firstLine"; ?>

715. Dioth ollamh easbhaidh Laighean $
Length: long 31qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. elegy on poet
Prints:
  1. transl. O Machain, Eigse xxvii, 105
Motifs:
  1. envoi to God
  2. privileges of poets
  3. Function of poetry
  4. liberality to poets
  5. Nature mourns death
  6. general grief
Poet Christian Names:
  1. sname only
Poet Surnames:
  1. MacEochadha (internal evidence)
Patron Christian Names:
  1. Tomas mac Ruaidhri
Patron Surnames:
  1. MacEochadha
Apologue Subclasses:
  1. Death of MacLiag & MacCoise ruined land
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Díoth ollamh easbhuidh Laighean


[Pádraig Ó Macháin, ‘Bás File’, Éigse 27, 101-114]


1 Díoth ollamh easbhuidh Laighean,

fuil na sean nár sáruigheadh,

fearchoin a fódmhuigh na bhFionn,

dearbhthair ó ógbhuidh Éirionn.


2 A-táid riamh fa ró mhodha,

an eaglais ’s an ealadha,

an daighríoghradh dár dhual cion,

ag sluagh lainnlíonmhur Laighean.


3 Tugadar Clann Chathaoir Mhóir,

céim do uaisligh a n-onóir,

i Laighnibh roinn is rogha

do Chloinn ainmhir Eochadha.


4 Clann Chathaoir nár chlaon breatha,

díobh a mhná ’s a máithreacha,

do shlonnadh na fola is fearr,

rogha ollamh na hÉireann.


5 Tugadh tús cuilte is corma,

i n-onóir a n-ealadhna,

ón druing do fhóir a n-aicme,

dhóibh [............................]


6 Clann Eochadha, taobh re taoibh,

fuaradar ó Chloinn Chathaoir

sgath na n-iolmhaoineadh dob fhearr,

tar chath fhionnGhaoidheal nÉirionn.


7 Gach onóir dá n-uairsiod riamh

a-tá a-nois - aimsior imchian -

’ga n-ollamhnoibh soir, ó soin,

i moigh thromabhluigh Thuathail.


8 Siad ar a síoth fa slána

do chosg throd is teagmhála,

do chonnmhadh cách re-roile

i ráth fhonnghlan Úghaine.


9 Tarrla dhóibh, laochradh Laighean

- tearc treise nach turnfuidhear -

dream do chomhmoladh a gceart,

earr a n-ollomhan d’imtheacht.


10 Is é an Té do-ní gach ní

tug do Thomás mhac Ruaidhrí

- fear na séad mbuaidh ’s a mbronnta -

éag i n-uair a fhoghanta.


11 Mór don [...]soin do fhásuigh

ón ló teasda an Tomássoin,

file míneang ó Mogha,

fírearr fhine Eochadha.


12 Do laghduigh a méid mheanma,

ríoghraidh na rún naitheardha,

laoich éachtmhora fa mó modh,

do chló céadfadha a gcuradh.


13 Rug orra easbhaidh ana

do bhás mheic Mheic Eochadha,

fear fa teann d’airrdhibh ortha:

Laighnigh gan cheann gconnartha


14 i gcongmháil cháich re chéile,

i n-ionnarbadh aigmhéile,

i ríomh sean na slógh Laighneach,

i gclódh cean na gcomhairleach.


15 Mó sa chách fás a bhfaladh

ó easbhuidh a n-ollamhan;

mian cean gach éanlá orra:

téarná fear a bhfoghlama.


16 Siad ag fadódh a bhfeirge,

gar dhóibh déanamh dibheirge,

cur síoth mar sin gan slána,

do dhíoth fhir a n-eadrána.


17 Fagas dóibh déanamh foghla

ar n-éag dá n-aos ealadhna;

gan bhádh n-éinfhir rer-oile

fa chlár gcéillidh gConaire.


18 Cnuic áille íochtair Laighean

giodh iomlán do hátaigheadh,

cách re héanlá do fhásoigh

an tráth téarná an Tomássoin.


19 Fa síothach riamh a dtaobh theas

go dtorchair Torna Éigeas;

an lá táir ón taoibh theassa,

do sgaoil báidh a mbráithreasa.


20 Go dtorchair Mac Coise ó Chluain,

do shíodhuigh chách sa Chraobhruaidh;

Mac Coise, an dtráigh a thuile? -

táir loise na laochraidhe.


21 Síol mBriain do bhádar mar soin

Mac Liag an lá fá dtorchair:

Síol dTáil fa tréad gan toradh,

táir fa éag a n-ollamhan.


22 Tarla Clann Charrthaigh Chaisil

treimhsi ar an gcor gcéadnaisin

nár slonnadh fa Chliaigh a gceart

i ndiaidh a n-ollamh dh’imtheacht.


23 Tír gan ollamhuin innte

ní bhí gan bhuaidh n-aidhmillte;

a-tá sé i ndán mar dhleaghar,

gá dtám gan é d’fhoillsiughadh?


24 Críoch Laighean - leór do thuisle -

díoth ollamh a heasbhuidhse

a tairthe mar fríoth folamh,

an chríoch dh’aithle a hollamhan.


25 Ní ísligh sreabh dá sreabhoibh,

ní arduigh ioth dh’oireamhoin,

bláth feadh gan tairthe tarrla,

gan aithne ar fhear n-ealadhna.


26 Do mhéaduigh mímheanma a mban,

do ísligh uaill a gcuradh,

a bhfeadhma ar gcúl do cuireadh,

dealbha a ndúl do dorchuigheadh.


27 Dob áluinn, gur athruigh dreach,

niamh a gcúirteadh ’s a gcaithreach

nó gur thriall dul i nduibhe

niamh a mbrugh ’s a mbanchuire.


28 Niamh chrotha chúigidh Laighean

le hurchra gur hathroigheadh

- fonn cneasbhán cheileas a locht -

leigheas easlán ’na hamhorc.


29 Tomás mac Ruaidhrí, rún sgol,

is iongnadh cor na cumhadh:

fir is mná i gciaigh do cuireadh,

lá ’na dhiaidh do dorchuigheadh.


30 Mo chompán, mo chré cheiníl,

imtheacht d’oighre Eibhilín

is críoch don chroidhe thinnse:

díoth oile ní áirmhimse.


31 Tar gach n-éanpháis dá n-uair sin

dár gceannaichne, Rí an ríchidh,

sleagh ’na chíogh dá car chuige,

a díol damh ní docruide. D I O T H OLL A I MH