Poem in printable PDF format
Díoth cruidh
coire Tomás
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 26]
Niall Ó
hUiginn
1 Díoth cruidh
coire Tomás;
taoiseach
Teallaigh Eachach
an fial
[coipcheann] cruthach
mar Bhrian
coitcheann creachach.
2 Trí choire ag
cleith Chruachan,
gon chraoibh
bhéildeirg bhoinnghil,
coire thoighe a
theaghlaigh
is coire gá
choinnmhibh.
3 Coire bhíos gá
bantrocht,
bean churadh
chuain Bhanna,
sa doire i
dtráigh tunna
coire gá mnáibh
malla.
4 A chuid laoi is
lán coire
cuingidh
gruaidhgheal Gabhráin;
ní dhruid
chaidhche ó chongháir,
a chuid aidhche
is anbháil.
5 Ár muc ár bó
mBréifneach
do-bheir go mbí
an Carghas;
ní háil leis lón
lachtchruidh,
mór do mhartaibh
mharbhas.
6 Do bhiathadh
fhear n-Alban
is eachtrann
n-iath n-Uladh
[biadh] gon
chraoibh shuairc shuilbhir
n-a bruighnibh do
bhunadh.
7 Coinnmhe Line
is Laighean
agus Midhe is
Mhumhan
tug díoth ar gach
ndoire;
ní sgíoth coire
an churadh.
8 Ar gcur áir na
n-áirgheadh
d’fhéinidh
Bhóinne buige,
díoth tug ar na
tréadaibh
rug n-a gcéadaibh
chuige.
9 Tomás mhac
Briain Bhreaghaigh,
badhbh Daoile na
ndonnbhrat,
ag freasdal
chliar gConnacht
mar ChonnArt mar
Chormac.
10 Mág
Shamhradháin shireas
gach tír [mar]
Bhrian Bearbha;
díoth
cruidhchreach a coire,
tuirchleath
Mhoighe Meadhbha.
11 Lán an chnuic
do choinnmhibh
dá chathraigh
láin luchtmhair;
lán toighe do
theachtaibh
le choire sa
chuchtair.
12 Leasg linn ar
lámh fholamh
go foghlaidh
clann gCraoidhe;
d’fhior thadhaill
gach thíre
ní lamhaim gan
laoidhe.
13 Go loch
n-aoibhinn n-Uachtair
ag airgneach
Cairn Churrnán
coinne ag na Trí
Tuathaibh
i gCruachain ó
gCubhrán.
14 Lán gach tír
do thoirthibh
ag tuir éachtaigh
Adhar;
lán do bhuaibh na
mbrughadh
gach clár dá
bhfuair falamh.
15 Mór ghléasdair
do ghormghaibh;
ag déagsain an
donnshróill,
do chan fóir gá
bhfeitheamh:
“Cóir teicheadh
an tromshlóigh.”
16 Ní lamhthar a
leanmhain;
cá léirchreach
nach léamhadh ?
síoth nó osudh
d’aomhadh
díoth dosun a
dhéanamh.
17 Conmhaicne í
Bhriuin Bhréifne
ag baidhbh
Chliach gá coimhriar;
clann Róigh
éachtach armruadh
créachtach ó
fhóir Oirghiall.
18 Teallach
n-Eachach éachtach
aigbhéil
d’fhearaibh gaisgidh;
re bhféachain nír
fuirgheadh,
nír fuilngeadh a
bhfaisgin.
19 Tréan ar
fearaibh Fódla
flaith Fáil,
feidhm ós raineart,
do ionghair gach
oireacht
gan fhionghail
gan aineacht.
20 Re creachaibh
a chréachtshlóigh
cá tréantóir nar
tubhadh
nós dá ndearna ar
deireadh
deighfhear Eamhna
Uladh ?
21 Sluagh Breagh
ón ghleo gháibhtheach
ceo ar sróll
ngeal a ngéirchleath,
a gcosdudh ar
criathrach
ag brosdudh na
mBréifneach.
22 Seacht gcéad
sleagh ar sluaigheadh
seabhac cosgrach
Codhail;
seacht gcéad glac
dó i ndeabhaidh
slat Ghréag bró
do bhoghaibh.
23 Laoch seacht
gcéad do chloidhmhibh
inar Chearmaid
mór Mirbhéal,
seacht gcéad each
fan [uathfhras]
is cleath
ruadhchas rinnghéar.
24 Rosg mall is
dreach dheirgmhín,
daghclann each ar
airdléim,
taoiseach as fhiu
airdrígh
[dan] liu
craoiseach cailgréidh.
25 Rí na
dtaoiseach Tomás,
tuir Mhis
mheallas ríoghain,
Mág Shamhradhán
Shoghuin
n-a roghuin ós
ríoghaibh.
26 Mac meic
Dhonnchaidh Dhurlais,
dreagun súlghorm
sochraidh
ní hál drud re
dheabhthaibh,
ár thug is na
tochraibh.
27 Re muintir
Maoil Mhórdha
mór fearg flatha
Doire;
mó a fhíoch do
Mhuigh Mhidhe
gidh díoth cruidh
a choire. Díoth
28 Inghean mhall
Mhéig Uidhir
ucht geal, gruadh
mar chorcair,
drud re haoibh
sgol sgagthair,
tug chrodh ar
laoidh lochtaigh.
29 Inghean ríogh
is ríoghna
a réim cúich nach
cualaidh;
dál gan chleith
ag cliaraibh
gan ghrádh neich
ag Nualaidh
30 Ós
bhainríoghnaibh Banbha
bhíos bean
churadh Cairbre;
is í a lámh as
luighthe,
dámh ní chuirfe
ar cairde. Díoth
31 Móide a-nois
nós Gráinne
gnaoi uirre as a
hóige;
an mhéid dá crudh
chaitheas
a maitheas is
móide. Díoth
32 Caillin ceann
na n-ardnaomh,
éarlumh rob
fhearr aisde,
lucht crábhaidh
chruaidh charas,
sluaigh gabhas
n-a ghaisde. Díoth
33
Toirrdhealbhach triath Fódla,
fear caithmhe
gach cisde,
mar Dhá Thí, mar
Thuathal,
rí Cruachan as
clisde. Díoth