhair.

30 Sí ad dhún d’éis a hoilemhna

tnúth re cléir dá comharrdha:

móide clú fhir ealadhna

gan tú a dtigh na togharmae.

31 Fiú an tes fríth ’na fiadhnuisi

nach fes a fíoch déinmheissi;

ceo ar madain fa mhínghlaisi

gadaidh eo don Éirneise.

32 Trácht buinne an chaoil chiúinealaigh

braoin uime ina n-aoidheadhaibh;

tug guais reachta í ríghUidhir

teachta an chnuais ’na caoilfheadhuibh.

33 Líon gliadh d’amhsaibh armghlana

re ngabhthar Fiadh fionnLoghae;

meadh anfaidh nach ionmhara

Manchaigh ar fheadh n-iomghonae.

34 Fuair comha ar cCláir senAirtne

do gháibh corra cendaipche,

móid mhín ar cCon Connaichtne

do thír as cor cengailte.

35 Mág Uidhir re hénfhéchain

tuigidh fháth gach éneolaigh;

luas Í Cholla ar caoillínibh

cruas a rolla réidheobhaigh.

36 Lá gliadh do ghabh caithrenda

beg gach riar dá rathrumae;

síodh do fhuaidh síol senCholla

an síodh uaidh dá (h)athchumae.

37 Dubha ar-ísi ar fhionnchlochaibh

ar ccur ghríssi a nGallchathoir;

tuc gruadh dúin fa doinnchrithir

snuadh an mhúir ar Manchachaibh.

38 Caor tslóigh ar áth innilte

lór do chách mur cumairce;

géill ríogh dá ccor cengailte

ar síodh ar cCon Connaichtne.

39 Fer sluaigh Oiligh d’ionghaire

re ngoirther gruaidh inghine,

líon faghla a ngrian Ghallbhaile

do-arrla fiadh fionnMhidhe.